Meitheamh 2013
Clic-Pic don Scéal

Diarmuid

Is i Leabharlann Phoiblí Bhré Chill Mhantáin a seoladh ‘Titim agus Éirí’, beathaisnéis Dhiarmuid Breathnach, ar na mallaibh. Ábhar misnigh dúinn uile go léiríonn sé gur féidir i gcónaí leis an té a mbuailtear é a aiséiri pearsanta a shaothrú, fiú más air féin atá an locht! Deirtear linn go mba ‘le linn na hollscolaíochta sin,’ agus Coláiste Ollscoil na hÉireann á fhreastal aige, ’a thosaigh an ‘titim’. Chaitheadh sé gach lá sa Leabharlann Náisiúnta in áit bheith ag freastal ar léachtaí. Seans go raibh baint ag an mbochtanas leis - nó le heaspa aibíochta.’
 

SEOLTA GO HARD! Le feiceáil sa phictiúr, ó chlé, tá: Michael Kelleher, Diarmuid Breathnach, agus Bob Collins.

Ach in 1952 d'éirigh leis post leabharlannaíochta a ghnóthú. D'oir an cheird sin go breá dó i rith chúig bliana is tríocha dá shaol, fiche bliain de i leabharlanna RTÉ, é ina Phríomhleabharlannaí ann ar deireadh.

Titim níos troime ina shaol ba é bás a mhná céile Pádraigín Nic Cárthaigh, 25 éigin de bhlianta ó shin, gur fágadh Diarmaid agus triúr clainne á caoineadh.

Tá aithne ag an saol Fódlach, agus ag pobal na Gaeilge go háirithe, air as a chuid scríbhneoireachta mar iriseoir cáilithe, as an mbaint a bhí aige le Cumann Merriman, as a chuid craoltóireachta le RTÉ agus, thar aon ní eile, i ngeall ar a chuid oibre leis na naoi n-imleabhar den saothar Beathaisnéis a thabhairt ar an saol, breis agus 1,700 cuntas ar bheathaí mhórphearsana na Gaeilge ón mbliain 1560 anuas. In 2002 ghnóthaigh obair na beathaisnéise D.Litt. Celt dó féin agus dá chomhghleacaí, Mháire Ní Mhurchú.

Ach an babhta seo, tugann Diarmuid aghaidh ar a bheatha féin. Nochtar scéal a ghiniúna, a óige agus é ag fás aníos i gContae Chill Mhantáin, a chuid scolaíochta i mBré agus i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, é faoi scáth an bhochtanais, go háirithe ón uair a cailleadh a athair agus an tionchar diúltach a bhí aige sin ar a mheon féin ar feadh i bhfad.

Déantar cur síos dúinn ar an gceird a ghlac sé chuige féin: an leabharlannaíocht. Cuid thábhachtach dá shaol ón tús ab ea an Ghaeilge agus tugtar léargas ríspéisiúil don léitheoir ar shaol na Gaeilge sa Pháil ó na 1940idí ar aghaidh.

Agus na ceithre scór sroichte anois aige, is dual don bheathaisnéisí a scéal fein a insint. I gCill tSíomóin, Co. Chill Mhantáin, a rugadh Diarmuid ar 5 Lúnasa 1930.

€18 atá ar an saothar taitneamhach eolgasach seo ó Chló Iar- Chonnachta agus is feidir é a cheannach ar líne chomh maith © Cló Iar-Chonnachta:
Fón + 353 91 593 307
Facs + 353 91 593 362
r-phost info@cic.ie

 


Mol an Óige

Is cúis mhór mórtais í do COMHAR go bhfuil an dara heagrán d’iris liteartha don aos óg COMHAR ÓG foilsithe. Tháinig an chéad eagrán amach i mí Eanáir na bliana seo nuair a cuireadh fáilte roimh ghearrscéalta, roimh fhilíocht, roimh ailt, roimh chartúin, roimh ghrianghraif, roimh lúibíní agus roimh ábhair oiriúnacha eile ó dhaltaí dara leibhéal na tíre. Seo chugaibh dara heagrán COMHAR ÓG!

Fuair an tionscadal seo maoiniú ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Is deis iontach í do dhaoine óga a bhfuil suim acu sa scríbhneoireacht agus sa léitheoireacht, nó suim sa leagan amach agus sa stíl faoi leith a bhaineann le hiris liteartha. Is cinnte gurb iad léitheoirí agus scríbhneoirí COMHAR ÓG a bheas ag tacú le COMHAR nach bhfuil chomh hóg céanna sna blianta atá romhainn. (Gach eolas faoi COMHAR ar www.iriscomhar.com)

Áine Uí Fhoghlú atá mar eagarthóir ar an dá eagrán seo de COMHAR ÓG. Is as Gaeltacht na Rinne d’Áine agus is múinteoir meánscoile í i gColáiste Aibhistín, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge. Tá trí shaothar próis foilsithe aici, dhá úrscéilín don fhoghlaimeoir fásta, trí chnuasach filíochta agus tá iliomad duaiseanna liteartha buaite aici dá cuid scríbhneoireachta go dtí seo. Tá ceardlanna filíochta déanta aici le daltaí meánscoile faoi choimirce Éigse Éireann/Poetry Ireland agus le daltaí tríú leibhéal ó Ollscoil Mhá Nuad agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach dá cuid daltaí féin san Idirbhliain agus cuireann sí an-bhéim ina cuid teagaisc ar rannpháirtíocht na ndaltaí i bhfoghlaim na filíochta agus ar an smaoineamh agus tuairimíocht neamhspleách a fhorbairt. Is éascaitheoir áitiúil í leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal.

Tuilleadh eolais: (01) 6785443 www.iriscomhar.com nó iriscomhar@gmail.com