Feabhra
2012
San Eagrán seo
Baile
CÚRAM GLACTHA: Mícheál Mac Giolla Easbuic ag glacadh chúram uachtaránachta Oireachtais na Gaeilge ó Úna Uí Lachtnáin, Uachtarán na bliana seo caite, i gceannáras Fhoras na Gaeilge. Beidh Mícheál, arb as Cill Charthaigh i gCo. Dhún na nGall ó dhúchas dó, ag seasamh ar son Oireachtas na Gaeilge don bhliain atá amach romhainn. Cuireann an searmanas insealbhaithe seo tús le féilire imeachtaí an Oireachtais do 2012. Beidh buaicphointe na bliana, Féile Oireachtas na Samhna, ar siúl i Leitir Ceanainn i mí na Samhna.

Insealbhaíodh Mícheál Mac Giolla Easbuic mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2012 i gceannáras Fhoras na Gaeilge an mhí seo a d’imigh tharainn. Beidh Mícheál, arb as Cill Charthaigh i gCo. Dhún na nGall ó dhúchas dó, ag seasamh ar son Oireachtas na Gaeilge don bhliain atá amach romhainn. Cuireann an searmanas insealbhaithe seo tús le féilire imeachtaí an Oireachtais do 2012. Beidh buaicphointe na bliana, Féile Oireachtas na Samhna, ar siúl i Leitir Ceanainn i mí na Samhna.

D'oibrigh Mícheál mar mhúinteoir bunscoile i mBunscoil Chill Charthaigh idir 1961 agus 1993. Agus é ag obair mar mhúinteoir, bhí baint ollmhór ag Mícheál le gníomhaíochtaí CLG go háitiúil agus sa chontae. Idir 1977 agus 1979 bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus bhí sé ina Chathaoirleach ar CLG Dhún na nGall idir 1980 agus 1987. Bhí sé mar bhall freisin de choiste náisiúnta Oireachtas na Gaeilge idir 1990 agus 2002.

“Is mór an onóir dom seasamh ar son Oireachtas na Gaeilge atá lárnach do chur chun cinn agus chaomhnú ár dteanga agus ár gcultúir dhúchais,” a dúirt Mícheál agus é ag glacadh le Slabhra an Uachtaráin. “Táim ag freastal ar an Oireachtas chomh fada siar agus is cuimhin liom agus, ar nós na mílte duine eile a fhreastalaíonn air, is é buaicphointe na bliana é i m'fhéilire sóisialta. Táim ag dúil go mór le feidhmiú thar ceann Oireachtas na Gaeilge don bhliain amach romhainn agus is cúis áthais dom go háirithe go mbeidh Oireachtas na Samhna ar ais i Leitir Ceanainn arís i mbliana,” a dúirt sé.

Tá féilire lán go béal d'imeachtaí á sholáthar ag Oireachtas na Gaeilge arís i mbliana – ina measc beidh na Gradaim Chumarsáide, gradaim na meán Gaeilge, ar siúl in Óstán an Galway Bay i mí na Bealtaine agus beidh Comórtas Liteartha an Oireachtais ar siúl i mí Mheán Fómhair.

“Tá ríméad orainn gur ghlac Mícheál lenár gcuireadh le bheith ina Uachtarán do 2012,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Ní hamháin gur cainteoir Gaeilge ó dhúchas é ach is ceannaire pobail den scoth é freisin. Tá sé fóirsteanach gurb as Dún na nGall dó agus tá lúcháir orainn go bhfuilimid ag filleadh ar Leitir Ceanainn d'Oireachtas na Samhna i mí na Samhna agus an chaoi ar éirigh thar cionn leis in 2004 agus in 2009,” a dúirt sé.

Siollabas Nua Gaeilge

SAOITHE NA hÓCÁIDE: Ó chlé tá an Dr. John Walsh ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Máirín Nic Eoin, Roinn na Gaeilge Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Seán Ó Coinn, Leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Ó Coinne, Clárbhainisteoir Oideachais Fhoras na Gaeilge, agus an Dr Caoimhín Ó Dónaill (Ollscoil Uladh). Chun tosaigh, Ailín Ní Chonchúir, Bainisteoir Tionscadail, agus Neasa Ní Chinnéide, Aoichainteoir, Saineolaí ar an Ilteangachas agus iar-Chathaoirleach an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana, a sheol an tionscadal.

