LORETTA LÁCH: Bhí Loretta Ní Churraighín an Oireachtais i láthair chun fáilte agus fiche a fhearradh roimh oirfidigh agus duaiseoirí na hócáide i bPáirc an Chrócaigh.
|
BEIRT BHUACACH NA GAILLIMHE: Beirt bhuaiteoirí ón aonscoil, Coláiste an Eachréidh, Tuama na Gaillimhe, agaibh anseo. Bhain Sean Prokall an chéad duais de €300 dá aiste, ‘Cúlra an Cumann Lúthchelas Gael agus an nasc a bhí idir í agus BPE 1884-1921’. Ba seo sa chomórtas: Aiste - Roinn B (faoi 21) á mhaoiniú ag an gCumann Lúthchleas Gael. Chuir Hannah Ní Ghormaile le ríméad an choláiste nuair a chroch sí léi an chéad duais de €300 i réimse na suime céanna lena haiste ‘Réalta Thuama’ i Roinn A (faoi 16). Bí cinnte nach cúrsaí réalteolaíochta a bhí idir chamáin aici! Bhí an comórtas seo urraithe chomh maith féin ag an gCumann Lúthchleas Gael. Sa ghrianghraf leo beirt tá Brian Ó Maoilchiaráin, Príomhoide Choláiste an Eachréidh, ar chlé, agus na tuistí bródúla, Ruth Pokal agus John Gormley.
|
GUTH ADUAIDH: ‘Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge’ ba theideal d’aiste Phádraig Mhic Congáil Dhoire, sa Chomórtas ‘Aiste nó Gearrscéal - Roinn B (faoi 21) agus a bhain an chéad duais €450 dó. Is faoi choimirce Chomharchumann Íde Naofa, Baile an Bhunnanaigh a bhí seo.Sa ghrianghraf tá Pádraig i dteannta lena dheirféir, Claire Louise, agus a mháthair, Marie.
|
TACAÍ CLAINNE CONALLACH! Bhain Proinsias Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair an dara duais de €200 i (Roinn B faoi bhun 21) dá aiste, ‘Hiúdaí Beag, Laoch na Peile’. An Cumann Lúthchleas Gael a mhaoinigh na cuimhní aige ar an nGallchóireach iomráiteach.
|
AN DÁ BHAINT: Chroch Áine Uí Fhoghlú, Deiseach, dhá dhuais dá cuid scríbhneoireacht don óige. Bhain ‘Pincí sa Ghaeltacht’ €2000 i gComórtas Fiscean do Dhaoine Óga (13-15) a bhí urraithe ag Foras na Gaeilge. Lean léi agus thóg an chéad duais i gComórtas do ghearrscáalta in oiriúint do chainteoirí dúchais Gaeilge a bhí Maoinithe ag Breacadh – Achmainn Aosoideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, i gcuimhne Mháire Ní Chéilleachair, oideachasóir agus craoltóir. Ní ó na craobhacha a phioc Áine, iníon Éamoinn gaus Dóirín Mhic Mhurchadha, a cuid talainne. I dteannta léi bhí a hiníon, Liadain.
|
LÁNTACAITHE NA HÓCÁIDE: Cá mbeadh muid gan an greim gasta, cúpán cneasta nó an gloine ghlinneach le linn na mórócáide. Seo agaibh Irene, Diane agus Marion a chaith go fial linn go léir.
|
SARAH NA SCANNÁN: Gearrscannán dá cuid i gcuimhne Riobaird Mhic Gabhann a bhain €1000 do Sarah Mc Dermott sa chomórtas a mhaoinigh Gael-Linn. Scolaire í in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus tá Ite Ní Chionnaith, léachtóir le Gaeilge, taobh le Sarah sa ghrianghraf. I gcomhar le comhscoláirí Sarah tá Róisín Linnie, Max Ramsbottom agus Aoife Connolly.
|
SEÁN DEISCRÍOBHACH: Séan Ó Muimhneacháin, Cúl a’Bhuacaigh, Maigh Cromtha, a bhain €500 dá Agallamh Beirte, “An Leibide Liobarnach” i gcomórtas maoinithe ag Údarás na Gaeltachta. A dheirféir, Nóirín, atá ina theannta sa ghrianghraf.
|
FEAR GHLEANN A’ LIFE: Bhuaigh Domhnall Ó Muirí an dara duais de €1,500 dá úrscéal, ‘An Tarrtháil’ i gComórtas Fiscean Éadrom do Scríbhneoirí Fásta Fhoras na Gaeilge. I Leamhchán ar imeall na hArdchathrach atá sé féin agus a bhean chéile, Paula, lonnaithe.
