Príomhscéalta
Agallaimh
Foghlaimeoirí
|
||
Ros na Rún8.30pm gach Máirt agus Déardaoin ó 13 Meán Fómhair Ollchlár gach Domhnach 10.30pmIs doiligh é a chreidiúint, b’fhéidir ach seo an séú séasúr déag ag an sobaldhráma, ceann d’ancairí an chlársceidil ar TG4 ó bunaíodh an cainéal. Áirítear é ar an sobal is daonna agus is dúchasaí ar an teilifís in Éirinn agus is cuid thábhachtach dá fhiúntas é go bhfuil sé suite faoin tuath – an t-aon sobal Éireannach a bhfuil rian na talún air. Tá an dúchas tíriúil sin agus an greann i gcroílár an dráma agus tá sé nádúrtha, rud a thuigeann an pobal féachana sa bhaile agus i gcéin. Ní ionann sin agus a rá nach bhfuil gach gné den saol comhaimseartha - ceisteanna caidrimh, grá, gnó, teannas teaghlaigh, magadh agus spochadh na gcomharsan agus mórfhadhbanna pearsanta agus pobail le feiceáil ann. Déileáiltear leo seo ar fad ach ar bhealach tuisceanach daonna agus beidh sin ar fad ar fáil sa séasúr nua. Idir MnáSraith drámaíochta/faisnéise, a scrúdaíonn cásanna coiriúla ina raibh mná lárnach agus na cúiseanna agus na ceisteanna a dhúisíonn na cásanna sin.Clár 1 Anne Burke, Co Laois 2007 – (Dúlagar) (22/09/11 10.30pm) Dhúnmharaigh sí a fear céile agus é ina chodladh sa leaba. Ciontaíodh i ndúnorgain í ach níor cuireadh i bpríosún í mar gur cuireadh rudaí eile san áireamh, tionchar an dúlagair ina measc. Clár 1 Sarah Jane Delaney, Béal Feirste 2002 – (Drugaí) (29/09/11 10.30pm) Márta 2001, thángthas ar chorp fir, William Shaw, agus é buailte go dona. Gabhadh a leannán. Sarah-Jane Delaney. Andúileach drugaí ab ea í. Scaoileadh amach ar bannaí í agus theith sí. Gabhadh arís í i 2005. Nuacht TG4 7pm gach láTá súil ar leith ag Nuacht TG4 ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna, mar léiriú ar mhana súil eile an chainéil. Déantar cúram de chósta an iarthair, den Ghaeltacht agus de phobal na Gaeilge ar fud na tíre, agus bíonn foireann Nuacht TG4 ar a ndícheall leis an nuacht a dhéanamh soiléir, sothuigthe agus ábhartha. Craoltar nuacht ghairid ag 1.55pm gach lá Luan-Aoine. Mar is iondúil, beidh Eimear Ní Chonaola, a thuill oiread sin gradam as a cumas leanúnach agus as a láimhsiú sciliúil ar Dhíospóireacht na gCeannairí le linn an Olltoghcháin agus foireann fhuinniúil Nuacht TG4 ar fud na tíre ag soláthar na scéalta náisiúnta, réigiúnacha, idirnáisiúnta agus Gaeltachta gach oíche ar 7pm. Is cuid den lá é Nuacht TG4 7Lá7.30pm gach Máirt ó 22 Meán FómhairTá an eacnamaíocht fós lag agus fadhbanna suntasacha ag an Rialtas dá thoradh. Tá moltaí géara agus roghanna deacra maidir leis an gcaiteachas poiblí curtha faoi bhráid an Rialtais nua agus moltaí eile fós faoi bhealach, ón mBruiséil agus áiteanna eile freisin, is dócha.Sin a bheidh sa séasúr nua den chlár seachtainiúil seo i gcuideachta Pháidí Uí Lionáird agus a phainéal tráchtairí agus polaiteoirí. Craolfar eagrán speisialta den chlár ó Pharlaimint na hEorpa sa mBruiséil freisin. Misinéirí RadacachaGach Luain ón 05 Meán Fómhait ag 9.30pmSraith cheithre chlár a thugann chun