Seán Ó Daimhín, Cathaoirleach Ghaelphobal, le Seán Ó Coinn, Leas‑Priomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilg agus, an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich, TD, tar éis don Aire Trófaí Ghlór na nGael agus seic €40,000 a bhronnadh ar Sheán thar ceann Ghaelphobal an tSratha Báin agus Doire.
|
GLÓR ADUAIDH! Síle Mhic Aoidh, Áine Mhic Suibhne agus Fiodhna Nic Suibhne, Coiste Ghlór na Gael, Gort an Choirce. Bhaineadar €1,500 i Rannóg na Gaeltachta.
|
COLÁISTEÁNAIGH AGUS CAIRDE: Chroch An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, leo an Chéad Áit agus €2,000 i gComórtas G! (urraithe ag Foinse). Ag ceiliúradh anseo tá Aindriú Mac an Rí, Fiadh Ní Dhonnchadha, Cilian Ó hAinifidh, Niamh Ní Chróinín agus Mícheál Clancy i dteannta, ar dheis, Mhuiris Uí Fhiannachta agus Susan Ní Dhubhlaoich ó Raidió na Life.
|
LÁNSÁSTA LEO FÉIN: Delia Mhic Lochlainn agus Aingeal Nic an tSábhaisigh, Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin, a bhain an chéad ait agus €8000 sa rannóg ‘Iar-Ghaeltacht’.
|
AINNIR PHÁDRAIG! Bhain An Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath, an Tríú hÁit i Roinn do na Coláistí Tríú Leibhéal. Síomha Ní Mhuirí agus Paula Melvin a ghlac leis an duais €1,000.
|
TRIÚR I gCOMHAR! Stiofan Ó Nualláin agus Peadar Ó Cuinneagáin, Cumann Cultúrtha an Phobail, Béal Feirste, agus Rónan Mac Murchadh, Carn Tóchair, i gcomhar cinnte mar gur bhain na Feirstigh Duais Iontaobhas Ultach ar fiú €1,400 é agus chroch Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire, €4,000 leo agus bhain an Ceathrú hÁit sa chomórtas.
|
COMHAIRLEOIRÍ: Bhain Aodha Ó Dea, Comhordaitheoir, Comórtas na gCumann Gaeilge sna Coláistí Tríú Leibhéal, agus Cáit de Burca, Cumann na bhFiann, ardtaitneamh as an ócáid - agus gan dabht, as comhluadar a chéile.
|
OE NA GAILLIMHE: Seo daoibh baill Chumann Sóisialta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, a bhain €1,000 i gComórtas na gCumann Gaeilge sna Coláistí Tríú Leibhéal. Ó chlé tá Aoife Ní Ghabhann, Feidhlim Seoighe, Seán Ó Flatharta, Gina Casey agus Jayne Ní Dhrisceoil.
|
CAIRDE CHOLMCILLE: Tá bláthú mór i saol agus saoithiúlacht na Gaeilge i bPobal Charn Tóchair, Doire. Bhaineadar an Ceathrú hÁit sa chomórtas agus thuill sin €4,000 don phobal bríomhar seo. Sa ghrianghraf tá Joe Ó Dochartaigh, Niall Ó Catháin, Claire Ni Dhochartaigh, Eoghan Ó Dochartaigh agus Seósamh Ó Lochlainn.
|
SCILIÚIL: Beidh lá spraoi roimh dhaltaí Chlub Raifteirí, Gairmscoil Mhuire, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe mar gur bhaineadar a leithéid mar dhuais i Roinn na Scoileanna Dara Leibhéal. Beidh, sílimid, Tomás agus Geraldine Ó Flatharta i gcomhar leo.
|
LÁN DE CHEOL AN CHLÁIR! Pobalscoil Naomh Mhíchíl, Cill Mhíchíl, Co. an Chláir a bhain an duais náisiúnta €3,000 i gComórtas G (Comórtas Oideachais). Seo daoibh ag ceiliúradh Norah Ní Linín, Roisín Ní Linín, Torg Nic Chnoic, Marie Ni Dhúgáin, Clare Ní Thobartaigh, Darren Ó Ghormáin agus Caoimhin Ó Domhnailláin le Helena Ní Chatháin, Príomhoide agus Rút Ní Mhuiríosa, múinteoir.
|
CAITHFEAR BHEITH AG OBAIR! Ní scíste amháin a bhí roimh Kevin de Barra, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus Breda Ní Mhaoláin le linn an lae. Kevin ag saothrú ar mhaithe le gaelport.com agus Breda i mbun ateangaireachta i rith chruinniú faisnéise Fhoras na Gaeilge.
|
FATHACH I MEASC NA bhFATHACH: An saghas cuimhne a bhí ag SAOL ar Sheán Ó Dómhnaill agus é ag saothrú go torthúil i lár na páirce le Gaillimh gur dhuine sách gruama dorcha é. A mhalairt de dhuine ar fad a bhí romhainn agus é mar ionadaí Chomharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, a bhain an Tríú hÁit sa Chomórtas gur thóg siar leo €6,000. Ina theannta anseo tá Karen Ní Fhlatharta, Anna Seoighe agus Aodhan Mac an Mhílidh.
