Feabhra
2012
San Eagrán seo
Aerscéalta

Volvo Ocean Race Beo

Craoladh ar an rás cuain i Sanya na Síne. Beidh an t-aicsean agus an nuacht is déanaí againn ón rás. Ullmhóidh siad do thús na ceathrú céime agus tabharfaidh a n-aghaidh ar Auckland na Nua Shéalainne.

Dé Sathairn 18 Feabhra 11.55am & Dé Domhnaigh 12.20pm

GAA Beo

Cluichí Leathcheannais Peile AIB na gClubanna. Craoladh beo ar Naomh Brigid (Ros Comáin) v Carraig an Chaisleáin (An Iarmhí), ar Pháirc an Phiarsaigh agus craoladh iarbheo ar Na Crócaigh (Ciarraí) v Raonaithe na Croise (Ard Mhacha) ar Pháirc Uí Mhórdha i bPort Laoise. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers.

Dé Sathairn 18 Feabhra 1.30pm

Rugbaí Beo

Craoladh beo ar Chonnachta v Warriors sa 15ú babhta den RaboDirect PRO12 as an Sportsground i nGaillimh. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Live coverage of Connaught v Warriors in round 15 of the RaboDirect PRO12 at the Sportsground. Presented by Máire Treasa Ní Dhubhghaill

Dé Sathairn 18 Feabhra 5pm

An G Team

Sraith nua ina rachaidh pobail Ghalltachta in iomaíocht lena chéile le €40,000 a bhuachan ó Fhoras na Gaeilge ach Gaeltacht a dhéanamh den cheantar. Ar chlár na hoíche anocht, tabharfaidh Lios Mór i gContae Phort Láirge aghaidh ar Bhaile na nGallóglach i gContae Dhún na nGall.

Dé Domhnaigh 12 Feabhra 8pm

Ar chlár na hoíche anocht, tabharfaidh Cróch i gContae Luimnigh aghaidh ar Bhaile Liam i gContae na Gaillimhe.

Dé Domhnaigh 19 Feabhra 8pm

Tubaiste Manx Air i gCorcaigh

Bliain go ham seo a tharla tubaiste eitleáin Manx Airline i gCorcaigh. Maraíodh seisear a bhí ar bord. Cuimhneoimid ar na daoine a maraíodh agus gheobhaimid léargas ar an méid atá saothraithe ó shin ag an té a mhair.

Dé Domhnaigh 12 Feabhra 9.30pm

B’í Mo Mhamó Í

Róisín Ní Shé: Sa chéad chlár den tsraith, rachaidh Cormac De Barra ar thuras pearsanta le heolas a chur ar a mhamó, Róisín Ní Shé, cruitire. Cé go raibh aithne maith aige féin uirthi cuirfidh sé aithne de chineál eile uirthi tríd an gcur síos a dhéanfaidh daoine eile a raibh aithne acu uirthi agus na scéalta atá acu fúithi.

Dé Domhnaigh 19 Feabhra 9.30pm

Geantraí

Is í an t-amhránaí Carmel O’Dea a chuirfidh an tríú clár den tsraith i láthair as Teach Ósta O’Keefe in Inis, Co. an Chláir. Beidh Pádraig Rynne, Sylvain Barou agus an t-amhránaí Josie Harrington i measc a cuid aíonna.

Dé Domhnaigh 12 Feabhra 10pm

Is é an fidléir, Fionn Mac Giolla Chuda a chuirfidh an clár seo i láthair as an teach tábhairne ‘The Local Bar’ i nDún Garbháin, Contae Phort Láirge. I measc na gceoltóirí a bheidh ina theannta beidh David Power, Ciarán Ó Gealbháin, Ciaran Sommer, Donnchadha Gough agus Donal Clancy chomh maith leis an amhránaí Áine Uí Cheallaigh.

