Sa ghrianghraf tá, Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, an tAire Carál Ní Chuilin, an tAire Séamus Ó Duibhneacháin agus Éamon Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha an Fhorais.
|
Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duineacháin,T.D., agus an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i Stormont, Carál Ní Chuilín, MLA, cuairt ar oifigí Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste le déanaí. Rinneadh cur i láthair dóibh inar léiríodh réimse na hoibre atá idir lámha ag an Fhoras ar Oileán na hÉireann.
Foscailt Doirse
Bhronn Gearóid Trimble, Clárbhainisteoir Fhoras na Gaeilge, teastais ar thuismitheoirí a ghlac páirt san scéim ‘Foscailt Doirse’. Scéim í seo a eagraítear ó thuaidh faoi scath Fhoras na Gaeilge chun deiseanna a thabhart do thuismitheoirí Gaeilge a chleachtadh sa bhaile.
PIARAS I bPARTHAS: Gearóid Trimble ag bronnadh a theastas ar Phiaras Mac Alastaí.
|
Scoil Samhraidh Seolta
Seoladh Clár ama Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i La Boca i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh. Sa ghrianghraf tá Ardmhéara Bhéal Feirtse, Niall Ó Donghaile agus Tomaí Ó Conghaile a sheol an Clár go hoifigiúil. Beidh an Scoil Samhraidh ar siúl ó Dé Luain 25 - Dé Domhnaigh 31 Iúil 2011.
|
|