TRIÚR I ’gCÓR’: Úna Uí Lachtnáin Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Máire Ní Chéileacháir an dara háit comórtas Chorn Uí Riada, Jimmy Ó Ceannabháin buaiteoir Chorn Uí Riada 2011, Éilis Ní Chonghaile an tríú háit Corn Uí Riada agus Patricia Ní Chonghaile ó Ghaelscéal. Bhain Éilis, de dhúchas Choil Nana Pháidín Mhic Dhonncha Rath Chairn, Comórtas Shean-nós na mBan.
|
ÚNA UACHTARÁIN: Scíste seal á ghlacadh ag Uachtarán Oireachtais 2011, Una Uí Lachtnáin.
|
AITHEANTAS BRONNTA: Pictiúr de bhaile an Daingin leis an ealaíontóir Liam O’Neill as Corca Dhuibhne a bronnadh ar Ó Sé, tagairt don líne chlúiteach san amhrán An Poc ar Buile – i nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna. Sa ghrianghraf in éineacht le Seán tá Jackie Ó Muircheartaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Peadar Ó Riada agus Edel Ní Churraoin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.
|
STEIPEANNA I gCOMHAR: Sibéal Davitt, Emma O Sullivan, Edwina Guckian agus Tura Arutura ag cleachtadh a gcuid steipeanna.
|
CAIRDE SAOIL:Dlúthchairde Saol le blianta anuas iad Francoise et Guy Mhaigh Eo. Gaeilge ar a thoil ag Guy agus súil againn go gcláróidh siad don SAOL nua ar líne ag www.gaeilge.ie/saol
|
SAOL AR LÍNE: Mar atá le léamh tá duais de iPad gur fiú €500 é le baint ag éinne atá cláraithe don SAOL nua ar líne ag www.gaeilge.ie/saol. An buaiteoir le hainmniú sa chéad eagrán eile. Deireadh le deiseanna ar an Aoine 25 na míosa seo (Samhain). Sa ghrianghraf tá an tAire Donncha Mac Fhionnalaioch nuair a thug sé cuairt ar sheastán SAOL i gCill Airne, Eibhlín Uí Thórna, Saibh agus Darach Ó Tórna. Bhíodar i mbun díola, ag bailiú ainmneacha agus ag grianghrafú do SAOL!
|
AN tEalaíontóir: Irene Ní Mhuireagáin, Stiúrthóir Cumarsáid Creative, lena mac, Adam, agus a neach, Niamh Nic Enrí, ag baint taitnimh, is léir, as Oireachtas na bliana seo.
|
COMHAR NA gCOMHARSAN: Mairéad Mac Con Iomaire, Bainisteoir Chomhar na Naíonraí Gaeltachta i dteannta le Pádraic Mac Donncha, saoi Ráth Chairn, agus sult á bhaint acu beirt as comhluadar a chéile.
|
COMHAR ULADH: Proinsias Mac a’Bháird, Árainn Mhór, gur seoladh leabhar nua dá chuid, ‘Rún an Bhonnáin’, le linn an Oireachtais agus Mícheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, i gcomhar conallaigh i gCill Airne. Scothaisteoir é fear Leitir Mhic a’ Bhard fosta.
|
DUIBHNIGH: Fearghal Mac Amhlaoibh Dhún Chaoin i gcomhluadar groí scothchainteoir Gaoluinne ón Daingean, Mícheál Toose Mac Gearailt.
|
SUIBHNIGH AN DÚCHAIS: Pléisiúr bliantúil speisialta bualadh le clann Mhic Shuibhne Chroisbealach Rann na Feirste. Beo bríomhar atáid agus ní ionadh sin mar gur bean fhuinniúil í Marie féin. Glacann baill na clainne páirt i gcomórtais éagsúla, idir chainte agus amhránaíochta. I mbliana bhain Joseph an chéad áit sa Chomórtas Dreas Cainte (Faoi 12) agus chroch leis bonn airgid. Bhí Hugh Antaine sa tarna háit sa chomórtas Dreas Cainte (12 - 15). Ní gá a rá ach gur cainteoirí binnbhéalacha iad uile. Sa ghrianghraf i dteannta lena máthair, Marie Nic Suibhne, tá Oweny, Selina, Claire, Hugh Anthony agus Joseph.
|
RÍCHRAOLTÓIR: Rónán Mac Aodha Bhuí RTÉ Raidió na Gaeltachta dteannta le baill foirne Ghaelscéal - Patricia Ní Chonghaile, Caroline Ní Chualáin, Lisa Ní Ghairbhí agus Áine Ní Chuaig agus iad ag baint ceoil as an Oireachtas. Tasc nó tuairisc ar Mhary Aggie!
