Saol na Gaeilge ar an idirlíon amháin as seo amach
Beidh athruithe suntasacha ar Saol na Gaeilge as seo amach. Níos mó idirghníomhaíochta agus páirt níos mó ag ár léitheoirí i gceist. Chuige sin léireofar deiseanna breise díbhse bheith i gcomhar linn i bplé, i dtuairimíocht agus i soláthar ábhar. Táimid ag dúil le heolas cuimsitheach a sholáthar faoi gach a bhaineann le saol na Gaeilge ‘ar an dtalamh’. Leithéidí ranganna, cúrsaí, ciorcail comhrá, grúpaí cuideachta agus cainte, imeachtaí éagsúla, idir chultúrtha agus shóisialta na Gaeilge, in Éirinn agus i gcéin.
People often ask where they can come upon irish classes or conversation groups. There are many and we hope to build up a composite listing of as many as possible. So you can help us letting us know of any such opportunites which you know of for learners or for those with some irish nó ar mhaithe leo siúd go bhfuil meirg tagtha ar a gcumas cainte nó scríofa sa teanga..
Fáilteofar, dá bhrí sin, le heolas uaibhse ag nuacht@saolnagaeilge.com
Beidh comórtais éagsúla i dteannta le buanduais de €200 le buachaint. Ach beidh na sheanchomrádaithe fós libh, Leathanach na bhFoghlaimeoirí, an crosfhocal, na hagallaimh, Aerscéalta, Léirithe Lárnacha, Saol na Gaeilge léirithe, thall agus abhus, le neart grianghraf. Beidh Saol na Gaeilge beo bríomhar agus i gcomharníos mó libhse - ár léitheoirí
Colm Ó Tórna
Eagarthóir.
Bígí linn agus Cláraigh anseo.
|