solais an creideamh láidir – agus an tart chun córa freisin – a spreag agus a spreagann fós saol agus saothar na bhfear agus an mban Éireannach atá ag craobhscaoileadh an tsoiscéil i measc na mbochtán sa Tríú Domhan. Tugann na fir agus na mná misniúla seo cur síos ar an gceangal a fheiceann siad idir teagasc Chríost agus cearta daonna, an chóir agus roinnt na maoine. Baintear leas éifeachtach as scannán cartlainne le RADHARC, a thaispeáineann na fir agus na mná seo i mbun oibre agus iad ina misinéirí óga. Tar éis gach cláir, craolfar mórscannán aitheanta ar théama ábharach don eagrán a chuaigh roimhe. CogarSaol John Riley (25/09/11 9.30pm)Saol fir a rugadh sa Chlochán i gConamara, a chuaigh ar imirce go Meiriceá Thuaidh, a liostáil in Arm na tíre sin tamall roimh an Gorta Mór sa tír seo. Throid ar son na Státaí ach ansin in 1846, d’aistrigh sé a dhílseacht, bhunaigh Cathlán San Patricio, mheall Gaeil eile leis agus throideadar faoina cheannas le Meicsiceo in aghaidh na Stataí sa chogadh idir an dá thír sin 1846-1848. Sa chlár seo téann Charlie O’Brien, amhránaí óg as Cill Airne sa tóir ar scéal John Riley agus ar an oidhreacht cheoil a spreag a chuid éachtaí ar chaon taobh den teorainn agus ina thír dhúchais freisin. Rugbaí BeoTá clúdach rugbaí ag filleadh ar an teilifís saor go haer ó thús an Fhómhair seo nuair a chuirfear tús le beochlúdach TG4 ar an séasúr nua sa tSraith RaboDirect Pro12/ Beidh cluichí den scoth ag na foirne Éireannacha sa tsraith á mbeochlúdach ag TG4 gach deireadh seachtaine den chomórtas seo, ag tosnú le beochlúdach ó Pháirc Musgrave ar chluiche na Mumhan in aghaidh Dhragúin Gwent na Breataine Bige Dragons ar an Satharn 3 Meán Fómhair 7:15pm. Beidh 22 cluiche sa tSraith seo ar fad, imreofar cluichí leath-cheannais idir an cheithre fhoireann is airde pointí ansin agus imreofar an cluiche ceannais i ndeireadh na Bealtaine 2012. Is é Gearóid Mac Donncha an tráchtaire agus is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill an láithreoir. CORN RUGBAÍ AN DOMHAIN 2011Iarchraoladh iomlán ar 24 cluiche ón Nua Shéalainn ar an gcomórtas rugbaí is tábhachtaí ar fad, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill, le tráchtaireacht ó Ghearóid Mac Donncha agus Garry Mac Donncha, le hainailís ó Eoghan Ó Neachtain agus Éamonn Molloy. Clúdach ar TG4
Aoine 9 Meán Fómhair An Nua Shéalainn v Tonga 11:30am GAA BeoBeochlúdach eisiach teilifíse ar mhórchluiche gach Domhnach agus iarchraoladh ar iomlán na himeartha ar chluiche eile. I measc na gcluichí a bheidh á gcraoladh beidh cluichí ceannais contae agus babhtaí i gCraobh Club AIB. Is é Micheál Ó Domhnaill a chuireann na cluichí i láthair le tráchtaireacht ó Bhrian Tyers agus Mac Dara Mac Donncha agus bíonn anailísí aitheanta ina gcuideachta gach seachtain freisin. Craolfaidh TG4 Cluiche Ceannais na hÉireann san Iomáint faoi 21 an Fómhar seo freisin mar aon le Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan ó Pháirc an Chrócaigh. Clúdach ar TG4Domhnach 18 Meán Fómhair 7pm Iomlán