Meitheamh 2011
San Eagrán seo
Oireachtas

Ní clár Chomórtas Peile na Gaeltachta a soláthraíodh ag C.L.G. Chloch Cheann Fhaola dos na cluichí agus imeachtaí uile eile i mbliana ach leabhar de 216 leathanach. Seo breacaithe le gach eolas faoi na seacht cinn déag d’fhoirne móide grianghraif díobh agus des na Cailíní Gaelacha. Ach ina theannta altanna bainteach le stair an chumainn féin, eolas faoin Falcharrach agus an ceantar gaeltachta máguarid le dosaen leathanach inar léiríodh a áileacht ilghnéitheach seo i ngrianghraif daite, sainchuimhni ar laochra na peile agus an chlub atá imithe ar Shlí na nGael agus ar scata díobh seo ata fós ina bpeil bheatha, ainneoin mar riarthóirí agus cóisteoirí. Suas le ceithre scór cloigne a d’oibrigh go deonach chun ‘deisiú a chur ar a bpáirc imeartha, agus ar na foirgnimh eile a bhí ar an suíomh’. Bheadh costas €1.5 milliún de dhíth chun an saothar seo uile a chur i gcrích ach ‘bhí Paróiste Chloch Cheann Fhaola fágtha ar an mheá fhada arís maidir le tacaíocht fiúnta airgid ó roinn stáit’. Tógadh faoin athchóiriú ar bhonn deonach agus ba í an mheitheal sin a rinne mar a rinneadh go héifeachtach. Thug conraitheoirí áitiúla iasacht inneall agus uirlisí. Ní raibh a dhath ar bith ag cur isteach ar achan ghné d’eagrúcháin an deiridh seachtaine fada féin ach an doineann ar an chéad dá lá. Thuit na tuillte go mb’éigean dhá pháirc sa mbreis a úsáid agus cúpla ceann de chluichí na n-óg a chur siar ionnas go mbeadh an phríomhpháirc réidh dos na cluichí ceannais ar an Luan. Bhisigh an aimsir, thrimigh an pháirc agus chonacthas dhá chluiche bhreá agus gan ach cúilín amháin idir na sóisearaigh agus cúpla ceann idir na sinsearaigh ar deireadh. Slua breá i láthair, bannaí an pharóiste ag mairseáil go ceolmhar agus go bródúil, RTÉ RnaG agus TG4 i láthair agus is cinnte go gcuireann an treallach sofaisticiúil a ghabhann le craoltóireacht an lae inniu go mór le h‘ócáidiúlacht’ an chomórtais.

Mar sméar mullaigh ar an soláthar bhí dhá bhróisiúr bhreise curtha ar fáil - Leabhrán Eolais agus Clár na gCluichí Ceannais le hainmneacha na n-imreoirí uile le léamh ann. Scata de ghrianghraif anseo agaibh, a léitheoirí, chun blas éigin den ócáid a chur in bhur láthair.