Éimear Ní Chonaola, Pearsa Teilifíse na Bliana
|
Mícheál i dteannta le Liam O Maolaodha, Stiúrthóir, Oireachtas na Gaeilge agus Gary Desmond, Príomhfheidhmeannach Gala Retail.
|
Diarmuid de Faoite (Cathal Mac Iarnáin sa tsraith teilifíse 'Corp & Anam' ar TG4) a bhain an gradam Aisteoir na Bliana. É i dteannta anseo le Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir, Oireachtas na Gaeilge agus Gary Desmond, Príomhfheidhmeannach Gala Retail.
|
NÍ NEART GO: Baill fóirne TG4, Tomás Ó Síocháin agus Tomás Ó Neachtain ag tacú i gcónai le hEimear Ni Chonaola agus iad dteannta anseo le Mairín Nic Dhonnchadha,Riarthóir, Oireachtas na Gaeilge agus Gary Desmond, CEO Gala. Is de bharr léiriú agus craoladh Díospóireacht na gCeannairí 2011 ar TG4 le linn an toghchain a bhaineadar a GRADAM SPEISIALTA OIREACHTAS NA GAEILGE 2011.
|
EOGHAN BUACACH: An Feirsteach, Eoghan Ó Néill, Eagarthóir Nuacht 24, a bhain Gradam Iriseoir na Bliana.
|
Ainmníodh Lisa Ní Laoire don ghradam Aisteoir na Bliana dá ról 'Molly' i Ros na Rún i mbliana.
|
Ainmníodh Áine Goggins don ghradam 'Pearsa Teilifíse na Bliana' agus 'Sraith Teilifíse na Bliana' dá clár 'Ó Tholg go Tolg'.
|
Ainmníodh Colm Mac Donnchadha do ghradam Aisteoir na Bliana dá ról Tom Bán sa dráma 'Ortha na Seirce'.A bheanchéile,Sorcha,ina theannta anso.
|
Jo Ní Chéide and Marian Ní Shúilleabháin,beirt clár reachtairí RTÉ Raidió na Gaeltachta.
|
Loretta Ní Churraighín, Feidhmeannach, Oireachtas na Gaeilge, agus scíste a ghlacadh aici taréis diansaothair eagrúcháin na hocáide..
|
Meadhbh Ni Eadhra an scríbhneoir agus í ag baint taitneamh as an ócaid.
|
Micheál D. O hUiginn, ábhar Uachtaráin na tíre seo, i dteannta lena bheancheile, Sabina Coyne.
|
Emer Ní Chéidigh, eagarthóir Foinse, i dteannta le Daithí Ó Sé ag Bronnadh na nGradam in Óstán Myrick na Gaillimhe.
|
Bliain ar leith atá inti d'Eimear Ní Chonaola, léitheoir nuachta TG4, a bhí ina cathaoirleach i mí Feabhra ar an gcéad díospóireacht teilifíse i nGaeilge riamh idir ceannairí na bpáirtithe polaitíochta agus atá tar éis trí cinn de ghradaim cumarsáide náisiúnta a thabhairt léi anois. Rug Eimear gradam Gala Gael Star na bliana seo léi, chun tosaigh ar Dhaithí Ó Sé, Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus Síle Seoige, ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala a bhí ar siúl in Óstán Meyrick i nGaillimh anocht (Dé hAoine, an 27 Bealtaine). Is uirthi a bronnadh (don dara bliain as a chéile) an gradam do Phearsa Teilifíse na Bliana chomh maith agus is í a ghlac thar ceann fhoireann Nuachta RTÉ/TG4 le gradam speisialta mar gheall ar bheartaíocht barr feabhais sa chraoladh ar an gcéad díospóireacht teilifíse i nGaeilge idir ceannairí na bpáirtithe polaitíochta le linn fheachtas an olltoghcháin 2011.
Ba í an Láithreoir Teilifíse Maura Derrane a chuir Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala i láthair. Oireachtas na Gaeilge a eagraíonn na Gradaim d'fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar na láithreoirí teilifíse agus raidió, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár a bhfuil cion thar na bearta déanta acu sna meáin chumarsáide Gaeilge le bliain anuas.
“Tá an-ríméad orm faoi na gradaim seo,” arsa Eimear Ní Chonaola. “Is iontach an bhliain agam í go dtí seo, díospóireacht na gceannairí i mí Feabhra agus na gradaim seo anois - cúis bhróid dom gan dabht. Tá mé ag freastal ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala le blianta agus is mór an onóir dom na gradaim seo a bhreith abhaile liom anocht. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine a vótáil ar mo shon maidir le gradam Gala Gael Star na bliana agus leis an bhfoireann uilig i Nuacht RTÉ/TG4 a rinne éacht ceart san obair ar dhíospóireacht cheannairí na bpáirtithe polaitíochta agus ar fheachtas an olltoghcháin," a deir sí.
Is é craoltóir na mblianta fada, Mícheál Ó Muircheartaigh, a fuair an Gradam Saoil i mbliana mar gheall ar a bhfuil déanta aige ar son na craoltóireachta agus ar son na Gaeilge le tamall fada anuas.
Thug an léiriú de chuid Magamedia, Corp Agus Anam, dhá ghradam leis; an ceann do Shraith Teilifíse na Bliana agus an ceann d'Aisteoir na Bliana a bronnadh ar Dhiarmuid de Faoite mar gheall ar a chuid aisteoireachta i bpáirt an tuairisceora nuachta, Cathal Mac Iarnáin. Is í Eibhlín Ní Chonghaile in RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuaigh an gradam do Láithreoir Raidió na Bliana agus Rónán Mac Aodha Bhuí ón stáisiún céanna a thug leis an gradam do Chlár Raidió na Bliana mar gheall ar an gclár lár tráthnóna ‘Rónán Beo @ 3’.
Is ar Eoghan Ó Néill, eagarthóir Nuacht 24 a scríobhann don nuachtán Gaelscéal freisin a bronnadh an gradam d'Iriseoir na Bliana agus is é Alan Titley Colúnaí na Bliana mar gheall ar a chuid saothair don Irish Times sa cholún ‘Crobhingne’.
|