na himeartha ó Chluiche Ceannais Peil Shinsear na hÉireann le tráchtaireacht Ghaeilge ó Gharry Mac Donncha. Domhnach 25 Meán Fómhair 12pm Beochraoladh eisiach ó Pháirc an Chrócaigh ar Chluichí Ceannais na hÉireann i gCraobhacha TG4 i bPeil na mBan: Sóisir (12pm), Idirmheánach (2pm) agus Sinsear (4pm) Féile Rásaíochta Lios Tuathail 12-17 Meán FómhairTá Féile Lios Tuathail ar cheann de bhuaiceanna rásaíochta na hÉireann, ócáid ar leith i bhféilire shóisialta agus chultúrtha an Iardheiscirt. Arís i mbliana, beidh SBB agus ceamaraí TG4 ann lena bheochraoladh, sé lá as a chéile. Craolfar 45 rás ar fad le tráchtaireacht ó Mhicheál Ó Sé agus anailís ó Mhánas Ó Conghaile agus tuairiscí agus agallaimh ó Mhick Ó hUallacháin agus Eibhlín Ní Choisdealbha.Is é an Guinness Kerry National Steeplechase ar an gCéadaoin buaic na féile, rás ar fiú €160,000 é agus is í an Aoine 17 Meán Fómhair Lá na mBan. Glór Tíre(Dé Céadaoin ó 14/09/11 10.30pm) Séasúr nua (an t-ochtú ceann) den tsraith ina bhfuiltear sa tóir ar amhránaithe nua ceol tíre in Éirinn agus ina bhfuil amhránaithe aitheanta ag tabhairt spreagadh agus dea-chomhairle d’iomaitheoirí sa chomórtas. Is í Aoife Ní Thuairisg an láithreoir.Nuair a roghnaítear iomaitheoir don chomórtas seo, ní fhágtar ina aonar é/í ach cuirtear faoi scáth réalta bunaithe é/í. Fágann sin go bhfuil comrádaíocht bunaithe ón tús agus go bhfaigheann an t-amhránaí óg taithí agus comhairle luachmhar ó dhuine atá ag plé leis an gceird le fada agus atá i mbarr a mhaitheasa. Ach dá fheabhas an chomhairle, is comórtas é seo agus beidh ar na hiomaitheoirí dul os comhair na moltóirí John Creedon, Charlie McGettigan agus Caitríona Ní Shúilleabháin. An Jig GigGachomhnach ó 25 Meán Fómhair 7.30pmChuir na mílte iarratais isteach le dhá bhliain anuas ag déanamh iarrachta dul ar thóir an ghradam An Ghrúpa RinceTraidisiúnta Éireannach TG4 is fearr. Bhí gach saghas cruth agus tomhais I measc na ngrúpaí seo, ó rinceoirí aonaracha go grúpaí móra agus is é an chéad chomórtas dá leithéid ina bhfuil rinceoirí de gach aois, stíl agus eagraíocht san iomaíocht ar an stáitse céanna. Anois tá sé in am Seaimpín 2011 a aimsiú! Feicfear na céadta rinceoir ar an stáitse leis an láithreoir Róisín Ní Thomáin agus ag coimeád súil ghéar ar na rinceoirí beidh na triúr moltóirí: Breandán de Gallaí, príomhdhamhsóir le Riverdance ar feadh i bhfad agus Stiúrthóir Damhsa leis an seó iontach sin anois. Tá taithí na mblianta ag Breandán a bheith ag obair le réalta an damhsa agus aithníonn sé an scoth nuair a fheiceann sé é. Dearbhla Lennon, príomhdhamhsóir le Riverdance, duine de réalta an damhsa sa tír seo le blianta anuas, saineolaí a thuigeann an ealaín. Labhrás Shonaí Choilm Learraí, fear a bhfuil a chroí ar fad sa damhsa ar an sean-nós agus é thar a bheith dílis don tseanstíl. Ní chuirfidh Labhrás fiacail ina bhreithiúnas. |
![]() TG4: Cogar
![]() TG4: Rugbaí Beo
![]() TG4: An Jig Gig
![]() TG4: Nádúr
![]() RnaG:N Na Nealaíon
![]() RnaG: An Béal Muimhneach
![]() RnaG: Rónán Beo @ 3.