|
COMHAR BEIRTE: Máire Ní Dhuiginn agus Eimear Ní Mhealóid, Conradh na Gaeilge, ag baint suilt as atmaisféar na hócaide.
|
CIARRAÍGH BHEANNAITHE! Mícheál agus Bríde Ó Braonáin, dúchasaigh beirt na Ríochta, a bhí mar ionadaithe ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí, a bhí sa Chúigiú hÁit sa chomórtas agus a thuill €3,000 don phobal.
|
TRIÚR FÍSITHE: I gceartlár shaothrú agus bhisiú chultúr na teanga a bhíonn i gcónaí Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael, Tomás Mac an Iomaire, Iar-Cheannaire Raidió na Gaeltachta, agus Pádraig Mac Donncha, Comharchumann Ráth Chairn na Mí.
|
CÉIM EILE AG PEIGÍ: Ní inniu ná inné a chéadbhuail SAOL le Peigí Ryder agus í ag saothrú ar mhaithe le pobail éagsúla na Gaeltachta. Mar ionadaí de chuid Céim Aniar, Thír Chonaill, a bhain Duais Chomhluadair, ghlac sí le seic €1,500 ón Aire Donncha Mhic Fhionnalaoich. Feargal Ó Cuileann, Stiúrthóir Chomhluadar, agus Pádraig ó Ciarrdha, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Ghlór na nGael taobh leo.
|
CASTAR NA DÚCHASAIGH! Seo daoibh muintir Cheatharlach agus iad i dteannta Ruth Ní Shiadhail, Gaeilge Locha Riach, ar dheis. Bhain lucht na dtreabh €4,000 agus an Ceathrú hÁit sa chomórtas. Bhain Glór Cheatharlach Duais Ghaelsceal €3,000 agus tá agaibh anseo Bríd de Róiste, gaiscíoch, agus í ag coimeád súil mholtach ar bhaill an choiste, Mairéad Uí Mhadoc, Áine Uí Fhaoláin agus Seán Mac Diarmada.
|
RUTH AR AIS ARÍS: Bhí Ruth Ní Shiadhail ar ais ar an ardán arís thar ceann Choiste Ghlór na nGael, Baile Locha Riach, chun glacadh le Duais €1,000 an Fhorais Phátrúnachta agus Duais Chló Iar‑Chonnacht, dearbhán leabhair €1,000. Seo agaibh í le Dónal Ó Conaill, an Foras Pátrúnachta, An tAire Donncha Mac Fhionnlaoich agus Pádraig Ó Ciarrdha, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Ghlór na nGael.
|
BANSAOI EILE NA GAEILGE: Bhí Máire Mhic Niallais, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, gnóthach go maith mar gur bhain an Comharchumann faoi dhó sa chomórtas. Chrochadar leo Duais Cholmcille de €1,500 x 2 i gcomhar le Sgoil Gáidhlig Glaschú agus Duais na Comhairle Oidhreachta de €1,500 X 2 i gcomhar le Glór Bhalána, Contae Cheatharlach. Seo í le Evin Downey, Conradh na Gaeilge Glaschú, Seán Ó Cuinn, Leas-Phriomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar chlé agus an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich agus Pádraig Ó Ciarrdha, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Ghlór na nGael.
|
CRAOLTÓIRÍ POBAIL: Tugadh aitheantas do stáisiúin áitiúla raidió a fhéachann chuige go mbíonn cláir i nGaeilge curtha ar fáil go rialta dá n-éisteoirí. Údarás Craolacháin na hÉireann a chuir an dá duais €1500 ar fáil agus ba iad Stáisiún Tráchtála: Raidió i102/104 agus Stáisiún Pobail: West Dublin Access Radio 96FM a bhain. Baill an darna ceann thuasluaite atá agaibh anseo - Liam Flanagan, David Spain, Celia Flanagan, Luke Fallon agus Barbara Sheehan. Molann a saothair iad.
|
COGG: Aisling Nic Craith a tháinig chun Duais na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta de €2,000 a bhronnadh ar Glór Cheatharlach.
|
CUAIRTEOIRÍ SPEISIALTA: Cuireadh fáilte chinnte roimh ionadaithe lucht saothraithe na teanga ón ‘comhar-iasacht’ ar tugadh aitheantas dóibh i gcomórtas Global Gaeilge - Cumann na Gaeltachta, Ceanada, a bhain €5000, Conradh na Gaeilge, Glaschú a bhain €3,500 agus Cumann Gaeilge na hAstráile a bhain €2,500. Ag aon bhord a bhíodar i dteannta na gceannródaithe Brian agus Beití Ó Baoill, Indreabhán, Chonamara. Chun tosaigh, ó chlé: Evin Downey, Liam Mc Shéamas, Conradh na Gaeilge, Glaschú, Deirdre Uí Ghiolla Easpaig na hAstráile, Brian agus Beití Ó Baoill. Ar chúl, ó chlé: Sile Scott agus Arailt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta, Ceanada, Helen agus Peter Young na hAstráile agus Michelle Reid, Ceanada.
