Meán Fómhair
2011
San Eagrán seo
Baile
AITHEANTAS CUÍ: Mar comhartha buíochais don dúthracht atá caite agus an tacaíocht atá tugtha aige do lucht Ghlór Bhreifne agus iad i mbun láithreacht na teanga a bhuanú in imeachtaí Fhleadh Cheoil na hÉireann bhronn Ger Flynn, Bainisteoir Chomhairle Bhaile an Chabháin, pictiúr ar Eamonn Ó hArgain.

Bhí an Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha i bhForas na Gaeilge, Éamonn Ó hArgáin, i láthair chun clár na n-imeachtaí le linn Sheachtain na Gaeilge ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 sa Chábhán a sheoladh. Bhí Seachtain na Gaeilge, le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ar siúl ón 14 go dtí an 22 Lúnasa.

Is cuid dhílis den Fhleadh Cheoil an clár imeachtaí Gaeilge seo anois trína spreagtar daoine de gach aoisghrúpa chun nithe a dhéanamh trí Ghaeilge. I measc na n-imeachtaí tá scéalta Gaeilge do leanaí, tráth na gceist boird, ranganna ceol rap trí Ghaeilge, léachtaí, turas oidhreachta agus staire agus céilí mór nach ceart a chailleadh.

“Is breá linn urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag an bhFleadh Cheoil arís i mbliana,” a dúirt Éamonn Ó hArgáin. “Is é atá i gceist le Seachtain na Gaeilge taitneamh a bhaint as an gcuid is fearr den ealaín trí Ghaeilge agus tá na himeachtaí ar fad fite fuaite leis an réimse ilghnéitheach imeachtaí cultúir a bhíonn ar fáil ag an bhFleadh.”

Ag labhairt dó ag seoladh Sheachtain na Gaeilge ag an bhFleadh thréaslaigh Éamonn Ó hArgáin a dúthracht i leith na Gaeilge le linn a téarma oifige leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa. “Ar a theacht in oifig don Uachtarán Mhic Giolla Íosa, chuir sí roimpi an Ghaeilge a fhoghlaim arís," a deir sé. "Thug sí faoi sin a dhéanamh ar bhealach inmholta, á tomadh féin i ndianranganna Gaeilge, d'fhreastail sí ar imeachtaí Gaeilge agus d'úsáid sí an Ghaeilge go rialta agus í ag labhairt go poiblí. Bhí an tUachtarán Mhic Giolla Íosa ina lóchrann eolais roimh gach duine ar mhian leo feabhas a chur ar a gcumas Gaeilge agus is ábhar bróid dúinn an leibhéal líofachta a bhain sí amach le linn a tréimhse in Áras an Uachtaráin,” arsa an tUasal Ó hArgáin.

I gCOMHAR LE CHIARÁN: Ciaran Hanrahan ag baint lánsuilt as mion ‘Ceilí House’ speisialta a chuir baill d’óige Chraobh an Chábháin de Chomhaltas Ceoltoirí Éireann ar siúl dó.

TUAIRISC AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE

le Pádraig Ó Cuinneagáin.

Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl ón 13 go dtí an 22 Lúnasa le meascán breá d'imeachtaí scéalaíochta agus taispeántais ealaíne agus, ar ndóigh, ceol chomh maith agus atá ar fáil ar domhan.

Bhí seachtain mhór mhaith sa Chabhán ón 13ú – 22ú Lúnasa, nuair a reáchtáileadh Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 ann don dara bliain as a chéile. Tuairiscítear go raibh os cionn 300,000 i láthair d’imeachtaí na seachtaine agus de réir gach tuairisc bhí scoth an cheoil, damhsa, amhránaíochta, imeachtaí ealaíne agus cultúrtha mar aon le Gaeilge bhinn na nGael i mbaile bríomhar an Chabháin. Tá áit lárnach ag an Ghaeilge ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus chuige sin reáchtáiltear Seachtain na Gaeilge mar chuid lárnach de chlár Fhleadh Cheoil na hÉireann. Is a bhuíochas do thacaíocht fhial Fhoras na Gaeilge atá clár Sheachtain na Gaeilge maoinithe. Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge curtha le chéile ag Coiste Gaeilge na Fleidhe, Glór Bhréifne, Leabharlann Cheannais an Chabháin agus Comhairle na nÓg, An Cabhán.