![]() RnaG: Nótaí Ceoil Le Fiachna Ó Braonáin
![]() RnaG: Thar Sáile
![]() BBC: Laithreoirí Blasta!
Thar Sáile(Luan ó 19/09/11 8pm) Ann Marie Ní Dhubhchóin ar camchuairt timpeall chathracha na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe, féachaint le bualadh le Gaeilgeoirí iontu, idir chainteoirí as Éirinn agus dhaoine nach bhfuil aon fhuil Ghaelach iontu ach atá tar éis suim a chur sa teanga agus í a fhoghlaim freisin. I mbliana beidh sí ag tabhairt cuairte ar roinnt de na mór-bhailte is spéisiúla ar domhan, Nua Eabhrac, Milan, Oxford, Munich, Cardiff, Bucharest agus Philadelphia na measc. Déanann Ann Marie fiosrú faoin chathair féin agus faoi na hionaid ina dtagann Gaeil agus Gaeilgeoirí le chéile iontu. Casfar go leor daoine suimiúla uirthi, ina measc an Gael Mheiriceánach Séamus Ó Neachtain as Nua Eabhrac, fear a bhí ag obair san ionad trádála domhanda. Ar ámharaí an tsaoil dó, ní raibh sé ag obair ann ar an lá cinniúnach tubaisteach úd. Chonaic sé an tragóid ón mbruach ar an taobh thall den abhainn in Brooklyn. Tugann Séamus Ó Fianghusa (Gael-Cóiréach) ar thuras go baile Gaelach Brooklyn í, agus insíonn sé di faoina sheal ar dualgas san Afganastáin le hArm Mheiriceá. I Milan, tabharfaidh sí cuairt ar La Scala, an amharclann cheoldrámaíochta is cáiliúla ar domhan, áit a bhfuil Éireannach darbh ainm James Vaughan i gceannas ar chúrsaí ceoil. In Oxford Shasana, casann Ann Marie ar John Carroll atá ag obair don Oxford University Press, ceann de na tithe foilsitheoireachta is cáiliúla ar domhan, agus scaoileann sé cúpla rún faoin bhfoclóir ‘Oxford English Dictionary’. Is í Caerdydd sa Bhreatain Bheag an chathair is óige san Eoraip, deirtear. Buailfidh Ann Marie le Céad-Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones, fear a thuigeann go maith athnuachan na Breatnaise ansin agus cás na Gaeilge chomh maith mar go bhfuil sé féin pósta le Gaeilgeoir ó Bhéal Feirste. Is í Munich na Gearmáine príomhchathair na Baváire chomh maith. Tugann Ann Marie cuairt ar mhonarchan BMW agus tugann Ronan Brennan leis í ar camchuairt an mhúsaeim atá ag an mbranda cáiliúil gluaisteán ansin. Agus tugann sí cuairt ar champa Géibhinn Dachau, in éindigh le Brian Ó hEithir, a raibh an t-ádh air nár cuireadh a sheanathair ann. Tugann Ann Marie cuairt ar Philadelphia sna Stáit Aontaithe. Is as an gcathair seo a d’fhás gluaiseacht na saoirse as ar shíolraigh an stát ar fad. Buailfidh sí le Joe Gallagher, Meiriceánach a thugann í ar cuairt go Boat House Row. Caitheann sí bricfeasta Gaelach le grúpa Gaeilgeoirí i mbruachbhaile agus foghlaimíonn sí conas Philly Cheese Steak a chur le chéile. In eagrán eile, tugann Ann Marie cuairt ar Bhúcairist na Rómáine. Is cathair mhór chodarsnachtaí í seo ina bhfuil daonra de beagnach dhá mhilliún. Cloiseann sí scéalta faoi Dracula agus Ceaucescu, agus scéalta inspioráide faoin gceol agus carthanacht mhuintir na cathrach. Imeall Déardaoin22 Meán Fómhair 9.30pmSéasúr nua den tsraith sheachtainiúil ar shaol na n-ealaíon, á chur i láthair ag Tristan Rosenstock, ceoltóir cumasach é féin, dar ndóigh. Cuireann an tsraith ardán ar fáil d’ealaíontóirí agus