THE MODEL COUNTY: Mar is eol daoibh, bronnadh an gradam sin ar Loch Garman de bharr fheabhas a chuid modhanna feirmeoireachta. Bua eile an chontae feabhas a chuid imreoirí iománaíochta agus camógaíochta. (Bhí Ursula Jacobs faoi agallamh i SAOL tá cúpla bliain ó shin). Ach seo daoibh anois Máire Ní Dhiompsaigh, Róisín McCabe agus Rachel Bridges i dteannta a múinteora, Aoife Ní Chonchubhair. ‘Comparáid idir fuinseog agus adhmaid eile chun camán a dhéanamh’ ba theideal do thionscnamh daltaí seo Mheánscoil Gharmain.
|
FIOSRACHT NA hÓIGE! ‘Fiosrú ar an athraíonn eagla le haois’ ba théama don tionscnamh a rinne Eimhear Nic Comhaill, Eibhlín Ní Gheimhridh agus Aoife Ní Earcáin, daltaí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Iad i dteannta a múinteora Leanna Ní Bhaoill anseo. Sé an toradh ar an fhiosrú seo go méádaíonn eagla le haois.
|
SI: Thug Aisling Ní Fhearghais agus Charlotte Nic Ghiolla Chomhaill ó Choláiste Oiriall Mhuineacháin orthu féin scagadh a dhéanamh ar na slite ina bhféadfaí cuidiú le daoine a fhulaingíonn ón ghalar SI (Scléaróis Iolrach). ‘Cad é agus cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú?’ ba theideal dá dtionscnamh. A múinteoir Róisín Ní Choinn atá ina dteannta.
|
CAILÍNÍ V BUACHAILLÍ: ‘An bhfuil cailíní níos fearr ag iltascáil ná buachaillí?’ Sin ceist a d’fhéadfadh cogadh cathartha a thosú! Ach thug daltaí Ghaelcholáiste Luimnigh, Ava Barrett agus Katy Fitzgerald, faoi i dteannta Sinéad Toomey (nach bhfuil sa ghrianghraf) faoi stiúir a múinteora, Máire Ní Éalaithe.
|
NA GLASAIGH: Triúr daltaí i gColáiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, Tiernan Shaw, Aoibheann Ní Chonchúir agus Ruairí Devereux a thug faoi scrúdú a dhéanamh ar ‘Cá mhéad CO2 a chruthaítear le hiompar glasraí?’
|
AG BAINT LE hÁBHAR: Teideal sách fada a bhí ag Jilly Ní Dhonnabháin, Caoilfhionn Ní Argáin agus Aisling Ní Bhroin ó Choláiste Pobail Osraí, Chill Chainnigh. Rinneadar ‘Iniúchadh ar eitic i measc príosúnach agus an ghnáthphobail agus tomhas ar éifeacht athshlánúcháin sa phríosún.’ Ábhar tromchúiseach agus atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair gan aon agó.
|
FADHB AR BITH! Ní bhíonn deacrachtaí ag iardhaltaí na meánscolaíochta lán‑Ghaeilge nuair a fhreastalaíonn siad ollscoil ar ball, ba chonclúid ag Brianán Ní Bhuachalla, Lauren Nic Giolla Rua agus Nicole Nic an Fhailí ó Choláiste Oiriall Mhuineacháin.
|
CIARRAÍ NA hEOLAÍOCHTA ABÚ! Lucy Nic Sandair agus Mairéad Ní Mhurchú, beirt daltaí i gColáiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí, a chroch leo Duais Speisialta Fhoras na Gaeilge mar aon le hArdmholadh sa Taispeántas dá n-iontráil. Rinneamar ár dtrialacha le 88 scoláire agus fuaramar amach go raibh 39.08% díobh crosaithe, 54.02% neamhchrosaithe agus ní raibh aon súil cheannasach ag 6.89% díobh.
|
BÍ ULLAMH CHUIGE! Conas ‘na rudaí a mbíonn tionchar acu ar do rogha nuair a imrítear ‘Cloch, Páipéar agus Siosúr’ a aithint’ ba théama do staidéar ag Ciaran Paircéir agus Ciarán Ó Tighearnaigh ó Choláiste Eoin na hardchathrach.
|
TOMHAISTE:Staidéar breá a bhain gradam do Eoghan Ó Naoire, dalta i gColáiste Eoin, Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath, ab ea ‘Gaerla - language transfer and interference: a study of bilingual teenagers’. Sliocht a leanann as a chonclúid nuair a luann sé cé ‘gur rud nadúrtha e ‘Code-Switching’ a thagann seal roimh líofacht sa dá theanga’ de réir teangeolaithe. Ach, a deir sé, go bhfuil ‘beagán díomá orm le toradh an staidéir seo toisc go bhfeicim féin an buntáiste a théann le Gaeilge chruinn agus líofa a labhairt.”
|
GAERLA: Cúpla sampla breá ag Eoghan anseo de ‘Ghaerlra’. Chuala féin truailliú de shaghas eile ar fad: ‘Fuair sé marbh’ agus ‘Tá mé biseach’. Aon shampla ag léitheoir le seoladh chuig saol@eircom.net Ach cad faoin leanbh go raibh an iomarca ite aige agus a dúirt lena mháthair: “Mammy, lift I up and put I to bed, but don’t bend I’? Béarla breá aige anois.
