CIARA FAOI DHÓ! Is fada ón gceamara Brownie atáimid anois – cé nach bhfuil sé de chead ag éinne an gléas beag boscúil a ghearán – ach bhí Ciara Ní hÉanacháin á ‘aimsiú’ faoi dhó agus an grianghraf seo á ghlacadh ag SAOL tar éis gur roghnaíodh í mar Chailín Gaelach na nGael Óg. Tuigtear dúinn go raibh Ciara le cloisteáil ar RnaG agus Tomaí Ó Conghaile á chur ina bhosca Ultach aici! De réir dealraimh, bhí Tomaí groí ag gearán comórtas dá leithéid! Ina teannta sa ghrianghraf tá Blathnaid Ní Chofaigh, RTÉ, a d’fhógair a gradam don slua, agus Seosamh Mac an Iomaire, fear an tí agus agallóir na gcailíní.
|
GAEIL ÓGA! Radharc ar chuid den slua a d’fhreastail na hócáide.
|
MÓR SA SPÓRT IAD! Baill foirne na nGael Óg iad Muireann Ní Dheaghdha, Meabh Ní Chualáin, Orlaith Ní Fhoghlú, Máirede Staic, Síne Nic an Áilí, Poe Wong agus Sarah Ní Mhuirí.
|
LÁNTACAÍ! Seo daoibh scata de lántacaí na nGael Óg – Doireann Ní Ghlaicín, Edel Ní Bhraonáin, Kevin Ó Braonáin, Deirdre Ní Mhurchú agus Daní Nic an tSionnaigh, Cailín Gaelach 2011.
|
COMHAR BEIRTE: Malachí Mac Amhlaoibh agus Síne Nic an Áilí ag baint taitnimh as an ócáid.
|
COMHAR BEIRTE EILE! Cormac Mac Caisín agus Emer Ní Fhoghlú i dtiúin le ceol agus le spraoi na hoíche
|
CAIRDE GAELACHA: Méabh Ní Chualáin agus Sarah Egan ag fanacht ar thoradh an chomórtais.
|
AR AN IMEALL: Ghoill an glór agus an ruaille buaille rómhór ar leochaileacht na laochra seo agus bhailíodar amach go halla an chlub seal.
|
AG FANACHT… Sceitimíni áirithe ar Chiara Ní hÉanacháin roimh fhógairt an toraidh ach fuair sí sólás i gcomhluadar Ona Nic Carthaigh agus Aodháin Uí Dheá.
|
CEOL BEIRTE: Bhí Poe Wong Hong Cong an-tógtha leis an gceol a sholáthraigh Breandán agus Tiarnán Ó Sé – agus lena gcomhluadar!
|
SA PHLUAIS DÓIBH: ‘Snug’ a ghlaoití ar na cúlionaid bheaga sna pubanna fadó. A macasamhail anseo i gClub an Chonartha dóibh siúd atá bréan de shíorchoimhlintí agus snámh in aghaidh drochghramadach Gaeilge – cuma saghas scriosta traochta, meas tú, ar Phól Ó Maoilmhichíl, ar Martha Ní Thailliúir, ar Rónan Mac Murchadh, ar Ghearóid Ua Conchubhair agus ar Sheosamh Ó Muineacháin!
|
MO THRIÚR GAISCÍGH: Triúr Laochra Chumann na nGael Óg iad Marcus Ó Leannacháin, Traenálaí na foirne sinsearaí, Maitiú Ó Coimín, laoch imeartha, agus Daithí De Buitléir, Cathaoirleach.
|
Bíonn spleodar dá chúid féin bainteach le himeachtaí sóisialta na nGael Óg gan aon agó. Tá gradaim bainte chomh maith ar pháirc na caide agus píosa spraoi tuillte go maith tar éis oícheanta crua traeneála an gheimhridh agus na n-aistí bia a bhain gach pioc de mheáchan breise! Is dócha go n-insíonn na grianghraif an scéal féin – an ócáid molta go fiú dá bhfanfadh an ceamara ina thost!
Eolas/Clárú/Tacú
Twitter:@nagaeiloga
Facebook: Na Gaeil Óga CLG
www.nagaeiloga.ie
cumannclg@gmail.com
Tá nasc chuig an nuachtlitir anseo:http://content.yudu.com/Library/A25zwx/AnGaelgnuachtlitir/resources/index.htm?referrerUrl=http%3A%2F%2Ffree.yudu.com%2Fitem%2Fdetails%2F878370%2FAn-Gael---g--nuachtlitir
|
|