|
FOINSEOIRÍ: Tuar dóchais dúinn líon na n-iriseoirí óga atá i mbun na ceirde, idir scríofa agus chraolta. Triúr d’fhoireann Foinse, a bhíonn ar fáil san Irish Independent gach Céadaoin, anseo - Sharon Nic Aodha, Orla Bradshaw agus Una Ní Eidhin.
|
RÍ THORAÍ: Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, Rí Oileáin Thoraí, lena chliamhain Dónal Ó Cualáin i mbun feachtais ar mhaithe leis an oileán. Ceoltóirí agus péintéirí iad beirt. Tá go leor eolas le bailiú ach Patsaí Dan Mac Ruaidhrí a Ghoogleáil.
|
NÍ BRÉAG SEO! Baill foirne Fibín, an compántas drámaíochta spleodrach agus ildánach as Conamara, iad Aedín Ní Loideáin, Katie Ni Choileáin, Síle Ní Chonghaile agus Cristín de Mordha. Is féidir teacht ar eolas faoin gcomplacht drámaíochta agus léiriúcháin seónna puipéid samhaltacha i ngaeilge seo ag 091 505 855.
|
SAOITHE: Donncha Ó hÉalaithe, scríbhneoir agus taighdeoir, i dteannta le Pádraic Ó Ciardha, leascheannasaí TG4, beirt atá i lar aonaigh na teanga le blianta torthúla anuas.
|
EALAÍONTÓIRÍ: Tadhg Mac Donnagáin agus Pól Ó Ceannabháin- Pól Mhichael Mháire an Ghabha as Carna - deartháir leis an amhránaí Caitríona Ní Cheannabháin. Amhránaí breá é Pól é fhéin. Ceoltóir agus cumadóir bisiúil é Tadhg agus is fiú bualadh isteach chuig www.futafata.ie chun blas a fháil ar a chuid cruthaíochta ildánaigh. Fón: 091/504612.Iad beirt ag baint ceoil as imeachtaí an Oireachtais.
|
CLANN UÍ DHONNGHAILE: Saghas ócáid bhliantúil anois an ‘photo-shot’ seo ach gurb é Darach Ó Tórna a bhí i mbun ceamara. Cathal agus Bríd Ó Donnghaile as an Charraig Mhór, Tír Eoghain le Loinnir (17), Seimhín (15), Lóchrann (13), Dearcán (12), Néamhann (10) agus an fear mór Reannán (8).
|
DUIBHNIGH 2: Ní rófhada ón bhaile a bhí na Duibhnigh Tina Ní Ghrifín, Joan Lyne, Katie Ní Mhuircheartaigh agus Seosaimhín Ní Fhaoláin. Seans go bhfuil féith na caide i dTina agus i Joan!
|
CEADAGÁNAIGH CHLÉIRE: Seo dhaoibh na Muimhnigh Mícheál John Ó Ceadagáin, urlabhraí Oileáin Chléire, a bhean chéile Síle, iarleabharlannaí an oileáin, agus iníon na beirte, Máiréad, atá ag obair i bhForas na Gaeilge.
|
IS FÁNACH AN ÁIT….Muiris Bric, atá buanaithe i Meiriceá agus go seolfaí SAOL sall chuige le 20 bliain anuas, Pádraig Ó hÉalaí, scoláire, agus Clár Bean Uí Loingsigh, scoth-aisteoir, ag baint láncheoil as comhluadar a chéile i nGaoluinn bhlasta Chorca Dhuibhne.
|
COMHAIRLEOIRÍ CNEASTA: Ellen Uí Chaoimh agus Méadhbh Nic Aodhgáin a bhí i mbun seastán Chomhairle Chontae Chiarraí. Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge na Comhairle agus flosc air chun oibre. Teacht air ag 066/7183532 nó ag r.oheartain@kerrycoco.ie nó fós ag gaeilge@kerrycoco.ie
|
ÁR dTEIDLÍOCHTAÍ: Damhnait Uí Mhaoldomhnaigh a bhí i mbun scaipeadh agus roinnt eolais ag seastán an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Mar is léir ón ngrianghraf gabhann cneastacht le cumas Dhamhnait. De dhúchas Charraig Mhachaire Rois í, iníon Pheadair, saoi séimh na teanga sa chontae, ar dheis Dé go raibh sé.
|
FORAS NA GAEILGE: Bhí Breandán Mac Craith gnóthach go maith agus idir eolas agus dheiseanna teagmhála agus ghnó á bhfógairt gan trácht ar roinnt bronntanas deas don óige go háirithe a bhí le haimsiú ag seastán an Fhorais.