Bhí Ionad na Gaeilge lonnaithe ar an Phríomhshráid agus é ar oscailt ón Luan 14ú go dtí Dé Domhnaigh 21ú. Bhí sruth mór daoine istigh agus neart Gaeilge á labhairt ag daoine de gach réimse aoise, cumais agus as áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Bhí daoine ann ó Seattle, Brisbane, Bristol, Glaschú, London, Moscow, An Fhrainc agus as gach carn de thír ghlas cheolmhar na hÉireann. Bhí go leor eolais ann faoin Ghaeilge agus seastán eolais ag Foras na Gaeilge, Glór Bhréifne, Glór na nGael agus Gaelscéal. Bhí meitheal de chainteoirí áitiúla Gaeilge i láthair chun fáilte chroíúil Ghaelach a chur roimh chuairteoirí go dúiche álainn Bhréifne. Bhí taispeántas ealaíne ann ina raibh comórtas ealaíne Bhunscoileanna Chontae an Chabháin, comharthaí gnó mheánscoileanna an Chabháin agus taispeántas ann ó Champa Samhraidh Ghlór Bhréifne 2011 - ealaín & DVD.

Bhí neart imeachtaí éagsúla ar siúl in Ionad na Gaeilge a mheall daoine isteach agus a thug deis dóibh an Ghaeilge a labhairt le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann 2011, sa Chabhán. I measc na n-imeachtaí siúd bhí, Bain Triail As! / Irish, Have a go!, áit a raibh deis ag daoine buaileadh isteach don seisiún comhrá Gaeilge. Chuir Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, scoláireacht ar fáil mar dhuais do lucht freastail na hócáide seo. Bhí fonn mór amhránaíochta ar dhaoine agus iad i láthair do na seisiúin slua-amhránaíochta i nGaeilge do pháistí óga agus dhaoine fásta. Cuireadh tús ceart le cúrsaí na Fleidhe le Seirbhís Éacúiméineach oíche Dé Luain, in Eaglais na hÉireann. Seirbhís dhátheangach a bhí ann agus bhí an téama, Ceiliúraimis ár dTallanna le Chéile, le béim ar leith ar rannpháirtíocht an aois óig mar chroílár na hócáide seo. Bhí an tseirbhís faoi stiúir Canón Mark Lidwill agus cúrsaí eaglasta na fleidhe á reachtáil ag Angela Reilly. Cheiliúir an tEaspag Leo Ó Raghallaigh Aifreann lán-Ghaelach na Fleidhe, Dé Domhnaigh 21ú in Ardeaglais Naomh Pádraig & Feidhlimidh. Bhí an Ardeaglais lán go doras agus an t-aifreann seo á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta.

Bhí scéalaíocht Ghaeilge do pháistí óga ar siúl ar an Déardaoin agus cuireadh béim ar leith ar imeachtaí Gaeilge do dhéagóirí tríd an chlár cuimsitheach a bhí curtha le chéile ag Bréifne Ó Cléirigh agus Coiste na nÓg, An Cabhán. I measc na n-imeachtaí siúd bhí an tionscnamh múrmhaisthe, Mol an Óige agus cláracha Gaeilge ar Raidió Pobail an Chabháin. Reáchtáileadh Céilí na nÓg, Cosa san Aer agus an Dioscó Trad, Subh Samhraidh. Bhí ceol rap agus comhaimseartha ar siúl le Bubba Shakespeare agus Mo Hat Mo Gheansaí. Bhain gach duine i láthair an-sult as an seó puipéid de chuid Fíbín ina raibh finscéalta ó aimsir na bhFiann go dtí an lá atá ann inniu! Reáchtáileadh ceithre cinn de léachtaí le hábhair spéisiúla; George Sigerson, Lúnasa, Sloinnte na hÉireann agus an Ghaeilge i gCeanada. Ba iad na léachtóirí ná; Dónall Mac Anallen, Dr. Seosamh Mac Muirí & Dr. Sarah Mc Monagle.