|
COLÁISTE EOIN ABÚ: Bhí beirt daltaí de chuid Choláiste Eoin, ’Stigh Lorgáin na hardchathrach i measc buaiteoirí chomórtais na n-óg. Bhain Niall Mac Dhonnagáin €200 sa Chomórtas: Teachtaireacht Téacs (Roinn B faoi 21) lena theachtaireacht “Gan Teideal”. Thug comhscoláire dá chuid, Feilim Moynihan Ó Brádaigh, truslog isteach sa Chomórtas: Dán (Roinn A faoi 16) agus bhain an tarna duais de €100 le “An Frog”. Tá sa ghrianghaf, ar chúl, Conall agus Niall Mac Dhonnagáin, agus chun tosaigh, Feilim féin lena dheartháir, Éanna. Daltaí i gColáiste Eoin iad ceathrar.
|
SCRIPT TEILIFÍSE: Celia de Fréine ó Raghnallach lena fear céile Jack Hartes, a thóg léi €1,000 dá script teilifíse, “Cur i gCás” i gcomórtas a bhí maoinithe ag TG4.
|
Brian Ó Baoill, a fuair gradam speisialta Liteartha, in éineacht lena bhean chéile Beití, garmhac Oisín, iníon Niamh agus Uachtarán an Oireachtais Úna Uí Lachtnái
|
Úna Uí Lachtnaín ag bronnadh duais ar Phroinsias Mac a'Bhaird as an abhár, Úrscéal Fiscean Éadrom ag bronnadh na duaiseanna liteartha, Páirc an Chrocaigh 201
|
Úna Uí Lachtnáín ag bronnadh duais ar Dhearbhaile Houston as an ábhar Dán, Roinn B (Faoi 21), ag ócáid bronnadh duaiseanna Liteartha 2011
|
D’fhógraigh Eibhlín Ní Chonghaile ó Raidió na Gaeltachta buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite. Bhí scríbhneoirí a bhfuil cáil le fada orthu agus scríbhneoirí nach bhfuil ach i dtús a réime ina measc siúd ar bronnadh duaiseanna orthu. Is iad Comórtais Liteartha an Oireachtais na comórtais is mó le rá maidir le scríbhneoireacht na Gaeilge. Tagann gach gné de litríocht na Gaeilge i gceist le níos mó ná 15 catagóir comórtais lena mbaineann ficsean, an gearrscéal, an t-amhrán, an gearrscannán agus cineálacha eile. I measc na mbuaiteoirí i mbliana bhí Labhrás Ó Finneadha, a bhfuil cónaí air i Lucsamburg, a fuair an duais don scríbhneoir úr is fearr, Proinsias Mac a’ Bhaird a fuair an duais don úrscéal ficsean éadrom is fearr agus Colm Breathnach as Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara a rug leis duais na filíochta. Fuair Brian Ó Baoill agus Oisín Ó hEartáin (mac iníne le Brian) an chéad áit d’fhicsean do dhaoine óga. Bronnadh gradam speisialta freisin ar Bhrian Ó Baoill ag an searmanas. Bhí scríbhneoirí óga as gach cearn den tír i láthair ag an searmanas freisin chun glacadh le duaiseanna a bhuaigh siad sna comórtais do dhaoine óga. Bhí éagsúlacht réimsí ag baint leis na comórtais dóibhsean chomh maith, mar shampla an ghearrscéalaíocht agus an iriseoireacht.
“Bíonn spreagadh ag scríbhneorí na Gaeilge i gComórtas Liteartha an Oireachtais an cumas agus an chruthaitheacht atá iontu a chur os comhair an tsaoil mhóir" arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Bhí níos mó ná 250 istigh ar dhuaiseanna i 15 catagóir i mbliana agus is cuid den soiscéal againn gur tuar bisiúlachta agus foráis don scríbhneoireacht i nGaeilge an cumas atá iontusan a chothú.”
Is iad Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge, atá 114 bliain ar an bhfód, na comórtais liteartha Gaeilge is airde clú. Bhuaigh scríbhneoirí cáiliúla de chuid na hÉireann, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill ar chuid acu, duaiseanna sna comórtais seo anuas trí na blianta sin.
Tuilleadh eolais le fáil ó 01/4753857.
Comórtais Liteartha an Oireachtais 2011
Tá liosta na mBuaiteoirí ar fail ag www.antoireachtas.ie
|
|