Príomhscéalta
Agallaimh
Foghlaimeoirí
|
||||||
ÉACHTAÍ JANE AGUS FHIONNUALABeirt scoláirí Choláiste Íosagáin, Stigh Lorgáin na hardchathrach iad Fionnuala Nic Mhathúna agus Jane Nic an Tuille a bhain 12 A an duine sa Teastas Sóisearach i mbliana. Éacht gan aon agó. Chuaigh SAOL chun seal cainte leo agus iad ar ais i mbun staidéir sa choláiste. Is i nDún Laoire a chónaíonn Fionnuala agus, a deir sí, dúil ag a máthair sa Ghaeilge. D’fhreastail sí ar ghaelscoil Lorcáin roimh di tabhairt faoin meánoideachas. Mar is dúil do scoláirí ón dá ghaelscoil seo is ceoltóir í agus dúil aici sa spórt. Seinneann sí an chláirnéid agus is é Gustav Mahler na hOstaire an cumadóir is ansa léi. Ní ionadh sin mar go bhfuil garghaolta dá cuid ina gceoltóirí clasaiceacha sa Vin. Imríonn sí peil ghaelach le Cuala. Agus tá ríméad uirthi gur bhain na ‘Dubs’ SAM leo i mbliana. Beidh sí ag caitheamh seal taithí oibre in Ospidéal Naomh Shéamuis i mBaile Átha Cliath 8 gan rómhoill agus is aidhm aici bheith ina dochtúir. Gaiscígh sa saol aice a daid agus a mam agus maidir le spórt tugann sí an chraobh do Stephen Cluxton, cúl báire. Is i Rath Fearnáin atá cónaí ar Jane Nic an Tuille gur iardhalta Scoil Mobhí agus Scoil Chaitríona Ghlasnaíon í a máthair. Briseann an dúchas….. Beidh sí ag caitheamh seal taithí oibre in Ospidéal Bhéal Feirste agus, ar nós Fhionnuala, d’aidhm aici bheith ina dochtúir. Ceolann sí ar an veidhlín agus is áil léi ceol traidisiúnta agus clasaiceach. Dúil aici sa spórt freisin go n-imríonn camógaíocht agus peil ghaelach le Naomh Eoin, Baile an tSaoir. Tá sí ar aon tuairim le Fionnuala maidir le gaiscígh aici sa saol - Daid agus Mam – agus le Stepheen Cluxton na Dubs ag baint na craoibhe i saol an spóirt. Tá Príomhoide an choláiste, Fíona Uí Uiginn, thar a bheith bródúil astu beirt agus as na daltaí uile mar gur baineadh ardtorthaí amach sa scrúdú acu uile. Seo go háirithe i Mata, Béarla, Gaeilge agus Eolaíocht.
CLÁR IMEACHTAÍ GAEL LINN 2011/2012Thug Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Andrew Montague, cuairt ar oifigí Gael Linn le déanaí, in éineacht le Richard Guiney, Príomhfheidhmeannach BID, an cumann forbartha de chuid trádálaithe na hardchathrach. Thug Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, léiriú do na cuairteoirí ar obair na heagraíochta agus bhronn sé cóip den chnuasach nua, Seoda an Riadaigh, ar an Ardmhéara. Tá sé suimiúil gur i nGaeilge ar fad a bhí an chuairt. Tá clár cuimsitheach imeachtaí don óige agus do dhaoine fásta beartaithe ag Gael Linn don bhliain amach romhainn. Ina measc beidh: Do bhunscoileanna
Don dara leibhéal
Don tríu leibhéal
Do dhaoine fásta
Tá gach eolas faoin méid thuas ar fáil ó Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. T 01/6751200 F 01/6704180 R eolas@gael-linn.ie Suíomh Gréasáin: www.gael-linn.ie GAELTACHT NA MÍDeireadh seachtaine Gaeilge agus cultúr i nGaeltacht Ráth Chairn! An spéis leat do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmaisféar taitneamhach spraíúil Tá Gael Linn, ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúr i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine 14 - Domhnach 16 Deireadh Fómhair 2011. Is é seo an ceathrú bliain do Gael Linn an ócáid rathúil a reáchtáil, i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. I rith an deiridh seachtaine seo tabharfar deis d’fhoghaimeoirí fásta na Gaeilge blas a fháil de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath! Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don deireadh seachtaine, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus neart craic le muintir na háite! Anuas air sin, beidh an ceoltóir iomráiteach ó Chonamara, John Beag Ó Flatharta, ag seinm i gClub Ráth Chairn istoíche Dé Sathairn. Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille réasúnta an deiridh seachtaine ná €180 an duine - béilte san áireamh! Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ó www.gael-linn.ie nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299