B’ócáid ar leithe é Seoladh Sheachtain na Gaeilge a reáchtáileadh Dé Máirt 16ú san ionad ealaíne agus cultúir, The Backyard, Eochoill, An Cabhán. Bhí timpeall 300 i láthair chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr agus oidhreacht iontach Bhréifne, le hamhráin, scéalaíocht, ceol, damhsa, agus filíocht. Bhí an ócáid faoi stiúir ag Méabh Ní Shioradáin agus bhí Jack Keyes Cathaoirleach na Fleidhe, Peadar Ó Brádaigh Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Éamonn Ó hArgáin Foras na Gaeilge, Séamus Mac Cormaic Uachtarán C.C.É. agus Seanadóir Labhras Ó Murchú, Ard-Stiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, i measc na n-aoichainteoirí. Bhí féasta ceoil againn ó cheoltóirí óga C.C.É. Chraobh an Chabháin, damhsa scuaibe agus slua-amhránaíocht. Bhí eolas ann ar an réimse leathan imeachtaí Gaeilge a bhí ar siúl le linn na seachtaine.

Reáchtáileadh Tráth na gCeisteanna trí Ghaeilge ar an Chéadaoin 17ú. Bhí slua mór i láthair don ócáid a bhí faoi stiúir ag Eoghan Ó Casaide Bhí boinn speisialta deartha do na buaiteoirí agus iad urraithe ag Coiste Gaeilge an Gharda Síochána. Bronnadh teastais rannpháirtíochta mar aon le buanchorn Tráth na gCeisteanna Sheachtain na Gaeilge a bhí urraithe ag Elegant Gems, An Cabhán. Táthar ag siúl leis an ócáid seo a reáchtáil mar bhuanimeacht Ghaeilge de chuid na fleidhe as seo amach. Bhuaigh foireann as Ciarraí an comórtas agus b’amhlaidh an scéal é do chomórtas sinsearach na mbannaí céilí. An-chomhartha é seo do chúrsaí peile agus Corn Sam Mhig Uidhir!

Bhí Turas Oidhreachta, Staire agus Dinnéar ar siúl Déardaoin 18ú, go dtí an ceantar álainn mórthimpeall Lough Síleann in Oirdheisceart Chontae an Chabháin. D’fhreastail slua breá ar an turas a bhí eagraithe ag Peadar Ó Brádaigh agus bhí tacaíocht cheolmhar aige ó Antóin Mac Gabhann, Brian Ó Roideáin agus eolas suimiúil ag Joe Moynagh. Bhí daoine i láthair ó Éirinn, An Astráil agus an Ísiltír. Bhí na háiteanna a leanas faoi chaibidil ar an turas; An Cabhán – An Chill Mhór – Leac Chuimhneacháin Cpt. Ó Sioradáin - Béal Átha na nEach – Mullach Fhuaráin, Baile Mhic Aodha, Cloigtheach Mhig Uidhir – Fiodh an Átha – Loch Síleann – Baile Shéamuis Dhuibh / Músaem – Cill na Leice, (Leac Chuimhneacháin, Dr. Brian Ó Geallagáin, duine de bhunaitheoirí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann) agus dinnéar breá cois Loch Síleann in Óstán Tigh Chruabhairr. Críochnaíodh an lá le seisiún ceoil agus amhránaíocht Tigh Uí Bhrádaigh, Cill na Leice.

