Meitheamh 2014
Clic-Pic don Scéal
Príomhscéal

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014

Bhuaigh an té is óige ar an ngearrliosta ar fad, Doireann Ní Fhoighil, Aisteoir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, 2014, don ról a bhí aici sa ghearrscannán Rúbaí, scéal faoi chailín óg a fhógraíonn gur aindiachaí í agus nach bhfuil sí ag iarraidh páirt a ghlacadh i Lá na Chéad Chomaoineach leis na páistí eile sa rang.

Club Setanta

Seapánaigh an Sliotair

Nach ar Chú Chulainn féin a bheadh an lúcháir chathach agus cailíní agus buachaillí Chlub Setanta le feiceáil i ngéariomaíocht iománaíochta le Seapánaigh óga Nihon/Japan Gaels.

 

Siansa

Tony Mangan fós ag rith tar éís 44,503km!

Ceithre bliana ó shin thuairiscíomar in SAOL go raibh an t-ollreathaí Tony Mangan chun rith trasna an domhain mhóir. Go deimhin d’fheidhmigh SAOL mar chomhordaitheoir dá chéad seal ar an aistear ó Bhaile Átha Cliath, tar éis dó Maratón na hArdchathrach a rith, go caladh Dhún Chaoin. Go leor dár gcairde a thacaigh leis.

 

Ré SAOL Thart

Ní bheidh SAOL ar fáil a thuilleadh tar éis eagrán na míosa seo chugainn de bharr chinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le hirisí éagsúla na Gaeilge. Fágfaidh muid slán, mar sin, le cairde, idir shean agus nua, a rinneadh thar 30 éigin de bhlianta.
Colm Ó Tórna. Eagarthóir.