Timire an Chroí Ró-Naofa 1911 – 2011Tá an Timire céad bliain d’aois i mbliana. Níl iris Ghaeilge eile beo a mhair go leanúnach chomh fada leis sin. Ar ndóigh ní raibh a leithéid sin ann riamh. Tagann sé amach ceithre huaire in aghaidh na bliana. Iris oifigiúil de chuid Aspalacht na hUrnaí atá ann agus chomh maith le haltanna ar Intinní an Phápa bíonn éagsúlacht mhór ábhar spéisiúil i gcúrsaí spioradáltachta, litríochta agus cúrsaí creidimh agus cirt. Cosúil le hirisleabhar ar bith a mhair achar fada bhí scéal an Timire thuas seal thíos seal. I Mí Eanáir na bliana 1950 nuair nach raibh ach 25 cóip á ndíol in aghaidh gach eagrán chonacthas do lucht a eagraithe gur chóir dóibh deireadh a chur leis. Ansin tháinig baill Chuallacht Mhuire chun tosaigh agus ghlac siad eagrú an Timire orthu féin. Bhí sagart óg fuinniúil, an tAthair Séamus Mac Amhlaoibh á ngríosú agus tháinig biseach ar an scéal gan mhoill. Faoi Mhí Feabhra na bliana céanna bhí tóir ar 125 cóip. I Mí Bealtaine díoladh 250; 300 i Mí an Mheithimh, 660 d’eagrán an Fhómhair agus 1,000 don Nollaig. Scilling an síntiús bliana a bhí air agus an postas san áireamh. Sa lá atá inniu ann is féidir sintiús bliantúil a fháil ar €15 ach a scríobh chuig An Timire, Teach Manresa SJ, Baile na gCorr, Cluain Tarbh, BÁC 3. Thar na blianta bhí scoláirí móra ina n-eagarthóirí, mar shampla Láimhbheartach Mac Cionnaith SJ, eagarthóir Foclóir Béarla agus Gaeilge (1935), Eoin Ó Riain SJ a scríobh Irish Monasticism agus Diarmuid Ó Laoghaire SJ, duine de mhórscoláirí na spioradáltachta ceiltí a fuair bás i 2001. Chun an chloch-mhíle seo a cheiliúradh eagraíodh mórócáid agus deineadh Aifreann speisialta a léamh in Avila, ionad na gCairmilíteach i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath, ar an 24ú Meán Fómhair. Ba é an tAthair Alan Mac Eochagáin, SJ eagarthóir reatha na hirise, a bhí ina phríomhcheiliúraí agus bhí cúigear sagart eile ag comhcheiliúradh in éineacht leis. Ba é an tAthair Caoimhín Ó Ruairc SJ a thug an seanmóir. Bhí ceol agus canadh binn le clos tríd an Aifreann le cór ó pharóiste Sruthán na Cluana, Baile an tSaoir i ndeisceart na cathrach, faoi stiúir Mháirín de Brún. Tar éis an Aifrinn thug an tAthair Alan caint ar stair na hirise agus ar na daoine a bhí páirteach san obair le céad bliain anuas. Cuireadh béile blasta ar fáil don slua mór a bhí i láthair. Bhí deis acu a gcuimhní cinn pearsanta faoin iris a roinnt lena chéile
ÉIGSE EALAÍONFaoi scáth Subhoró Acadaimh na hOllscoile i nGaillimh a eagraíodh Éigse Ealaíon na bliana seo. Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga a rinne an oscailt oifigiúil - go slachtmhar gan aon agó. Bhí painéal d’iarbhaill an Acadaimh ar an ardán faoi chathaoirleacht Norita Ní Chartúir ag roinnt thaithí a saol ollscoile agus conas mar a d’éirigh leo ó shin leo siúd atá ag tosnú amach ag subhoró! D’éirigh thar barr leis an gcibeal. Ar léigh tú Beo! na míosa seo go fóill?
Agallamh na míosa le Seosamh Ó Cuaig, An Glór Neamhspleách II Cuid
Ba cheart do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ceachtanna maidir le rialachas corparáideach a fhoghlaim as cliseadh Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, dar le Breandán Delap
Nocht fogha Martin Mc Guinness faoin Áras íogair áirithe taobh ó dheas den Chlais Dubh. Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin duine meabhrach i mbun finscéalaíochta. Níor thaise do Robert McMillen é.