tabharfar cuairt orthu agus iad imbun cruthaíochta, ag ceol, ag amhrán, ag damhsa, ag scríobh, ag aisteoireacht, ag stiúradh, ag péintéireacht agus ag dealbhóireacht. Ealaíontóirí aitheanta a bhíonn i mbun na míreanna eile de réir mar oireann don ábhar: Sinéad Ní Mhaonaigh, Rossa Ó Snodaigh, Theo Dorgan, Michael Cronin, Úna Mullally agus Darach Mac Con Iomaire.Ar na míreanna a bheidh sa séasúr nua, beidh cuairt ar an ealaíontóir Robert Ballagh ina stiúideo, siúlóid cois trá leis an údar aitheanta Colum McCann agus go leor eile. Beidh ceol ann freisin ó leithéidí T with the Maggies, (Moya Brennan, Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill). a chéad chlár den séasúr nua, tugtar cuairt ar an údar Belinda McKeown ar a feirm i lár tíre agus ar stiúideo an ealaíontóra Seán Ó Flaithearta in Inis Mór. Beidh Liam Ó Maonlaí ag seinm leaganacha Gaeilge d’amhráin Bob Dylan freisin. Mí na Meala 4(Déardaoin ó 22/09/11 8pm)Séasúr nua den tsraith thaitneamhach shiamsaíochta agus thaistil ina dtugtar lánúin atá pósta le tamall maith blianta ar ais chuig ionad mhí na meala acu. Spreagann an turas cuimhní agus súil siar ar bhóithrín na smaointe. Admhaíonn cuid de na daoine nach mar a shíl siad a tharla ina saol pósta – go raibh sé níos fearr agus cinnte go raibh sé difriúil. Tugann an turas an deis dóibh freisin féachaint ar an athrú atá tagtha lena linn ar nósanna pósta agus bainise agus ar institiúid an phósta féin. Ar na lánúineacha a bheidh rannpháirteach sa tsraith seo, tá lánúineacha as Tír Chonaill,Cléire, Doire, An Rinn agus Áth Cliath agus iad ag triall arís ar ionaid saoire san Ostair, sa Veinéis, sa gCroáit, sa Spáinn, i gCorn na Breataine, sa mBreatain Bheag, in Inse Gall na hAlban agus sa Daingean. NádúrFarraigí na hÉireann 8pm Gach Máirt ó 20 Meán FómhairSraith úr-nua dúlra a thugann chun solais cuid den saibhreas ollmhór iasc, plandaí agus eile atá folaithe faoin uisce agus ceilte ar an gcuid is mó againn. Tabharfaidh an tsraith seo, atá á léiriú le dhá bhliain ag saineolaithe na ceirde, léargas ar shaol draíochta, taibhseach ina bhfuil dathanna agus cruthanna ar taispeáint ar feadh chósta na hÉirinn ar deacair iad a shamhlú gan iad a fheiceáil le do dhá shúil féin. Scrúdófar ann caidreamh an duine leis an bhfarraige agus an dochar atá déanta againn don acmhainn iontach seo le cúpla céad bliain. Cúla4 Réamhscoile:Luan-Domhnach 7.00am-10.30am/Luan-Satharn 2.00pm- 4:00 pmAn Fómhar seo cuirfidh Cúla4 na nÓg fáilte mhór roimh charachtar nua ildaite chuig zón atá cheanna féin plódaithe le cartún den scoth! Le cur leis an sceideal maidine de chláracha spraíúla beidh páistí réamhscoile anois in ann sult a bhaint as cláracha Cúla4 na nÓg um thráthnóna freisin. |