Dé Domhnaigh 19 Feabhra 10pm

Feirm Factor

Tabharfaidh beirt fheirmeoir déag aghaidh ar a chéile chun Land Rover Discovery 4 Commercial agus árachas bliana saor in aisce ó FBD Insurance a bhuachan. Is í Maura Derrane a chuirfidh an tsraith i láthair arís i mbliana. Beidh aoi-mholtóir i láthair gach seachtain le cúnamh a thabhairt don saineolaí feirmeoireachta – Seán Ó Lionáird – iomaitheoirí a roghnú. Beirt bhan agus deichniúr fear, as gach cearn d’Éirinn agus as an tSlóvaic fiú, a bheidh san iomaíocht i mbliana.

Dé Luain 13 Feabhra 9.30pm

Tá na feirmeoirí bailithe ag Coláiste Talmhaíochta Chloich na Coillte le tabhairt faoi na chéad tascanna. Michael O’Doherty, Ceann Tréidliachta UCD, aoi-mholtóir na seachtaine seo. Beidh ar na hiomaitheoirí dáileog a thabhairt do bheithígh, tarracóir a thiomáint agus cuirfear scrúdú orthu maidir le hainmhithe éagsúla feirme.

Dé Luain 20 Feabhra 9.30pm

7 Lá

Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

Dé Máirt 21 Feabhra 7.30pm

Ros na Rún

Tá Dara trína chéile mar nach bhfuil a fhios aige céard atá ar bun idir é féin agus Caitríona. Iarrann sé comhairle ar Mack. Insíonn sé do Mhack go bhfuil airgead curtha go leataobh aige don pháiste. Bíonn Mack oibrithe nuair a chloiseann sé é seo agus gur phóg Dara agus Caitríona. Tá Vince tinn tuirseach de Grace agus is fada leis anois go dtabharfaidh sí a haghaidh amach as Ros na Rún.

Dé Máirt 21 Feabhra 8.30pm

Ceistíonn Mack Caitríona faoin airgead atá curtha go leataobh ag Dara don pháiste. Ní thugann Caitríona aird ar bith air agus bagraíonn Mack uirthi go bhfuil sé in am ag Dara fios a bheith aige nach hé athair an pháiste é. Tá imní ar Chathal faoi go bhfuil Al fós sa cheantar agus socraíonn sé cúig mhíle euro a íoc leis ach imeacht as Ros na Rún. Glacann Al leis an airgead agus imíonn sé. Nuair a chailleann John Joe airgead atá curtha ar gheall aige téann sé chuig an ATM chun tuilleadh airgead a fháil ach baintear siar as é nuair a thuigeann sé nach bhfuil aon phingin fanta aige!

Déardaoin 23 Feabhra 8.30pm

Mo Ghrá Gael

Corcaigh: An dara clár i sraith nua cleamhnais. Tá Síle Ní Scanláin agus Ainle Ó Cairealláin fós ar thóir grá, Grá Gael. Is i gCorcaigh a bheidh siad an tseachtain seo, agus le cabhair ó shuíomh idirlín Mo Ghrá Gael, buailfidh siad le daoine eile atá singil. An rachaidh duine ar bith i gcion ar an mbeirt?

Dé Máirt 14 Feabhra 10pm

Tá Síle Ní Scanláin agus Ainle Ó Cairealláin ag imeacht ar fud na tíre ar thóir grá. Is i nGaillimh a bheidh siad an tseachtain seo. Buailfidh siad le daoine a chuir físeán isteach chuig suíomh idirlín Mo Ghrá Gael. An dtiocfaidh siad ar a ngrá Gael i gcathair na dTreabh?