Thug Seán Greif ruaig go mullach sléibhe, 6088 méadar ar airde, sa Bholaiv. Is í a chomhairle feasta gan tada a dhéanamh faoi dhriopás, go háirithe ag 6000m. os cionn farraige, óir níorbh aon ribín réidh an sliabh céanna.
Oibríonn Lisa Nic an Bhreithimh ar thimchuairt anraithe, gníomhaíocht de chuid Chumainn Naomh Uinseann de Pól, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.
Is ag treisiú atá an míshásamh a chuir tús le hagóidí agus le creach siopaí i Sasana, de réir tuairisc Tony Birtill.
Comórtas Gael Linn
agus neart eile! Is leor BeirtCreideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá tús curtha againn leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre. Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú - níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí. Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, ó seo am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa suim sa teanga. Tabharfaidh scéim nua an Chonartha deis labhartha Gaeilge don ghnáthphobal agus chinnteodh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionad éagsúla timpeall na tíre. Ní hamháin go mbeidh pointe teagmhála á chruthú ag an scéim do dhaoine lasmuigh de phobal na Gaeilge ar an dóigh seo, ach cabhróidh Is Leor Beirt go mór le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta. Ionad:
Tuilleadh eolas: Brídín 094-90-22444/087-9781166 nó eolas@conradhmhaigheo.ie nó www.conradhmhaigheo.ie Imeachtaí in Áras Inis GluaireWhistleblast Quartet: Beidh an ceathairéad seo – Ken Edge (cláirnéid agus sacsafón), Mary Curran (corn francach), Síle Daly (óbó agus cor anglais) agus Andrew Synnott (pianó) – ag tabhairt cuairte ar Scoil Náisiúnta Corlough ar feadh trí lá, 3,4,5 Deireadh Fómhair. Ar feadh an ama sin beidh ceolchoirmeacha agus cumadh ceoil ar siúl leis na paistí. I ndiaidh sin cuirfidh an banna ceoil éirimiúil seo ceolchoirm ar siúl don phobal ar fad, saor in aisce, in Áras Inis Gluaire ar 5 Deireadh Fómhair ag 6.00pm. Is iad Co. Co. Mhaigh Eo, an Chomhairle Ealaíon agus an Clár Foghlama agus Taiscéalaíochta de chuid an Cheolárais Náisiúnta a thugann maoiniú do WhistleBlast. Glacann scoileanna rannpháirteacha le cuid den chostas freisin. Beidh fáilte roimh chách go dtí an cheolchoirm. Bígí ann! Mike Nielsen Quartet: Beidh an Mike Nielsen Quartet ag seinm in Áras Inis Gluaire ar an Aoine 14 Deireadh Fómhair ag 8.00pm. Ceathairéad nua, fuaimiúil, corraitheach, tagtha i gceann a chéile faoin ngiotáraí Mike Nielsen, is ea an grúpa seo. Ina measc tá an t-amhránaí Ellen Demos as Boston, ag seinm ar an gcláirnéid tá Brendan Doyle agus ar na cnaguirlisí tá Shane ó Donovan. Ceol nuálach atá anseo le an-éagsúlacht tionchar ón snagcheol, ón gceol clasaiceach, ón rac-cheol agus ón gceol traidisiúnta. Ranganna Ceoil Geimhridh: Beidh ranganna ceoil ar siúl gach Céadaoin i rith an gheimhridh. Beidh teagasc den scoth le fáil sa ghiotár, méarchlár, fidil, feadóg agus sa chairdín. Beidh na ranganna ar siúl ó 7pm – 8pm do thosaitheoirí agus ó 8pm – 9pm do iar-dhaltaí. Cineclub na nÓg: Beidh Cineclub ar siúl ar an Satharn 1 Deireadh Fómhair ag 1.00 p.m. Club scannán sóisearach do pháistí idir 5 agus 12 bliain d’aois is ea Cineclub na nÓg. Sé an aidhm atá ag an gclub seo ná léirthuiscint do scannáin a chothú i measc páistí óga i slí atá spraíúil