Cois Life
Mar shampla: ÓNÁR mBLAG
Dúlra Oileáin Árann - Con Ó Ruairc ag Féile IMRAM Na grianghraif san alt seo © Jim BerkeleyEagraíodh ócáid fíorspéisiúil 19 Deireadh Fómhair mar chuid d'Fhéile IMRAM nuair a ...
Séadna Seolta ! An Dr Neil Buttimer, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Maighréad Bean Uí Lionáird agus an tOll. Liam Mac Mathúna ag an ...
Séadna (Cois Life, 2011) - Éist agus Léigh !!! Éist le sampla fuaime as an gclosleabhar agus léigh an sliocht céanna as an leabhar féin!Closleabhar: Séadna á léamh ar 8 CD ag ...
Séadna (Cois Life, 2011) Agallamh le Maighréad Uí Lionáird faoi Séadna Agallóir: Liam Ó MuirthileCeann de bhunchlocha próis na Nua-Ghaeilge é Séadna. Is ...
DÚLRA OILEÁIN ÁRANN - Féilire ar fáil anois agus an leabhar i Meán Fomhair - Calendar now available, book in September Foilseoidh Cois Life an seoidleabhar Dúlra Oileáin Árainn le Con Ó Ruairc i Meán Fómhair 2011 agus beidh praghas €20 air. Ach ...
An Dragan Feasa - Rhiannon Watson le léaráidí le Olivia Golden (2011) Seo roinnt samplaí thíos de na léaráidí a rinne Olivia Golden don scéal iontach seo le Rhiannon Watson do leanaí 9-12 bl. Tá ...
Agus ag teacht......
Gonta le Alex Hijmans: Gonta croí, gonta anama, gonta coirp. Gonta a spreagann gníomhartha díoltais – agus dóchais. Seo cnuasach gearrscéalta faoi ghonta mhuintir Bahia.
Ar an Taifead - fís, fuaim, focal (eagrán 2012) le Breandán Delap: Eagrán cóirithe nuashonraithe den saothar bunaidh a mbaintear an-leas as ar chúrsaí oiliúna sna meáin chumarsáide Ghaeilge. Tá athruithe agus forbairtí móra san earnáil ó foilsíodh an bunsaothar in 2007. Tá gnéithe breise curtha leis an eagrán seo, go háirithe treoir faoi chúrsaí eagarthóireachta agus plé cuimsitheach ar na meáin úra.
Tóraíocht Taisce le Mícheál Ó Ruairc:
Úrscéal eachtrúil don aoisghrúpa 12-15. Tugann déagóir óg, Peadar Mac Ionraic, cuairt ar an nGaeltacht agus titeann faoi scáth draíochta eachtraí stairiúla smuigléireachta. Ag an am céanna tá fíoreachtraí a shaol baile agus a shaoil féin le réiteach aige.
Cló Mhaigh Eó
Fainic, A Fhiachra: Is breá le Fiachra beag an saol mór millteach atá thart timpeall air. Tá an staighre ann agus an gairdín cúil, an crann mór ard agus go leor leor eile. Ba mhór an peaca gan chuairt a thabhairt orthu go léir. Ach cogar, a Fhiachra, b’fhéidir go gcaithfidh tú a bheith cúramach!
Pictiúrleabhar álainn simplí do pháistí óga.
Údar/Author: Art Ó Súilleabháin
Léaráidí/Illustrations: Olivia Golden
ISBN: 978-1-899922-79-6
Bog/Paperback - 32 lch/pp - Praghas: €9.00
Crua/Hardback - ISBN: 978-1-899922-81-9 - €12.00
Píobaire Hamelin: Saol sona sásta a bhí ag muintir Hamelin go dtí gur tháinig na francaigh ina mílte chucu. Ba ghearr go raibh an áit uilig ina cíor thuathail. Ach cé a chabhródh leo chun an scéal a réiteach? Ní raibh tuairim ag éinne. Is ansin a tháinig an strainséir… Insint bhreá nua le Colmán Ó Raghallaigh ar an seanscéal do pháistí, é maisithe go healaíonta ag Martin Fagan.
Údar/Author: Colmán Ó Raghallaigh
Léaráidí/Illustrations: Martin Fagan
Bog/Paperback - ISBN: 978-1-899922-80-2
32 lch/pp - Praghas: €9.00