Bealtaine 2013
Clic-Pic don Scéal

Gradam Chiaráin

Is Ciarán Ó Feinneadha, gníomhaire teanga agus comhairleoir cánach, atá roghnaithe mar bhuaiteoir do Ghradam an Phiarsaigh 2013. Mheas moltóirí an Ghradaim go raibh idéalacha an Phiarsaigh á gcur chun cinn aige san obair spreagthach atá á dhéanamh aige le blianta fada le cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge, idir mheáin chumarsáide; chúrsaí oideachais agus chúrsaí spóirt.

Ag ócáid speisialta i gCultúrlann na hÉireann, an mhí seo chaite, bhronn Naoise Ó Muirí, Ardmhéara Átha Cliath, an Gradam (deilbhín créumha den Phiarsach i bhfoirm mhúinteora) ar Chiarán Ó Feinneadha i láthair a chairde agus ionadaithe na n-eagras éagsúla.

Coiste roghnaithe neamhspleách a thoghann an buaiteoir as na hainmniúcháin a dhéanann na hEagrais Ghaeilge; Comhaltas Ceoltóirí Éireann; Cumann Lúthchleas Gael; Comhairlí Contae, agus Eagrais dheonacha/náisiúnta/reachtúla eile ar fud na tire. I measc na ndaoine ar bronnadh an Gradam orthu le blianta beaga anuas tá Helen Ó Murchú, oideachasóir agus saineolaí teanga; Adi Roche, bunaitheoir Chernobyl Children’s Project agus Mons. Breandán Ó Doibhlin, diagaire agus scríbhneoir; Dr. Dónal Caird, Iar-Ardeaspag Bhaile Átha Cliath agus Liam Ó Cuinneagáin, oideachasóir agus iar-Chathaoirelach Údarás na Gaeltachta.

Pearsa na míosa againn Ciaran agus is ó shliochtanna ón eolas a sholáthraigh lucht stiurtha Ghradam an Phiarsaigh a bhaineamar an ‘mear ar eolas’ faoi dar léitheoirí. Ghlac SAOL slam grianghraf chomh maith chun blaiseadh na hocaide a sholáthair.
 

Ciarán Ó Feinneadha

Buaiteoir Ghradam an Phiarsaigh 2013

• Rugadh é i mBaile Átha Cliath i dteaghlach lánGhaeilge agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire.
• Tá sé pósta le Máire Ní Choileáin agus ceathrar clainne acu a tógadh trí Ghaeilge.
• Tá sé ag obair mar Chomhairleoir Cánach le blianta fada.
• Tá 40 bliain caite aige ag obair go deonach i ngluaiseacht na Gaeilge, go háirithe ar mhaithe le cearta teanga a bhaint amach trí agóidíocht agus stócántacht, m.sh. bunú TG4; soláthar ceart de chláir Ghaeilge ar raidió agus teilifís; cláruimhreacha ar charranna; soláthar foirmeacha éagsúla; soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaoine óga; imeachtaí pobail srl.
• Tréimhsí caite aige ar choistí Chonradh na Gaeilge; Ógras; Ghlór na nGael; agus Chumann Lúthchleas Gael.
• Ó 1988 i leith, tá tréimhsí fada caite aige ag plé le bunú agus buanú Gaelscoileanna – ina measc Gaelscoil Naomh Pádraig; Gaelscoil Eiscir Riada agus Gaelcholáiste Chois Life – ar fad i Leamhcán, Co. Átha Cliath.
• Baint lárnach aige le hathbhunú Sheachtain na Gaeilge i 1977. Mar thoradh air sin, eagraíodh faoina stiúir, imeachtaí ar nós rásaí curach ar an Life, sorcas trí Ghaeilge, seo puipéid le Eugene Lambert srl. Leanann fás agus borradh ó shin ar Sheachtain na Gaeilge.
• Breis is 30 bliain caite aige mar aoi-chraoltóir agus mar shaineolaí ar chúrsaí cánach ar Nuacht agus ar chláir faisnéise de chuid Raidió na Gaeltachta; RTÉ agus Newstalk.
• Duine de bhunaitheoirí an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse, mar urlabhraí agus mar agóidí, a raibh mar thoradh air, gur bunaíodh TG4 i 1996. Chaith sé seal i bpríosún mar agóid ar a laghad clár Gaeilge a bhí á chraoladh ar RTÉ.
• Chaith sé roinnt blianta mar urlabhraí ag Conradh na Gaeilge ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
• Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga – an t-aon chlub de chuid an Chumann Lúthchleas Gael a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
• Chaith se tréimhsí i gceannas ar Scór agus Scór na nÓg de chuid CLG, a thugann ardán do cheoltóirí agus amhránaithe srl.