agus oideachasúil. Beidh siad in ann taitneamh a bhaint as scannáin san amharclann úrscothach, Áras Inis Gluaire agus tar éis sin beidh caint agus comhrá dátheangach ar siúl, le héascaitheoir, i dtaobh an scannáin agus beidh seans ag na paistí pictiúir a tharraingt agus dathú a dhéanamh. Beidh na páistí faoi stiúir an t-am ar fad. Deis iontach é seo do ghasúir óga a gcuid tuairimí a nochtadh as Gaeilge agus as Béarla taobh amuigh den scoil i slí neamhfhoirmiúil shultmhar. Caithfear páistí a bhailiú ag 3.30 p.m. Cead isteach €10 gach páiste ach tá lascaine clainne de 15% ar fáil. Tá sé tábhachtach go mbeadh páistí cláraithe linn roimh an Déardaoin, 29 Mean Fómhair. Seol ríomhphost chuig Lisa ag l.padden@arasinisgluaire.ie nó glaoigh ar 097 81079. Club Scannán Iorrais: Tá Club Scannán Iorrais faoi shiúl anois! Tar éis tinreamh iontach ag an gcéad scannán beidh an chéad cheann eile ar siúl Dé Máirt 4 Deireadh Fómhair. Sórt scannán faisnéise cruthaitheach is ea His and Hers ag insint scéal grá, scéal atá nochta i gcaitheamh nócha bliain agus ársaithe go tiomsaitheach ag seachtó bean. Beidh sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách agus a dtuairimí. Ná déan dearmad! Dé Máirt 4 Deireadh Fómhair, 7.00pm Scoil Damhsa Redmond: Tá Scoil Damhsa Ghaelaigh Redmond ar ais linn arís i mbliana, agus beidh sé ar siúl gach Máirt ó 3.00 pm – 5.00 pm. Yoga le Lucy: Tá ranganna yoga ar siúl in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, gach Déardaoin ó 7.30 p.m. go dtí 9.15 p.m. €10 gach rang. Deonuithe ar fáil. Tabhair mata leat. Tuilleadh eolais 097 81205 nó logáil isteach ar www.looseyoga.com Eolas: www.arasinisgluaire.ie nó www.facebook.com/ArasInisGluaire
GLÓR CEAMRACH NÓRABhain Nóra Welby an phríomhdhuais i gcomórtas grianghrafadóireachta ar chlár Bhaile Átha Cliath Raidió na Gaeltachta lena léiriú seo ar áilleacht a dúthaigh féin. Radharc i Rosmuc é seo agus gan dabht tá aithne ag muintir na Gaeilge ar Nóra agus í ag obair le Glor na nGael |
BEIR BUA - BÍ ANN!Ceann de mhórshaothair Brian Friel ‘BUAITEOIRÍ’. Go príomha is scéal grá é ach nochtar ann chomh maith teannas clainne agus gnéithe de shaol an bhaile mhóir tré shúile na beirte Mag agus Joe a bhfuil an bás i ndán dóibh. Dáiríre is é Romeo agus Juliet i litríocht na tíre seo an dráma seo ina bhfuil brú ar na leannáin nach féidir an lámh in uachtar a fháil air. Ach tá níos mó den ghreann agus den scléip sa saothar seo ná mar atá i ndráma Shakepseare. Is é Proinnsíos Ó Duigneáin aistritheoir agus léiritheoir an dráma: Máire Ní Mhuiris atá i mbun dearthóireachta agus beidh ceol atá nua-chumtha ag Ailie Blunnie á sheinm beo ag an gcumadóir féin. Camchuairt na Tíre: 27 Deireadh Fómhair go 10 Samhain. Fiosrúcháin: Mary McGovern, Fón: 071 9855 833, info@theglenscentre.com Léacht AlanDé Céadaoin, 26ú Deireadh Fómhair ag 18.30 beidh léacht leis an tOllamh Alan Titley, ‘Ról na nÍosánach i gCúrsaí Gaeilge agus Foclóireachta (An Duinníneach agus Lambert Mac Cionnaith, ach go háirithe)’, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sr. Chill Dara, B.