Dé Máirt 21 Feabhra 10pm

Bean an Tí sa Chistin

Sraith cócaireachta ina rachaidh beirt bhan tí in iomaíocht lena chéile chun béile a réiteach do sheisear Gaeilgeoirí. Na Gaeilgeoirí féin a roghnóidh an béile is fearr leo. Tabharfaidh Siobhán Malone agus Léan Bán Breathnach as Cois Fharraige aghaidh ar a chéile sa chlár seo. Is iníonacha le beirt bhan tí iad na cailíní. Cén béile is mó a thaitneoidh leis na moltóirí? Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

Dé Céadaoin 15 Feabhra 8pm

Anocht tabharfaidh Máirín Uí Threasaigh as Co. na Gaillimhe agus Mairéad Uí Bhrádaigh as Co. Dhún na nGall aghaidh ar a chéile sa chlár seo. Cén béile is mó a thaitneoidh leis na moltóirí? Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

Dé Céadaoin 22 Feabhra 8pm

Rásaí na Gaillimhe 2

Tagann Creed roimh na pleananna a bhí ag Keane ach faraor faigheann an t-iriseoir Hanly eolas ar a raibh ar bun. Tá duine éigin ag cur as do Harris agus tá deartháir Shiobháin ag cur as dise. Tá na deartháireacha de Barra ligthe amach as an bpríosún a bhuíochas sin dá ndeartháir Oisín ach ní mó ná sásta atá siad go gcaithfidh siad dul ar ais go Gaillimh.

Dé Céadaoin 15 Feabhra 9.30pm

Bíonn sé ina chaitheamh agus ina réabadh agus tá Siobhán agus muintir de Barra ina cheartlár. Is dona a théann an spraoi do Keane mar go gcuirtear duine éigin den saol á bharr.

Dé Céadaoin 22 Feabhra 9.30pm

Comhrá: Máirín Mhic Lochlainn

Is í Máirín Mhic Lochlainn as Tóin an Chnoic i Ros an Mhíl i nGaeltacht Chois Fharraige a bheidh ag comhrá le Máirtín anocht. Aisteoir agus scéalaí í a bhfuil suim ar leith aici sa stair áitiúil. Tráchtfaidh sí ar an tréimhse fhada a chaith sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla agus ar an am a raibh sí ina mainicín sna 1960ídí.

Déardaoin 23 Feabhra 7.30pm

Imeall

Joseph O' Connor: Scríbhneoir is ea Joseph O' Connor a bhfuil clú agus cáil air ar fud an domhain. Tá sé tar éis an gradam Irish PEN Lifetime Contribution to Irish Literature a bhuachaint, agus labhróidh Imeall leis faoin mbliain a bhí aige anuraidh agus faoina leabhar nua a bheidh ag teacht amach níos déanaí i mbliana. Déardaoin 23 Feabhra 9.30pm

Buailfidh Sinéad Ní Mhaonaigh leis an ealaíontóir Corban Walker, a bhfuil clú agus cáil air ar fud an domhain, agus tabhfarfaidh siad cuairt ar thaispeántas leis san RHA.

Déardaoin 16 Feabhra 9.30pm

Cé a Chónaigh i mo Theachsa?

Sa chlár seo tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar an mBlascaod Mór ar chósta Chiarraí áit a tugann Laois Ó Dálaigh cuireadh dó stair theach a muintire ar an oileán a iniúchadh.

Déardaoin 16 Feabhra 10pm

Tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar Chaisleán Glin i gContae Luimnigh atá neadaithe i mbéal na Sionainne. Is ann a bhí cónaí ar Ridirí Glin, ceann de na teaghlaigh Angla-Normánach is faide sa tír seo. Déanfaidh Desmond Fitzgerald, a iníon Catherine agus fear céile Catherine, an t-aisteoir Dominic West, cur síos dúinn ar na Ridirí a raibh cónaí orthu sa teach. Beannacht Dé le hanam Desmond Fitzgerald a bhásaigh ó rinneadh an clár seo.