|
Ó am go ham cloistear an nath ‘Ba é seo an tOireachtas ab fearr riamh’. Bíodh seo fíor bréagach - agus ní féidir go mbeadh sé i gcónaí fíoraithe - bhí sé le cloisint i mbliana arís. Ach is cinnte go gciallaíonn seo go raibh scoth Oireachtas againn i gCill Airne. Bua mór nárbh ghá ach siúlóid cúpla nóiméad faoin aer chuig The Brehon chun teacht ar na comórtais ardáin agus go raibh gach eile faoi aon dian an INEC ollmhóir. Ní sin amháin ach go raibh an tÓstán Gleneagle féin faoin aon dian sin. Is fánach an áit a mholfadh fir tacsaí cursaí ach is as béal duine díobh a chuala an fhianaise cinnte go mba chun tairbhe an bhaile féin an tOireachtas. I gcomhrá leis dúirt go raibh bliain fhíormhaith acu sa bhaile agus liostáil na mórimeachtaí a choinnigh an méadar aige féin ag ticeáil go beo - an galf, na rásaí, Summerfest, srl. Go sonrach ina measc ‘the Irish event’. Ní thógfaidh Liam Ó Maoladha sin air sílim mar ní le haon dímheas ach a mhalairt a mhol sé na buntáistí eacnamúla a bhain an baile as na mílte de lucht freastail na seachtaine.
Cad eile a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine? Gan dabht na sluaite den óige, déagóirí go háirithe agus iad ag spaisteoireacht thart nó ag glacadh páirte sa réimse mór comórtas nó taispeantas. Bhí 40 comórtas ar fad ar chlár na féile. Gnéithe eile líon na n-iomaitheoirí a bhí ‘istigh’ ar na comórtais sean-nóis damhsa agus scéalaíochta ar fhianaise go bhfuil ‘sean’ nuachruthaithe agus beo beathach, agus gan dabht 1,400 duine a d’éist leis na fonnadóirí i gComórtas Chorn Uí Riada sa halla. Ach bhí chomh maith ar an imeall na taispeántais, na seoltaí leabhar agus dlúthdhioscaí, na léachtaí, na siompóisiamaí, na cruinnithe, srl. Léiriú ar bheocht na teanga na seastáin éagsúla in ollhalla na dtaispeántas agus idir eolas, comhairle agus léirithe sna modhanna teicniúla is nua-aimseartha orthu agus, gan amhras, ‘freebies’ le haimsiú.
Bua mór na hócáide go gcastar na cairde ó gach cearn na hÉireann agus ón iasacht ar a chéile - atmaisféar clainne gaeil le mothú. Moladh mór do Liam, Emer, Loretta agus Máirín i gcroílár an tsaothair uile agus dóibh siúd uile a chuidigh leo.
Oíche Dé Sathairn bhronn RTÉ Raidió na Gaeltachta gradam speisialta ar an amhránaí Seán Ó Sé as Corcaigh mar aitheantas ar an obair mhór atá déanta aige le ceol, teanga agus cultúr na tíre a chur chun cinn. Le linn Chorn Uí Riada, á bhí á chraoladh beo ón INEC i gCill Airne ar Raidió na Gaeltachta, bhronn Peadar Ó Riada pictiúr leis an ealaíontóir Liam O’Neill ar Ó Sé, agus léigh sé dán faoi a bhí cumtha aige don ócáid. Bhí Seán Ó Sé ar dhuine de bhaill an ghrúpa Ceoltóirí Chualann a bhunaigh athair Pheadair, Seán Ó Riada. Is dlúthchairde iad Ó Sé agus Peadar Ó Riada ó shin, agus is iomaí togra ceoil a thug siad faoi le chéile chomh maith.
Le linn a chuid cainte, mhol Peadar Ó Riada flaithiúlacht Uí Shé agus dúirt fear uasail agus laoch a bhí ann. Mhol sé binneas a chuid amhránaíochta, a scil sa scéalaíocht, a chumas mar mhúinteoir agus chríochnaigh sé le beannacht air.
Seán Ó Sé, a dhaoine uaisle, is ainm don tréanfhear
Is cuirídh roimis fáilte le grá is gach dea-mhéine
Is impím ar Mhuire, ar Fhionnbarra, is Gobnait Naofa
É chaomhnú ‘nár bhfochair, gurb fada buan a thréimhse.
Tá slám grianghraf againn anseo díbh a thabharfaidh blaisín de mhórócáid agus ceiliúradh seo na Gaeilge. Bigi ag reiteach le haghaidh Leitir Ceanainn 2012!
Torthaí uile na gcomórtas le fáil ag www.antoireachtas.ie
ÚNA UACHTARÁIN: Scíste seal á ghlacadh ag Uachtaran Oireachtais 2011, Una Ui Lachtnáin.
|
|
|