Bealtaine 2013
Clic-Pic don Scéal

Ag ócáid speisialta i gClub na Múinteoirí ar an 13 Aibreán, bronnadh 'Gradam Shean-Nós Chois Life' ar Mháire Ní Chéileachair (Corcaigh) ‘as ucht an saibhriú atá déanta aici ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta.

Tógadh Máire ar an bhFearann i gCo. Chorcaí agus is ó Chill na Martra dá muintir. Ba í Máire an chéad stiúrthóir ar “Aisling Gheal” – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí – sa bhliain 2000 agus tá blianta caite aici i mbun ranganna d’aos óg Mhúscraí. Is ball d’Acadamh Fódhla í, a bhronn bonn óir uirthi in 2012, agus tá aithne fhorleathan uirthi mar amhránaí a bhíonn le cloisteáil go minic ag féilte ar fud na tíre. Is mar chomhartha ómóis agus measa dá cuid oibre ar son thraidisiún cheantar Mhúscraí a bronnadh Gradam Shean-Nós Chois Life uirthi le linn na féile i mbliana.

Bhí slua mór i láthair ag an ócáid chun tréaslú le Máire, agus chun a gradam a cheiliúradh léi. Labhair Peadar Ó Riada, Cúil Aodha, agus bhí ardmholadh aige don obair ar fad atá déanta ag Máire ag cothú thraidisiún na hamhránaíochta sa cheantar thar na blianta, go háirithe i measc an aosa óig.

MÚSCRAíGH! Comhghairdeas mór á dhéanamh ag Peadar Ó Ríada le Máire


Antaine Ó Farrachain i gcomhar ceirde le Caitríona Ní Cheannabháin le linn Sean-Nós Chois Life.

Ón PC go iOS!

Tá an leagan iOS de Dead Hungry Diner á fhógairt go hoifigiúil ag Black Market Games anois. Tá sé ar fáil don iPhone, iPad agus iPod Touch agus is féidir é a cheannach ón AppStore/iTunes.

“Tá lúcháir orainn gur éirigh chomh maith sin leis an aistriú ón PC go iOS, lenár dteicneolaíocht trasardáin.” arsa Eric Reinhart, Stiúrthóir agus Comhbhunaitheoir. "Tarlaíonn sé go bhfuil Dead Hungry Diner an-oiriúnach don ardán iPad/iPhone. Tá an imirt ar an scáileán tadhaill chomh hiontach agus a shamhlaigh muid é."

“Is iontach an mothúchán é gur éirigh linn sprioc eile a bhaint amach agus ár gcluiche a thabhairt chuig an AppStore agus iTunes.. Bhí an teicneolaíocht tadhaill ar intinn againn i gcónaí le Dead Hungry Diner agus tá sé dochreidte é a fheiceáil agus a imirt ar na fearais seo anois. Ach ní hé seo deireadh na forbartha do Dead Hungry Diner. Tá straitéis á forbairt againn faoi láthair le Dead Hungry Diner a thabhairt chuig meáin eile cosúil le leabhair agus cartúin. Mothaímid go bhfuil i bhfad níos mó le tairiscint ag na carachtair ghrámhara ghleoite agus táimid ag obair go dian leis an sprioc sin a bhaint amach go luath' arsa Lee Fallon, Stiúrthóir agus Comhbhunaitheoir Black Market Games.

Tá Dead Hungry ar fáil sna teangacha seo a leanas: Béarla, Fraincis, Iodáilis, Gearmáinis, Spáinnis agus Gaeilge agus tá sé saor ó aon cheannach breise san App agus ó Fhógraíocht san App. Tá buíochas ar leith ag dul do Fhoras na Gaeilge a thug tacaíocht don aistriúchán go Gaeilge ar na leaganacha ríomhaire agus iOS.

Eolas: http://www.blackmarketgames.com.

Is féidir cóip de Dead Hungry Diner don iPad/iPhone a íoslódáil ag : https://itunes.apple.com/us/app/dead-hungry-diner/id638402900?mt=8&uo=4 !