Ardán na nEalaíonRTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn 10 MFómhair / Sat 10 Sept 1.30 pmBeidh Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon nuacheaptha Chathair Bhaile Átha Cliath, faoi agallamh ag Seán P. Ó hÉalaí inniu ar an gcéad eagrán d’Ardán na nEalaíon den séasúr nua. Chaith Ray tréimhse fada ina Stiúrthóir Ealaíon ar Axis: Ballymun. Tá taithí na mblianta aige ar bheith ag obair sna healaíona, agus ina bhainisteoir sa réimse sin, agus tá sé díreach tar éis filleadh ó Nua Eabhrac áit a raibh sé páirteach i ndráma Dhermot Bolger The Parting Glass a bhí ar stáitse mar chuid den Imagine Festival in Amharclann Barrow Street. Labhrann sé le Seán Ó hÉalaí faoina cheapachán nua. An Béal MuimhneachRTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh 11 MFómhair / Sun 11 Sept 9.00 amCuireann Tomás Mistéal an clár seo i láthair ina gcloistear míreanna ó chláracha a craoladh sna seascaidí agus sna seachtóidí, tógtha ó chartlann Raidió RTÉ i gcúige Mumhan. Ar an gclár an tseachtain seo cloisfimid Pádraig Ó Nuatáin ó Chorcaigh ag cur síos ar an Athair Peadar Ua Laoghaire, cloisfimid Mícheál Ó Catháin ag caint faoi chúrsaí iascaigh sa Daingean, agus beidh míreanna le Caoimhín Ó Cinnéide, Seán Criomhthain agus Eoghan Mac Cárthaigh le cloisteáil chomh maith. Comhrá an TráthnónaRTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh 11 MFómhair / Sun 11 Sept 1.15 pmAr an gclár seo inniu beidh Eibhlín Ní Chonghaile i mbun comhrá le Breandán agus Mary Mac Aonghusa. As Corcaigh don lánúin seo, agus labhrann siad le hEibhlín inniu faoi na deacrachtaí a bhí acu páiste a bheith acu, agus faoi mar a d’uchtaigh siad ansin beirt pháiste ón Aetóip, cailín agus buachaill beag, Bethelham agus Samuel. Spórt an LaeRTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh 11 MFómhair / Sun 11 Sept 2.00 pmInniu a imreofar cluichí ceannais na hEireann sa chamógaíocht i bPáirc an Chrócaigh. Beidh clúdach ar an gcluiche idirmheánach idir Aontroim agus Loch Garman ón 2pm, agus ag 4pm beidh mná na Gaillimhe ag súil le díoltas a bhaint amach ar mhná Loch Garmain sna sinsir as a mbua orthu anuraidh, neosfaidh an aimsir an n-éireoidh leo. Parlaimint Mhaigh EoRTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Luain 12 M Fómhair / Mon 12 Sept 3.00 pmTá irischlár Mhaigh Eo ar ais, agus fad curtha leis go clár dhá uair an chloig. Is é Máirtín Mac Donnchadha a bheidh sa chathaoir don chlár a chraolfar beo as stiúideo Chaisleán an Bharraigh. Fóram a bheidh ann, ina bpléifear chuile cineál ábhar, ó chúrsaí polaitíochta go cúrsaí eacnamaíochta, praghsanna beithíoch agus caorach, an aimsir, an bhail atá ar bhóithre, a bhfuil i ndán don Ghaeilge, agus neart eile idir eatarthu - rudaí atá chomh práinneach i gcondae Mhaigh Eo agus atá siad in aon áit eile sa tír. Rónán Beo @ 3RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Máirt 13 M Fómhair / Tues 13 Sept 3.00 pmCeann de na míreanna is fearr le héisteoirí an chláir seo mír na bhfocal leis na saineolaithe Micí Mac Aoidh, Máire Feiritéar agus Toose Mac Gearailt. Beidh na saineolaithe ar ais i mbun oibre don séasúr nua cláracha, agus iad ar a ndícheall ag freagairt ceisteanna na n-éisteoirí maidir le nathanna agus focail. Nótaí Ceoil le Fiachna Ó BraonáinRTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 16 M Fómhair / Fri 16 Sept 9.00 pmIs é an t-amhránaí agus an ceoltóir iomráiteach Paul Brady a bheidh i gcuideachta Fhiachna Uí Bhraonáin ar an gclár anocht. As an tSrath Bán i dTír Eoghain do Phaul, agus aithne mhaith air ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Shein sé leis na grúpaí The Johnstons agus Planxty sna seascaidí agus sna seachtóidí, ach tá sé ag treabhadh an ghoirt mar cheoltóir aonair le blianta fada anois. D’eisigh sé a cheathrú halbam déag sa bhliain 2010, Hooba Dooba, agus tugadh ardmholadh dó. Ar an gclár inniu beidh Paul ag caint ar na cuimhní cinn atá aige ar 1962, agus ar an gceol a thugann siad sin chun