Bíonn an Scoil Éigse ar siúl le linn sheachtain na fleidhe agus os cionn 1,000 ag freastal ar na ceardlanna ceoil agus eile. Bhí ceardlanna i labhairt na Gaeilge agus amhránaíocht Ghaeilge ar siúl le linn an Scoil Éigse, 15ú – 19ú Lúnasa. Bíonn freastal ó na ceithre airde ar an Scoil Éigse agus chuir sé go mór le beocht bhaile an Chabháin. Tá neart comórtas Gaeilge ar siúl mar chuid de chomórtais Fhleadh Cheoil na hÉireann. I measc na gcomórtas siúd tá; Amhránaíocht Ghaeilge, Amhráin Nua-Ghaeilge agus Comhrá Gaeilge. Chuir Coiste Gaeilge na Fleidhe bróisiúir le chéile mar eolas laethúil ar na himeachtaí agus tionscnaimh Ghaeilge a bhí ar siúl le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann 2011.

Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceiliúradh 60 bliain i mbliana agus cuireadh béim air seo le linn na seachtaine. Bhí neart imeachtaí ceoil agus ceolchoirmeacha ar siúl ar an Gig Rig, sa Dome agus ins na hionaid éagsúla tríd an bhaile. Bhí go leor breis imeachtaí teaghlaigh agus ealaíne ar siúl leis an Lá Teaghlaigh, Mórtas an Chabháin, Paráid na Fleidhe, Cistin Chití, Amharclann Gonzo, Damhsa – Flashmobs, Curiarracht Domhanda leis an Damhsa Scuaibe, an Bus Obscura, An Fhleadh Ghlas, An Sráidbhaile Ceardaíochta agus Bia, agus na céadta rud eile! Bhí spiorad ar leith sa Chabhán agus ba léiriú é seo breis agus 1,200 oibrí deonach a thug a gcuid ama go flaithiúil le go mbeadh an fhéile rathúil, spleodrach agus bríomhar.

Beidh ionad Fhleadh Cheoil na hÉireann 2012 fógartha mí Mheán Fómhair agus níl aon amhras ná go bhfuil muintir an Chabháin ar bís le go mbeadh an Fhleadh ann arís. Níl aon amhras ná go bhfuil coincheap na fleidhe athraithe go mór ó tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go dtí an Cabhán i 2010. Le cuidiú Dé beidh ‘Cabhán na nIontas’ le sonrú arís ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2012!

Coiste Gaeilge Fhleadh Cheoil na hÉireann 2011: Cathaoirleach; Peadar Ó Brádaigh, Leas-Chathaoirleach; Meabh Ní Shioradáin, Rúnaí; Eibhlín Mhic Brádaigh, Cisteoir; Iognáid Ó Muircheartaigh, Uinseann Ó Maoilmheadha, Sr. Cití de Bhailís, Carmel Uí Chíosóg Mhic Gabhann, Eoghan Ó Casaide, Fiona Uí hAodha, Séamus Mac Giolla Bhríde, Stiofán Mac Amhalghaidh,Bríd Ní Dhóláin, Pádraig Ó Cuinneagáin.

Eolas: Glór Bhréifne, Glór na nGael & Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge, 51 An Stáisiún Traenach,Béal Tairbirt, Co. an Chabháin
http:// forum.cavancommunity.ie/Glorbhreifne

ó chlé:

  1. GEARÓID GAELACH! Comhrá Gaeilge, 13- 15 Bliain. Gearóid Ó Cróinín, Port Mearnóg, Áth Cliath, a bhain an tríú háit sa chomórtas ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Grianghraf: Finbar O'Donoghue Photography.
  2. AOIFE AINGEALACH! Cláirseach thar 18 bliana. Aoife Ní Argáin, Cill Fhionntáin, Áth Cliath, a bhain an chéad áit sa chomórtas ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Grianghraf: Finbar O'Donoghue Photography.
  3. NIAMH NEAMHAÍ: Amhráin i nGaeilge faoi 12 bliain Niamh Blennerhasset, CCÉ, Craobh Naithí, Átha Cliath, a fuair an dara háit sa chomórtas ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Grianghraf: Finbar O'Donoghue Photography.
  4. CIARÁN CAITHRÉIMEACH! Bodhrán 15 -18 bliain. Bhain Ciarán Mag Uidhir, CCÉ, Craobh Seán Treacy i dTuaisceart Átha Cliath an chéad áit sa chomórtas ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Grianghraf: Finbar O'Donoghue Photography.