|
 |
|
Craiceáilte ar son na cúise >>
|
|
Bhí Dáithí Ó Dronnaigh, an fidléir cumasach a bhain clú agus cáil amach ar na cláracha teilifíse ‘Must Be The Music’ ar Sky TV agus ‘All Ireland Talent Show’, chomh maith leis an sár-ghrúpa ceoil Henrietta Game, as Baile Átha Cliath, an t-amhránaí réabhlóideach Feargal Ó Béarra as An Spidéal i gConamara, Na Stone Throwers as Béal Feirste, agus an sár-amhránaí, Gráinne Holland, i measc na gceoltóirí a bhi ar an ardán ag Cabaret Craiceáilte le déanaí Tigh Hiúdaí i nGaoth Dobhair. Bhí an teach lán go doras, mar is gnáth, agus tá blaisín den chraic uilig ar fáil sna grianghrafanna seo.
|
|
|
 |
|
Rian na gCos! >>
|
|
Rinne Páraic Breathnach, Bainisteoir Ionad Ealaíon na Gaillimhe, eolas agus bróisiúr faoi rian ceardaíochta Ghaeltacht Chonamara a sheoladh an mhí seo caite i gCeardlann an Spidéil.
|
|
|
 |
|
An Star is fearr >>
|
|
Bhí oíche mhór in Óstán an Burlington ag bronnadh Ghradaim Mhargaíochta na hÉireann. Ba dhóighiúil go maith iad lucht gnó na tíre a bhí i láthair ar an oíche agus iad gan bun cleite istigh ná barr cleite amuigh. B’iontach spreagúil iad na hóráidí misniúla a thug Uachtarán na tíre Máire Mhic Ghiolla Íosa agus an Fiontraí mór le rá Denis O Brien. Tá Foras na Gaeilge mar phríomhpháirtí Gaeilge ar an ócáid seo atá eagraithe ag Institiúid Mhargaíochta na hÉireann agus bronntar duais ar an Ghnó is fearr le Gaeilge ar an oíche
|
|
|
 |
|
Sport agus Spraoi >>
|
|
Ar na mallaibh tháinig na Bunscoileanna áitiúla uilig le chéile le Lá Spóirt a bheith acu. Le fás agus forbairt na mBunscoileanna i gceantar Lár-Uladh ba léir go raibh easpa imeachtaí trí mheán na Gaeilge ar fáil dóibh. Bhí Coláiste Phádraig iontach sásta lá imeachtaí spóirt a chur ar fáil dóibh. Bhí páistí ó Ghaelscoil na Speiríní (Móin an Ionaidh), Bunscoil Naomh Cainneach (Dún Geimhin) agus Bunscoil Naomh Bríd (Tír Chíana) i láthair don ócáid.
|
|
|
 |
|
SpóirtGaeil >>
|
|
Is léir go raibh bliain ar leith i gColáiste Phádraig maidir leis an spórt. Baineadh 11 corn taobh istigh de 10 mí gan trácht ar na comórtais atá siad go fóill san iomaíocht orthu. Ba shuntasach an tionchar a bhí ag daltaí le Gaeilge ar na foirne sin. Bhí céim stairiúil bainte amach nuair a thóg an scoil corn uile Éireann na hiomána, Corn Uí Caoimh don dara huair. Bhí seachtar Gaeilgeoir ar an fhoireann sin. Liam Óg Ó Flannagáin, Tiarnan Mac Bhloscaidh, Stiofan Mac Uiginn, Micheal Warnock, Brian Óg Mag Uilleagán, Cormac Gastún agus Seosamh Ó Lochlainn.
|
|
|
|
|