Feabhra
2012
San Eagrán seo
Agallamh Na Míosa
Damhsa ar an sean-nós

Tá cáil nach beag bainte amach di féin ag Sibéal Davitt mar dhamhsóir ar an Sean-Nós. Go leor comórtas bainte aici i dteannta le bheith ina moltóir ar chláir TG4. Bhain, mar is eol daoibh, comórtas Glas Vegas agus thuill turas go dtí Las Vegas dá bharr. Ach tá go leor buanna agus aidhmeanna eile aici ina theannta sin. Fillfimid ar na taobhanna éagsúla breise sin ar ball.

Is i Raghnallach na hardchathrach a rugadh agus a tógadh Sibéal. Iníon is óige ag Michael Davitt, file (ar dheis Dé go raibh sé) agus Máire Nic Fhinn, amhránaí agus eagarthóir. Deartháir amháin, Joe, ar eagarthóir spóirt é leis an Evening Herald, agus deirfiúr, Anna, a stiúrann cúrsaí Gaeilge Hibernia d’ábhar múinteoirí. Clann ildánach.

Is chun Scoil Bhríde Raghnallach a chéadchuaigh sí ar scoil agus, eisceachtúil go maith, ní raibh Béarla ar a toil aici. Ní rófhada gur chuir sí an laincisín seo uaithi. Chleacht damhsa bailé anseo. Is i gColáiste Íosagáin Stigh Lorgan a bhláthaigh sí, sílim, mar chailin iltallannach agus is ann a tugadh deis di a cuid féin a dhéanamh den rince Gaelach. ‘Cruthaitheacht’ an focal a bhíonn ar a beola go minic agus tá a fhios againn anois an claochlú a bhí le teacht ar an Damhsa ar an Sean-Nós! D’fhoghlaim sí chomh maith seinm ar an fheadóg agus ar an fliúit agus ghlac páirt bhuacach i gcomórtais an Oireachtais agus Scléip Ghael-Linn. Molann sí an múinteoir Lorraine Sweeney go hard. Is dóigh léi gurb é an pháirtíocht seo i saol beo bisiúil na Gaeilge ba mhó a thug taitneamh di agus a chothaigh féinmhuinín inti. Mar caitheamh aimsire, chleacht Sibéal marcaíocht ar chapall i dteannta a máthar.

I gColáiste na Tríonóide di ar ball, rinne sí staidéar ar Léinn na Scannánaíochta agus an Nua-Ghaeilge. Is léir gur spreag na scileanna scannánaíochta í chun machnamh a dhéanamh ar fhéidearthachtaí chun damhsa a shaothrú mar ealaín a d’oirfeadh go speisialta don seánra seo. “Is féidir,” a deir sí, “scéal a insint i rince cruthaitheach gan aon fhocal a rá. Níl gá le teanga.” Rinne sí a céad scannán anseo, Potaisian, le Anna Davitt sa phríomhpháirt!

Ag breathnú siar ar chúrsaí sna blianta beaga atá caite aici ag damhsa, bhain sí ardtaitneamh as an seal a chaith sí in Las Vegas. Ní raibh damhsa ar an sean-nós riamh feicthe ag na Gníomhairí Idirnáisiúnta Tallainne thall. Ní dóigh léi gur thuigeadar an ealaín ‘nua’ ach seanda seo ina hiomlán, ainneoin na suime a léiríodar sna taispeántais éagsúla a rinne sí. Seans go dtiocfaidh athrú ar a dtuiscint ar ball – go díreach mar a tharla abhus.

Bhí sí chun an tuiscint seo don chruthaitheacht i rince a fhorbairt sa Damhsa Comhaimseartha (Contemporary) ar ball leis an Coiscéim Dance Theatre faoi anáil David Bolger.

Is tábhachtach léi an scannánaíocht mar ghléas chun an damhsa cruthaitheach seo a chur chun cinn. I dteannta Gavin Fitzgerld agus Barry Flynn, tá comhlacht 8.12 Film ag saothrú i réimse na nuachruthaitheachta agus tá aitheantas faighte ag a gcuid léirithe i scéimeanna ar nós Lasair TG4 a fheidhmítear ag Filmbase. Bhaineadar an chéad duais i Roinn na Gearrscannáin in Oireachtais na bliana 2010 agus bhain ‘Faoi Gheasa’ aitheantas ag Féile Scannánaíochta an Daingin.

Meas aici ar scannánaíochta abhus mar a léiríodh seo i ‘Kings’.

Tuigtear di go bhfuil muintir na Danmhairge go mór chun tosaigh i léiriú na cruthaitheachta is gá i gcúrsaí scannánaíochta. Seo a fhágann gur gaiscígh aici scannánóirí amhail Lars Von Trier na tíre sin, agus an fathach Ingmar Bergson na Sualainne.

Síleann Sibéal go bhféadfaí móreachtraí i litríocht na Gaeilge a léiriú i bhfoirmlí nua scannánaíochta. B’fhéidir go mbeadh ‘Cré na Cille’ mar ábhar dá leithéid mar gurb é an Cadhnach duine de na mórghaiscígh ina saol. “Ba bhreá liom an deis a bheith faighte agam bualadh leis.” Bígí ag faire! Luann sí a máthair, Máire Nic Fhinn, mar inspioráid i gcónaí di. Ní beag san mar mholadh.

Sin agaibh spléachadh ar an mbeospiorad ar Sibéal Davitt é.

Sibéal Davitt. Cuireadh chun cainte gan caint!