SRUTH AMASraith ceithre dhráma raidió le Gabriel Rosenstock a chraolfar ar Raidió na Life, 106.4FM *Am Craolta : Gach Aoine ó 5ú Lúnasa ag 6.30 i.n. Sraith ceithre dhráma raidió le Gabriel Rosenstock ina bhfaighimid léargas iontach ar shaol an nuachtáin Ghaeilge Amanathar. Ag tarraingt óna thaithí féin agus an dá bhliain eachtrúla a chaith sé ag obair ar an nuachtán Anois (fadó fadó, sular tháinig na leipreacháin go hÉirinn), tugann Rosenstock isteach i saol an nuachtáin sinn agus feicimid na nithe go léir a bhíonn ag cur imní i gcónaí ar an bhfoireann – eagarfhocal na seachtaine, easpa foirne, spriocdhátaí, teannas i measc na foirne, agus, ar ndóigh, conas maoiniú a chinntiú don nuachtán. Dráma 1 – Amanathar: Bualimid leis an bhfoireann agus le file a bhíonn de shíor á gcrá ag lorg léirmheasanna. An bhféadfadh nach glan as a mheabhair atá an léitheoir díograiseach a ghlaoigh isteach le rá go bhfuil Úfónna ag lonrú agus ag lonnú sa chomharsanacht aige? Dráma 2 – Anocht: Chuir beirt fógra ar leathannaigh ghrá Amanathar agus seo anois iad i gclub snagcheoil ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh aon chuid den fhírinne sa chur síos a rinne siad orthu féin san fhógra céanna! Dráma 3 – Anuraidh: Tá foireann Amanathar i bponc mar tá an té a scríobhann na fógraí báis dóibh tar éis a rá leo go bhfuil réamhspléachadh ar a fhógra báis féin uaidh! Dráma 4 – Amanathar RIP: An fhoireann go léir sa teach tábhairne agus Amanathar á chaoineadh acu – baineadh an deontas díobh. Ach an bhfuil seift acu don eagrán deireanach?
Fuair an tsraith maoiniú faoin scéim Fís agus Fuaim ag Údarás Craolacháin na hÉireann.
RAIDIÓTosnaíonn sceideal úr de chláracha raidió beo ar an irischlár Gaeilge, Blas, ón 13ú Meán Fómhair. Craoltar clár Gaeilge ar BBC Raidió Uladh gach lá den tseachtain. Bíonn Blas le cluinstin gach Luan, Máirt, Céadaoin, Déardaoin agus Aoine.Gach Luan déanann Fearghal Mag Uiginn plé ar imeachtaí agus ar scéalta CLG na seachtaine. Bíonn go leor ábhar idir lámha, ó chúrsaí teicneolaíochta agus cúrsaí reatha, go cúrsaí ealaíne agus cúrsaí litríochta ag Louise McCreesh, Máire Bhreathnach agus Lucinda Glynn Dé Máirt, Céadaoin agus Déardaoin. Gach Aoine cuireann Lynette Fay tús lasrach le deireadh na seachtaine le blaiseadh de cheol tráidisíunta agus dúchasach. Éist le Blas ar líne, www.bbc.co.uk/radioulster agus lean na cláracha uilig ar Twitter www.twitter.com/bbcblas SUÍOMH IDIRLÍNTa suíomh iontach Gaeilge ag BBC Thuaisceart Eireann ag www.bbc.co.uk/irish ar a bhfuil réimse ollmhór d’ábhair do Gaeilgeoirí de gach aon leibhéal. Ta ábhar fíriciúil agus siamsúil ann do bhunfhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chomh maith le réimse mór ábhar do dhaltaí scoile. |