|
COMHAR AILIGH: Daltaí ó Choláiste Ailigh Leitir Ceanainn iad Naoibh McSharry, Anna Ní Ghallachóir, Alex Paroma, Cristian Ó Scallaí, Evin Breathnach, Sinéad Ní Cholmáin agus Maitís Mac Ceallabhuí. Alex, Evin agus Maitís, sílimid, a rinne an staidéar,‘An féidir feabhas a chur ar chloigead iománaíchta?’ Is féidir, dar leo, agus ní hiad ba chúis leis an litriú ar iománaíocht sa cheannteideal! Bhí Naoibh, Anna, Evin, Sinéad agus Cristian i mbun tionscnaimh eile a rinne daltaí sa choláiste.
|
GEIMHRIÚIL!‘Fiosrú ar éifeacht sneachta ar speiceas fuschia difriúil’ agus seo curtha i gcrích go fuarchúiseach, meas tú, ag Emer Ní Earnáin agus Sinéad Ní Mhurchú ó Choláiste Chillian Chluain Dolcáin.
|
GO MALL RÉIDH! Triúr eile de na Conallaigh a fhreastalaíonn Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus a ghlac pairt sa Taispeántas iad Philip Mac Aoidh, Caolán Mac Grianna agus Joseph-Martin Mac Pháidín agus ní rabhadar mall chun tabhart faoi scagadh a dhéanamh ar ‘Stad inmhíolú millipede’. Ba chonclúid acu ‘Inár dtionscadal thaispeáin muid go dtig leat iad a stopadh gan iad a ghortú.’
|
TIONCHAR CULTÚRTHA! De réir mar a théann daltaí ar aghaidh ó bhliain go bliain sa mheánscoil, fásann níos mó cur amach acu ar dhaoine a bhíonn i mbéal na meán cumarsáide agus na mórphoiblíochta ná mar a bhíonn acu ar a gcomharsain féin. Sin an chonclúid ag Samhain Nic Mhaghnusa agus Katie Ní Thuathaill ó Ghaelcholáiste Reachrann na hardchathrach. ‘Cáiliúil v Cairdiúil’ ba theideal dá dtionscnamh.
|
Ciarraí na heolaíochta abú!
Ócáid a chuireann gliondar ar SAOL i gcónaí é Taispeántas Eolaí Óg BT na bliana san RDS i dtús gach bliana. Níos mó fós i mbliana mar bhí an chuma ar an scéal i mbliana go raibh líon na n-iontrálacha i nGaeilge dulta i méid.
Lucy Nic Sandair agus Mairéad Ní Mhurchú, beirt daltaí i gColáiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí, a chroch leo Duais Speisialta Fhoras na Gaeilge mar aon le hArdmholadh sa Taispeántas dá n-iontráil. Rinneadar scagadh ar ‘An gcuireann súile agus lámha ceannasacha isteach ar spóirt?’ Thug na cailíní an cur síos seo ar an méid a rinneadar.
‘Táimid ag cruthú go gcuireann lámha agus súile ceannasacha isteach ar spóirt trí thriail bheag a dhéanamh lenár gcomhscoláirí. Chun an tionscnamh seo a dhéanamh, bhí orainn a lán scoláirí ó scoileanna éagsúla a fháil chun 10 saorchaitheamh a dhéanamh ar an chúirt chispheile agus an teist Miles a dhéanamh. Is é atá i gceist leis an triail seo ná go raibh ar na scoláirí a lámha a shíneadh amach ar leathanach a raibh spota air agus bhí orthu triantán beag a dhéanamh lena lámha. Bhí ar na scoláirí féachaint tríd an triantán lena dhá súile oscailte, ansan bhí orthu a lámha a tharraingt suas chuig a n-aghaidh. Níor thugadar faoi ndeara é ach tharraingíodar a lámha suas chuig súil amháin.
Rinneamar ár dtrialacha le 88 scoláire agus fuaramar amach go raibh 39.08% díobh crosaithe, 54.02% neamhchrosaithe agus ní raibh aon súil cheannasach ag 6.89% díobh. Bhí ar na scoláirí 10 saorchaitheamh a dhéanamh, fuair na daoine a bhí neamhchrosaithe 25% de na ciseáin isteach agus fuair na daoine nach raibh aon súil cheannasach acu 41% de na ciseáin isteach.’ Iad beirt san RDS i dteannta a bpríomhoide, Áine Ní Chearbhaill.
|
UINNEAMH ÚR: ‘Fiosrúchán i mbailiú uisce fearthaine agus in úsáid éifeachtach den fhuinneamh a ghineann sé’ ba théama ag Mícheál Ó Gallachóir, Síle Ní Ghallochóir, Caroline Ní Shearcaigh agus Joanna Ní Cheallaigh ina dtionscnamh. Infheistiú maith a bheadh i gceist sa bhailiú, dar le daltaí seo Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
|