ÁILLEACHT: Cad faoin ‘gliomach’ de radharc (sight) agus tú ag tiomáint, ag rothaíocht nó ag siúl (driving, cycling or walking) ar bhóithe iarthar Chorcaí (West Cork). Nach fánach an áit go mbainfí an anáil asat (your breath would be taken out of you)?
|
GREANN: I gcaifé a chonaiceamar an píosa grinn dátheangach (bilingual humour) seo.
|
AR A gCOMPORD (Comfortable): I gcúinne faoi dhíon (In a corner under the roof) ar an lána isteach chuig (a lane into) cúlchlós teach tábhairne (back yard of a pub) ar an Sciobairín a tógadh an nead seo (this nest was built). Go leor gleo tráchta (traffic noise) agus ruaille buaille (commotion) thíos faoi na héiníní (under the little birds) ach iad ar a suaimhneas (at peace). An mháthair ag eitilt isteach agus amach chucu (flying in and out to them) go rialta (regularly). Filleann an tUasal agus Bean Éan (Mr and Mrs Bird return) gach bliain de réir dealraimh (apparently).
|
FÁILTE ISTEACH: Dalta (A pupil) a scríobh an dán fáilteach seo (this welcoming poem) sa bhliain 2006. Tá na ranganna fós ar siúl gach Mairt ag 7.30in. Glao ar 021/4924934'
|
RUDAÍ FÁNACHA!
(Occasiona/rare/random things)
‘Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach’ (It’s a rare place one can get a lobster) a deirtear agus is iomaí brí a bhaintear as an fhocal ‘Fánach’ (many meanings of ‘fanach’) - téir go dtí d’fhoclóir! (go to your dictionary!) Ach nuair a bhíonn duine ag taisteal na tíre (travelling the country) tagtar ar rudaí suimiúla nó as an ngnáth (interesting or unusual things) in áiteanna fánacha (odd places). Is le déanaí a chuas isteach chuig Músaem Pháirc an Chrócaigh (Museum) den chéad uair. Ní grúpa amháin (one group) a bhí ag fanacht go dtógfaí é (to be taken) ar thuras treoraithe (guided tour) an mhúsaeim ach scataí éagsúla (but different groups). Eachtrannaigh (Foreigners) de chuile aois (every age group) - Iodálaigh nó Spáinnigh, sílim, agus ina measc (among them) go fánach grúpa de Ghaeilgeoirí agus ár dteanga le cluinstin (our language to be heard) chomh maith. Is fánach an áit a bhfaighfeá Gaeilgeoir! Baill de chuid ranganna Gaeilge (Class members of Irish classes) Honor Mhic Ghiolla Chlaoin a bhí sa chaifé deas agus iad ag fanacht ar Tiarnán, treoraí a bhfuil Gaeilge aige. Bíonn ranganna ag Honor in ionaid éagsúla (various places) i dtuaisceart (north) Bhaile Átha Cliath. honor@hotmail.com
Fáiltítear (Welcomed) chomh maith féin roimh pháistí idir 6 bliana d’aois agus 9 mbliana go Páirc an Chrócaigh agus tá bróisiúr ‘Cosán Comhramh’ (Trophy Trail) ar fáil dóibh (available to them) chun pictiúir a tharraingt (draw pictures) agus ceisteanna a fhreagairt (answer questions) a bhaineann leis an turas.
Ní imirt na gcluichí amháin (it is not only the playing of the games) atá i gceist sa turas ach stair Chumann Lúthchleas Gael agus na gcluichí (history of the CLG/GAA and the games). Scoth taispeántais físeáin (Top class video exhibitions) le feiceáil (to be seen) agus tugtar deiseanna praiticiúla (practical opportinities) do na gasúir (to the children) a scileanna féin a chleachtadh (practise their own skills). Tá go leor eile ann (plenty more) ar dhá úrlar agus suas le 50 seastán nó aonad (up to 50 stands or units) ar a bhfuil na céadta taispeántas (exhibits). Ról na mban (The role of women) sna cluichí ag méadu i gcónaí (growing always). Buail isteach chuig www.corkepark.ie nó glao ar +353 (0) 8192300.
Cleachtaí
- Scrúdaigh na focail nach raibh ar eolas agat (Examine the words you did not know) ar dtús.
- Anois scríobh amach an t-alt (write out the article) gan na mínithe Béarla (without the English meanings).
- Bí cinnte (Be certain) go dtuigeann tú gach focal (understand every word) agus a mbrí iomlán (and their full meaning).
- Anois léigh an t-alt arís (read the article again). Ar tháinig feabhas ar do chuid léitheoireachta (Did your reading improve) … ar do thuiscint (on your understanding)?
- An raibh tú riamh ag cluiche i bPáirc an Chrócaigh? Ceard iad na foirne a bhí ag imirt (What teams were playing)? An imríonn tú féin/do pháistí nó baill chlainne (members of the family) peil, iomáint, camógaíocht nó liathróid láimhe (handball)?
- Ainmnigh cineál na ngearrcach (Name the type of fledglings) sa nead. An bhfuil daoine (persons) á moladh (being praised) mar ghaiscígh sna meáin (media) NACH gaiscígh iad i ndáiríre (are not heroes/heroines in reality)?
- Liostaigh (List) na tréithe (traits) is gá a aithint (required to be recognised) i ngaiscíoch nó banlaoch ar bith (any hero or heroine).
- Ainmnigh (a) na gaiscígh (heroes) is mó peil, iomáint, camógaíocht nó liathróid láimhe a chonaic tú (you have seen) agus (b) atá ag imirt faoi láthair (playing at present).
- Scríobh cur síos gairid (Write a short account) ar an rud is fánaí/ neamghnáthaí (unusual) nó ar eachtra (event) nach raibh tú ag suil léi (that you were not expecting) nuair a bhí tú ag obair (working) nó ag taisteal (travelling) nó sa bhaile (at home) - ardú i do thuarastal, abair, (a pay rise, say,) nach raibh tú ag súil leis (unexpected) nó nach raibh tuillte agat (or undeserved) !!!!
|