|
COMHAR CEILTEACH CINNTE: Nóra Welby, Ghlór na nGael, ag déanamh suntais do T‑léine úrnua mhuintir Cheanada - an Bradán Feasa gafa i snaidhm Cheilteach - agus an ceannródaí Arailt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta, Ceanada.
|
Ceann de na mórchathnna a chaithfear a bhaint is ea go bhfágfaí Oifig an Choimisinéara Teanga mar atá, neamhspleách agus saothar sonrach á chur i gcrích ag Seán Ó Cuirreáin agus a fhoireann. Rómhaith atá ag éirí leo, seans, i dtuiscint chúng sa státchóras nach suim leo leas na teanga. Bhain Oifig an Choimisinéara Teanga ‘Gradam Ghlór na nGael’. Ag ceiliúradh anseo tá (ó chúl) Éamonn Ó Bróithe, Damhnait Uí Mhaoldúin, Seán Ó Cuirreáin agus Orla de Búrca. Chun tosaigh: Deirdre Nic Dhonncha, Máire Ní Chualáin agus Colm Ó Coistealbha.
|
Gaisce an tSratha Báin
Thionóil breis agus 300 ionadaí agus ball de choistí Gaeilge as gach cearn den tír agus ó thar lear in Óstán Teach Carton, Maigh Nuad ag deireadh na seachtaine le Comóradh 50 bliain de chomórtas Ghlór na nGael a cheiliúradh agus do Bhronnadh Duaiseanna 2011. Ba é príomhaoí na hoíche ná an tAire Sóisearach, Donncha Mac Fhionnlaoich, TD. Bronnadh níos mó ná €160,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, choistí scoile agus ollscoile agus ar choistí ó Cheanda, ón Astráil agus ó Albain.
I measc na gcoistí a tháinig ó i gcéin don bhronnadh bhí go leor ann ó Chúige Chonnacht, agus ní dheachaigh siad abhaile le lámha folmha. I mbliana bhuaigh Gaelphobal an tSratha Báin an Duais Náisiúnta ar fiú €40,000 í agus Trófaí Ghlór an nGael.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael: Le fiche bliain anuas tá an Srath Bán ag déanamh dul chun cinn suntasach ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge agus chruthú phobal labhartha na teanga. Is scáthghrúpa é ar Ghaelscoil Uí Dhochartaigh, Chraobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge, Naíscoil an tSratha Báin, Chomhluadar an tSratha Báin, Ógras na dTrí Abhainn, Chraobh Chaisleán na Deirge de Chonradh na Gaeilge, Naíscoil na Déirge agus Chairde na Gaelscoile.
Faoi láthair tá siad i mbun feachtais le meánscoil Ghaeilge a oscailt do cheantar an tSratha Báin agus Dhoire. Leagtar béim faoi leith ar an nGaeilge mar theanga teaghlaigh agus, chun é sin a éascú, reáchtáladh seachtainí Gaelchónaí na Spéiríní i mí Aibreáin agus ceann eile i nGartán, Dún na nGall, i gcomhar le Comhluadar Leitir Cheanainn. D’fhreastail suas le 100 duine ar na himeachtaí sin.
Ghabh an tAire Mc Ginley comhghairdeas leis na coisti ar fad a bhuaigh duaiseanna, ach luaigh sé chomh maith gur bhuaiteoirí iad na coistí ar fad a bhaineann páirt nó is trína n-iarrachtaí atá fás agus forbairt agus láidriú reatha ar shaol agus thodhchaí na Gaeilge sa tír.
Bronnadh duaiseanna sa dá chatagóir atá ag an gcomórtas: duaiseanna do choistí gan cunamh fostaíochta agus duaiseana do choiste a bhfuil cúnamh fostaíochta acu. Chomh maith le duaiseanna aitheantais, duaiseanna i réimsí oibre faoi leith, na duaiseanna idirnáisiúnta agus duaiseanna an chomórtais speisialta a eagraítear i measc na gCumann Gaelach sna coláistí Tríú Leibhéal agus an comórtas nua do chlubanna Gaeilge sna meánscoileanna, an Comórtas G!
Tugadh an bualadh bos is mó do Ghaelphobal an tSrátha Báin, Contae Tír Eoghain, a bhuaigh an mhórdhuais náisiúnta den chéad uair, comhartha maith d'fhás agus bhuanú na Gaeilge ar fud na tíre.
D’fhreastail SAOL an ócáid seo, an ócáid is taitneamhaí i saol na Gaeilge, agus tá gailearaí de 25 grianghraf anois le blaiseadh agaibh. Bíonn i láthair idir lucht na n-eagras Gaeilge agus iad siúd a shaothraíonn saíocht agus meanma na teanga ina bpobal féin fud fad na hÉireann agus sa diaspóra fosta.
|
|