Neasa Ní Chinnéide, saineolaí ar an ilteangachas agus Iar-Chathaoirleach an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana, sheol sí an tríú céim de thionscadal náisiúnta siollabais don Ghaeilge ar an tríú leibhéal i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, i dtús na míosa seo.

An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, grúpa atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ranna Gaeilge in ollscoileanna, i gcoláistí oideachais agus in institiúidí eile tríú leibhéal thuaidh agus theas, atá i mbun an tionscadail seo, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá fiche coláiste ar fad rannpháirteach sa Mheitheal, a bunaíodh sa bhliain 2008, agus tá an tOll. Máirín Nic Eoin ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach agus an Dr. John Walsh ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina gComhstiúrthóirí ar an tionscadal.

Agus Siollabas Nua an Tríú Bliain á sheoladh aici, mhol sí obair na Meithle go hard, ag díriú go háirithe ar an earraíocht a baineadh as an bhFráma Tagartha Eorpach, agus an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht a bhain leis an ábhar teagaisc ilmheáin a ghabhann leis an Siollabas. Ghabh an Bainisteoir Tionscadail, Ailín Ní Chonchúir, buíochas le gach uile dhuine a bhí rannpháirteach san obair, go háirithe an Mheitheal Siollabais, grúpa lárnach saineolaithe teanga agus teangeolaíochta. In aitheasc a thug an tUas. Seán Ó Cuinn, Leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, luaigh sé an tábhacht ar leith a bhain le gné an chomhoibrithe idir-institiúidigh den tionscadal. Agus clabhsúr á chur aige leis an ócáid fhoirmiúil, mhaígh an Dr. John Walsh go bhfuil sé i gceist struchtúr na Meithle a choinneáil mar áis náisiúnta ardoideachais chun tionscnaimh eile teagaisc agus taighde a fhorbairt san am atá amach romhainn.

Is go leictreonach atá an Siollabas foilsithe, agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh. Tá teacht ar an suíomh ar an Siollabas féin; ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail an tSiollabais agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; ar an bhfillteán foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach den Siollabas; ar liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; agus ar chuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil an Siollabas mar thoradh air.

Éigse na Brídeoige 2012

“Am dúshlánach do phobail Ghaeltachta” – Aire Stáit Mac Fhionnlaoich - Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil am dúshlánach roimh phobail Ghaeltachta agus é ag caint ag oscailt oifigiúil Éigse na Brídeoige 2012 i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ag tús na míosa seo. Ag tagairt don Bhille Gaeltachta atá le foilsiú i mbliana, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go dtabharfaidh an reachtaíocht seo sainmhíniú nua don Ghaeltacht, a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar chritéir thíreolaíocha mar atá faoi láthair.

Dúirt an tAire Stáit go mbeidh deis ag na pobail Ghaeltachta an lámh a bheith acu ar an stiúir maidir le pleananna teanga a ullmhú dá gceantair féin agus go mbeidh rannpháirtíocht agus comhoibriú ó chomharchumainn, ó choistí pobail agus ón bpobal i gcoitinne ríthábhachtach don phróiseas seo. "Is am dúshlánach a bheidh ann do phobail Ghaeltachta ar nós phobal Uíbh Ráthaigh ach tá mé cinnte, leis an fhís agus an fhuinneamh a fheicimse sa cheantar seo inniu, go bhfuil sibhse agus pobail eile mar aon libh réidh don dúshlán sin," a dúirt an tAire Stáit. Thréaslaigh an tAire Stáit le Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus leis an bpobal áitiúil as éigse den scoth a eagrú agus dúirt sé go raibh lúcháir air an deis a fháil cúrsaí oidhreachta agus cultúir a cheiliúradh le pobal Gaeltachta Uíbh Ráthaigh.