Déardaoin 23 Feabhra 10pm
Glór Anoir
Iris Aniar
Iris Aniar
An Saol ó Dheas
Barrscéalta
Cé a Chónaigh i mo Theachsa?
Rásaí na Gaillimhe 2
Bean an Tí sa Chistin
Comhrá: Máirín Mhic Lochlainn
Cairde i gCéin
Cairde i gCéin

BBC ULADH

Cairde i gCéin

Ó Ghaeltacht Bhéal Feirste go dtí an Bhrasaíl

Is léir go mbíonn lucht na Gaeilge le fáil ar fud an domhain, agus níl an Bhrasaíl in aon ní difriúil. Sa sraith úr seo ó BBC Thuaisceart Éireann, ‘Cairde I gCéin’, leanfar Diarmuid Ua Bruadair arb as Iarthar Bhéal Feirste é, agus a chlann, agus iad ar thuras carthannach go dtí an Bhrasaíl. Is turas é seo a dhéanann siad gach uile bhliain, ach cén fáth a bhfuil siad tiománta chun dul i gcabhair ar mhuintir na Brasaíle?

Caitheann Diarmaid Ua Bruadair, ó Iarthar Bhéal Feirste, gach uile Shamhraidh ag tógáil tithe le hoibrithe deonacha eile i bpobal neamhfhorbartha i dTuaisceart na Brasaíle. Is as an Bhrasaíl í bean céile Diarmaid ó dhúchas agus tagann sí féin, agus a dtriúr iníonacha, iad ar fad faoi 11 bhliain d’aois, leis ar an turas neamhghnáthach seo. Is Gaeilgeoirí líofa iad ar fad. Sa sraith fáisnéise seo, ‘Cairde i gCéin’ beidh deis againn dul ar an turas leis an chlann seo ón uair a chuireann siad a dteach féin faoi ghlas don tsamhradh imeacht leo chun cuidiú le teaghlaigh áitiúla tithe a thógáil i mbaile Paranaíba.

Le linn na sraithe, foghlaimeoidh muid cén fáth a dtugann Diarmaid, Alvina agus na hoibrithe deonacha eile faoin turas seo gach bliain. Leanfaidh muid an grúpa agus iad ag bogadh isteach leis na teaghlaigh áitiúla agus iad ag cur tús lena cuid oibre. Tabharfaidh siad faoi dhúshlánna éagsúla agus roinnfidh siad a bhfrustachais bpearsanta le linn na tréimhse. Beidh deis ag an ghrúpa aithne a chur ar roinnt thraidisiún áitiúil chomh maith, mar shampla ealaín chomhraic na Braisile, Capoeira. Tabharfaidh an grúpa cuairt ar láthair dumpála chomh maith ina mbíonn a lán de mhuintir na háite ag obair.

Dúirt an léiritheoir, Céara Quinn: “In aineoinn na ndeacrachtaí agus an fhrustachais uilig go léir, nuair a bhí na searmanais oscailte do na tithe nua-thógtha ag tarlú, thuig gach duine a thaistil ann go raibh siad ar thuras tábhachtach pearsanta agus gur fhoglaim siad an oiread ó mhuintir na háite faoi chlann, chairdeas agus faoi na nithe atá tábhachtach sa saol.”

Is é ‘Triple Vision Productions’ a léirigh ‘Cairde i gCéin’ do BBC Thuaisceart Éireann, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Dé Luain, 13ú Feabhra, BBC 2 Thuaisceart Éireann 10i.n.

Iris Aniar

Mar chuid den tsraith míreanna ar Raidió na Gaeltachta faoi 50 bliain de theilifís RTÉ beidh Eibhlín Ní Chonghaile i mbun comhrá inniu le daoine a bhí an-óg nuair a cuireadh RTÉ ar bun. Cloisfimid faoi na cuimhní cinn atá acu ar chéad bhlianta na teilifíse, agus an tionchar a bhí ag teacht na teilifíse ar shaol baile mhuintir na Gaeltachta.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Céadaoin 15 Feabhra. 9.08 am

