Bealtaine 2013
Clic-Pic don Scéal

Bhí scoth an cheoil agus na filíochta le cloisteáil in ionad Cois Teallaigh an mhí seo caite nuair a bronnadh Corn an Choirnéil Eoghan Ó Néill ar Philip Cummings as Droim Réamoinn.

Tá an comórtas dátheangach seo á reáchtáil don séú bliain as a chéile ó bhí 2008 ann agus is ócáid lárnach é le linn an mhalartaithe chultúrtha is seanbhunaithe idir Éire agus Albain, mar atá Turas na bhFilí.

Bhuaigh Cummings duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghan Ó Néill leis an dán Connla. Ba é mac an fhile féin a spreag an dán agus baineann an t-ábhar leis an ngrá dobhriste a mhaireann eatarthu.

Dúirt an file ar an oíche, “Agus mé ag smaoineamh ar an gcaidreamh idir athair agus mac, in amanna ní deirtear a lán focal, ach tá caidreamh agus cumarsáid ag dul ar aghaidh cibé ar bith.” Is féidir breathnú ar an agallamh iomlán tríd an nasc seo a leanas: http://aroconnect.com/tracking/Link.aspx?MessageID=26148815&LinkID=243171.

Chuir 26 file isteach ar an gcomórtas san iomlán agus ní raibh ach 8 ndán le roghnú as 54. Is iad Marcas Mac an Tuairneir, Daibhidh Eyre, Anna Ní Chathluain, Paddy Bushe, Caitríona Ní Mhurchú, Maoilios Caimbeul agus Máire Wren a ainmníodh ar an ngearrliosta agus bhí ardchaighdeán filíochta le cloisteáil uathu uile ar an oíche.

Ba iad Gabriel Rosenstock agus Meg Bateman a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas agus, cé go raibh cinneadh deacair le déanamh acu, bhí an bheirt ar aon intinn maidir leis an mbuaiteoir.

Bhí an lucht féachana curtha faoi gheasa ag amhráin, ceol agus filíocht na nAlbanach a bhí mar aíonna ar an oíche, na filí Gillebrìde Mac Ille Mhaoil agus Meg Bateman, an fidléir Allan Henderson agus an t-amhránaí Sineag Nic an t-Saoir.

D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFílí Albanacha i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal agus mar chuid de Thuras na bliana seo thug na filí Albanacha aghaidh ar Cheantar Iorrais agus ar Oileán Acla i gCo. Mhaigh Eo agus chríochnaigh an Turas i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Brígíd Ní Ghríofa, Feidhmeannach Forbartha Corparáidí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:
“An buaicphointe is mó a d'eascair ó Thuras na bliana seo ná an léargas iontach a fuair na cuairteoirí ar chultúr ceantair thuaithe in iarthar Mhaigh Eo agus iad ar cuairt chuig na scoileanna i gCeathrú Thaidhg, i gceantar Dhumha Thuama agus i nGaoth Sáile. Ba léir na cosúlachtaí móra agus an gaol atá idir an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban, bhí ionadh an domhain ar na daltaí scoile a thabhairt faoi deara go bhfuil teanga Cheilteach eile cosúil leis an nGaeilge amuigh ansin.”

Seo daoibh dán Philip.
Connla
Bhí mé as baile le tamall
– cráite ag ceoltóirí in Lorient,
mé ag léamh dánta Gaeilge do Fhrancaigh
nár leor a gcuid Béarla lena dtuiscint –
ach ní fios cá fhad achar deich lá
i samhlaíocht gasúir dhá bhliain d’aois:
seans gur shíl sé gur marbh a bhí mé.

Chas sé amach ó ghogaide a mháthar
nuair a bhrúigh mé an doras isteach le mo mhála,
bhain lán a dhá shúil asam agus thosaigh
a shiúl síos an halla, sraitheog mhoillithe,
coiscéim chúramach i ndiaidh na coiscéime cúramaí
– ní fios cá fhad aistear deich dtroithe
i gcroí tachráin a chaill a athair.

Chuaigh mé síos ar leathghlúin,
chaoch súil ar an tuismitheoir thréigthe
muid beirt ag dúil leis an chéad abairt uaidh,
ach lean sé leis ag triall gur chaith
a lámha tharam, gur neadaigh a aghaidh i mo chliabh.

Cibé eolas atá agam ar an ghrá
tá sé sa loinnir i súile mo mhná,
sa tocht a tháinig orm féin,
i ngreim mo mhic ar mo mhuineál,
i gcruinneas na bhfocal gan rá.