Ba é Ardmhéara Átha Cliath, Naoise Ó Muirí a bhronn an gradam ar Ciarán. Ag caint dó dúirt sé go mba“Cúis áthais is cúis mhór bhróid dom mar Ardmhéara ar chathair Bhaile Átha Cliath Gradam an Phiarsaigh 2013 a bhronnadh ar Chiarán mar aitheantas ar an saol is an saothar ata caite aige ag obair ar son na Gaeilge is ar son cearta lucht labhartha na Gaeilge, i gcúrsaí oideachais, teilifíse agus spóirt srl. Fear cumasach é Ciarán a roinn a chuid tallaine go fial leis an bpobal. Tá an Ghaeilge is an dúchas go smior is go smúsach ann. Go maire sé a ghradam! Go bhfága Dia a shláinte aige is go gcúití sé leis, a shaothar ar son na tíre is na teanga”.

Thug Ciaran caint briomhar uaidh agus,mar a bheifea ag súil ,is baol do stádas foláin na Gaeilge sa tír a bhí ag déanamh tinnis dó. Ina chaint thagair sé don bhealach diúltach,dar leis, a bhfuil an tAire Oideachais reatha, Ruairí Quinn, ag caitheamh leis an nGaeilge. “Tá sé náireach go bhfuil Ruairí Quinn agus an rialtas reatha dúchasach ag déanamh tréan iarracht modhanna an ‘murder machine’ a bhrú chun cinn arís i gcoinne na Gaeilge sa chorás oideachais, díreach 100 bliain ón am gur scríobh Pádraig Mac Piarais an pamphléad clúiteach sin. Mhínigh an Murder Machine an bealach a raibh rialtas na Breataine ag úsáid an chórais oideachais chun droim laimhe a thabhairt don Ghaeilge agus d'fhéiniúlacht na tíre seo. Is ionann an t-ionsaí is deireannaí seo ar an nGaeilge, agus ceart nádúrtha a bhaint de pháistí atá a dtógáil le Gaeilge, áit chinnte a bheith acu ar rollacháin Ghaelscoileanna, fiú sa chás go mbeadh an t-ádh leo gaelscoil a beith ina gceantar. Is séanadh cearta teanga é seo, seachas comhionnanas mar a mhaíonn Ruairí Quinn.

Samhlaigh an raic intuigthe a bheadh ann dá ndiúltófaí tús áite a thabhairt do Mhuslamaigh i scoil Mhuslamach nó Protastúnaigh i scoil Phrotastúnach. Níl ciall ar bith leis munar ionsaí d’aon ghnó é ar an Ghaeilge. Mas ea, ba chóir don phobal cuir ina choinne go láidir.”

Bhí Halla brea an Chultúrlain lán go béal don ócaid agus lionadh gach béal I láthair le ’togha gach bí agus roghas gach dí’ roimh don bronnadh féin. Cuir grúpa de cheoltíiri Cultúrlainne leis an ócaid go beo aoibheann. Mar fhianaise do dhlúthbhaint Chiaráin le pobal na teanga uile bhí scata brea de lucht ‘Na Gaeil Óga’ i láthair i dteannta le ‘sinseraigh’ na cúise. Innsíonn na griangraif an scéal!