Glór Anoir

Ar na míreanna ar an gclár inniu beidh agallamh le Paddy Hayes ó Magamedia faoin tsraith nua teilifíse Éalú a bheidh ag tosú ar TG4 anocht. Seo an tríú tsraith den chlár seo faoi phríosúnaigh a d’éalaigh. Anocht, is é cás Sheáin Bourke agus George Blake a d’éalaigh ó Wormwood Scrubs i 1966. Sna cláracha eile sa tsraith seo insítear scéal Phaddy Fleming as Laois, Francie McGuigan as Béal Feirste, Frank Carty as Sligeach, George Gilmore as BÁC agus an t-éalú tolláin ón Cheis Fhada i 1974.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin 16 Feabhra. 5.04 pm

Barrscéalta

Beidh mír ar Bharrscéalta inniu faoi cheiliúradh 50 bliain theilifís RTÉ. Beidh Áine Ní Churráin i mbun cainte le daoine a bhí ina ndéagóirí nó ina ndaoine fásta nuair a tháinig RTÉ ar an saol, agus beidh siad ag caint faoi mar a d’athraigh sé rudaí, agus tionchar na teilifíse ar rudaí cosúil le cúrsaí faisin agus cúrsaí ceoil.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 17 Feabhra.11.02 am

An Saol ó Dheas

Beidh An Saol ó Dheas inniu á chraoladh beo as Tigh Tábhairne Uí Mhurchú i mBaile an Fheirtéaraigh áit a bhfuil Scoil Cheoil an Earraigh faoi lán-tseoil ó Dé Céadaoin. Is í Áine Uí Laoithe a bheidh sa chathaoir inniu, agus beidh sí i mbun cainte le múinteoirí agus le foghlaimeoirí atá ag freastal ar an scoil, agus beidh neart ceoil agus amhrán le cloisteáil chomh maith.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 17 Feabhra. 12.08 pm

Seomra Comhrá

Is as do Bhaile Átha Cliath do Chaitríona Bairéad, áit ina rinne sí céim sna hIlmheain in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Mar chuid den gcúrsa sin, tháinig sí go Raidió na Life i 2007 le intéirneacht a dhéanamh ar feadh 6 mhí, ina chuir sí lena scileanna taighde, léiriúcháin agus eagarthóireachta. Nuair a chríochnaigh sí lena bunchéim, thosaigh sí ag obair leis an bhféile mór Seachtain na Gaeilge agus rinne sí iarchéim i nGnó le Bainistíocht Imeachtaí Cultúrtha in IADT i nDún Laoghaire. Anois tá sí ag obair mar Oifigeach Forbartha le pátrún scoile An Foras Pátrúnachta.

Cuireann Caitríona spéis i gcúrsaí reatha, teangacha, carranna, ainmhithe, taisteal agus Caffrey's snowballs.

Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. Na Mí do Siobhán Seoighe. Bhain sí bunchéim sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide agus fuair sí Máistreacht sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá neart taithí faighte ag Siobhán ó shin ag obair mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr, Bainisteoir Imeachta don fhéile náisiúnta Rith 2010 agus anois mar Fheidhmeannach le An Foras Pátrúnachta.

Tá suim ag Siobhán i gcúrsaí spóirt, polaitíochta, litríocht, ceol agus fizzy cola bottles.

Anois tá Caitríona agus Siobhán tagtha go Raidió na Life 106.4FM le spóirt agus spraoi a bheith acu beo ar aer gach Déardaoin ag 19:00 ar An Seomra Comhrá. Is clár beoga agus spraíúil é An Seomra Comhrá, áit ina mbeidh an bheirt mhná ag plé cúrsaí an tsaoil idir an grá, spóirt, ceoil agus neart eile. Is maith linn a bheith ag gáire agus a bheith ag breathnú ar an saol le croí éadrom. Táimid ag súil le cloisteáil ón bpobal le comhrá a dhéanamh linn faoi rud ar bith faoin ngrian! Ní amháin sin, ach tá Comórtas na ‘h’-anna againn agus go leor duaiseanna deasa le buachaint urraithe ag Udar.ie chomh maith!

Bígí ag comhrá linn gach Déardaoin óna 7!