Príomhscéal
Duaiseanna Ghlór na nGael 2012
Comhghairdeas le Coiste Forbartha Dhobhair, buaiteoir Dhuais Náisiúnta Ghlór na nGael 2012 agus Thrófaí Fhoras na Gaeilge a bronnadh ar an choiste i mbliana ag imeacht mór i gCaisleán Chluain Tarbh! Thionóil breis agus 300 ionadaí agus ball de choistí Gaeilge ar fud na tíre, agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh ag deireadh na seachtaine i gcomhair Bhronnadh Dhuaiseanna agus Bhoinn Ghlór na nGael do chomórtas 2012.
Na Gaeil Óga
Spraoi, Spórt agus Comhluadar
Bíonn spleodar dá chúid féin bainteach le himeachtaí sóisialta na nGael Óg gan aon agó. Tá gradaim bainte chomh maith ar pháirc na caide agus píosa spraoi tuillte go maith tar éis oícheanta crua traeneála an gheimhridh agus na n-aistí bia a bhain gach pioc de mheáchan breise!
Fibín
Miotas, maisc agus ceol 2013
Miotas, maisc agus ceol: Sétanta ar an mbóthar arís agus an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód.
|
Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le Teangacha Neamhfhorleathana na hEorpa agus na hEalaíona
“Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú”. Airteagal 3.3 - Leagan Comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Dé hAoine, 10 Bealtaine 2013 ar 7.30 pm cuirfidh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Naoise Ó Muirí, fáilte roimh theachtaí agus roimh aíonna i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, nuair a osclóidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, Voces in Artes – comhdháil idirnáisiúnta atá á heagrú ag Foras na Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Comhdháil idirnáisiúnta é Voces in Artes a scrúdóidh an ról atá ag na healaíona i réimse theangacha neamhfhorleathana na hEorpa. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go raibh é tráthúil ceiliúradh agus iniúchadh den chineál seo a dhéanamh le linn tréimhse na hUachtaránachta Eorpaí ag tabhairt san áireamh stádas agus próifíl na n-ealaíon Gaeilge ar bhonn idirnáisiúnta.
An tOllamh Alan Titley a thabharfaidh an chead léacht tráthnóna De hAoine ar an téama ‘I lár an tSrutha: an Éigse a Thiomáineann an Saol’.
Leanfaidh an chomhdháil maidin Dé Sathairn, ag tosú 10 am, i dTeach an Ard-Mhéara, Sráid Dásain, agus labhróidh Fionnbarra Ó Brolcháin ar ‘Fiúntas na nEalaíon Dúchasach san Aois Nuálaíoch’.
Faoi chathaoirleacht Chathal Phoirtéir, scrúdóidh Alexandra Büchler, Stiúrthóir Literature Across Frontiers, ról na litríochta i dteangacha neamhfhorleathana sa chomhthéacs comhaimseartha Eorpach. Leanfar le painéal cainteoirí a fhéachfaidh ar ‘Chéad Teangacha Pháistí: Amharclannaíocht agus Stór Focal’ agus ar ‘Playography na Gaeilge agus a Scóip Idirnáisiúnta’.
Sa tríú cuid den chomhdháil, san iarnóin Dé Sathairn labhróidh Fèlix Martí ó Bharcelona, Uachtarán Linguapax International, ar an téama ‘Féiniúlacht agus Éagsúlacht i bPróiseas an Domhandaithe’. Leanfaidh painéal cainteoirí é ar a mbeidh Jane Alger, Stiúrthóir, Baile Átha Cliath Cathair Litríochta UNESCO, Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, agus an Dr. Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Dé Domhnaigh, 12 Bealtaine, ar 1 pm, ceiliúrfar Aifreann na nAingeal i dTeampall N. Anna, Sráid Dásain. Colm Ó Foghlú a chum an tAifreann seo agus is Cór Scoil Oilibhéir a chanfaidh é. Ina dhiaidh sin, beidh seó ceoil, rince agus amhránaíochta do dhaoine óga ar siúl taobh amuigh de Theach an Ard-Mhéara (nó taobh istigh de má bhíonn sé fliuch). Ar na siamsóirí beidh Kila, Hipnós, Coimicí Rí-Rá agus go leor eile.
Ag trácht dó ar an gcomhdháil, dúirt Ard-Mheara Bhaile Átha Cliath, Naoise Ó Muirí, go raibh sé tábhachtach ag an am i láthair go gcuimhneoimis go raibh níos mó ag baint leis an Eoraip ná eacnamaíocht, córais airgeadaíochta agus trádáil. Bhí an tAontas Eorpach tógtha ar an tsíocháin, ar chomhthuiscint agus ar éagsúlacht. ‘Tá géarghá sa lá atá inniu ann le smaointeoireacht úr, le cruthaitheacht agus le comhthuiscint má táimid lenár bhfadhbanna a shárú’, a dúirt an tArd-Mhéara, ‘agus tharlódh sé gur san éagsúlacht agus trí na healaíona – agus ár gcruthaitheacht shainiúil féin in úsáid againn – go n aimseoimid an réiteach atá uainn ar fad.’
Fiosrúcháin chuig:
Gearóid Mag Uibhrín
Foras na Gaeilge.
Teil:(01) 639 8400
Ríomhphost: gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie
|