Á.C. 2. Fáilte roimh chách – Saorchead isteach Eolas: Caitríona 01/2955410 nó 087/2928131 Peigí 01/8325138 Tíotáin Cheoil ThraidisiúntaBeidh réimse de shárcheoltóirí traidisiúnta ag teacht chuig Fóram na Mílaoise ar an Domhnach 23ú Deireadh Fómhair mar chuid de thuras Irish Sea Sessions a bheidh ag stopadh i Learpholl agus i mBéal Feirste fosta. Chuir léirmheastóir amháin síos ar an chlár mar “chnuasach mórthaibhseach de cheoltóirí, scéalaithe agus amhránaithe,” líne a léann mar chlár na mór sa saol traidisiúnta is ceoltíre. Ar na taibheoirí tá Damien Dempsey, John McSherry, Alan Burke, Dave Munnelly, Terry Clarke-Coyne, Méabh O’Hare, Jennifer John, Ian Prowse, Graham Dunne, Niamh Parsons, Gino Lupari, Bernard O’Neill, Stevie Dunne agus damhsóir sean-nós tréitheach Dhoire, Mary Mc Guiggan. Beidh Iar-Chóisir Irish Sea Sessions á hóstáil ag an sárionad cultúrtha, Cultúrlann Uí Chanáin. Beidh na Irish Sea Sessions (www.irishseasessions.com) ag Fóram na Mílaoise ón Domhnach 23ú Deireadh Fómhair ag 8:00pm. Ticéid ar fáil ó Oifig an Fhóraim nó ar líne ag www.millenniumforum.co.uk. Cead isteach chuig an Iar-Chóisir le ticéad bailí ceolchoirme amháin. Tuilleadh eolais ar fáil ó 02871 264132 nó tabhair cuairt ar www.culturlann-doire.ie Ag Roinnt Dea-chleachtaisTháinig Gaeil óga an cheantair le chéile i Machaire Fíolta le déanaí mar chuid de chónascadh idir Bunscoil an tSeanchaí agus Roinn na Gaeilge, Scoil Mhuire. Seisiún de chluichí agus de chur in aithne a bhí i gceist nuair a chuaigh beirt scoláirí shinsearacha, Róisín Ní Bhloscaidh agus Caitríona Nic an tSaoir, isteach chuig an bhunscoil an tseachtain seo caite. D’imir na cailíní cluichí ar nós, ‘bóg má tá’ agus ‘Deir Ó Grádaigh’ leis na scoláirí i rang a haon /dó agus rang a trí agus thaitin an taithí go mór leo. Dúirt Wayne Mac Feilimí, Ceann Roinne na Gaeilge i Scoil Mhuire, “go raibh sé deas go raibh an dá scoil ábalta teacht le chéile agus go bhfuil neart féidearthachtaí fadtéarmacha ann leis an chónascadh seo. Gan amhras, chuir sé ár gcuid scoláirí féin ag smaointiú faoi na deiseanna fostaíochta le Gaeilge atá anois ar leac an dorais acu.” Anois agus an chéad chos thar an tairseach, tá sé i gceist ag an dá scoil teacht le chéile gach seachtain agus cur leis an chaidreamh úr. AN SAOL BEO BEATHACH!Rásaí, Duaiseanna, Bia agus Craic le Banna Ceoil Beo ina dhiaidh!
Áit: SOUTH COUNTY PUB, DÚGLAS BEE FOR BATTENSTá a fhios ag an saol Fódlach gur éirigh leis an gcóras leighis i Meiriceá saol úr a gheallúint don Chiarraíoch óg, Liam Heffernan, a fhulaingíonn an Galar Battens. Tá an leaid óg agus é 3 bliana d’aois ag feabhsú i gcónaí sa bhaile i gCaisleán na Mainge na Ríochta. Tá Bee for Battens bunaithe ag a thuismitheorí, Tony agus xxx, agus iad ag dúil le hIonad Faoisimh a bhunú i dTrá Lí ar mhaithe le leanaí a fhulaingíonn galair neamhchoitianta. Tuigtear go mbuailtear idir 6 agus 8% de dhaonáireamh na hÉireann lena leithéidí. Is féidir gluaisteán a bhuachaint ach €5 ar a laghad a dheonú ar líne ag www.BeeForBattens.org. Beidh Paul Gofney ag cur leis an tionscnamh agus é chun rith mórthimpeall Fáinne Chiarraí - 112 míle - ó 6 i.n. ar an Satharn seo chugainn (15 Deireadh Fómhair) agus ag críochnú an trathnóna céanna. Eolas faoi Bee Battens ó Tony Heffernan ag 087/2359602.
Comhdháil Acadamh na Lianna i TCDCeisteanna leighis pléite, amhráin canta agus comhluadar:Bhí léachtaí suimiúla ar cheird an leighis le cloisteáil ag Cruinniú an Fhómhair, 2011, de chuid Acadamh na Lianna, a bhí ar siúl i bhfoirgneamh nua-thógtha i gColáiste na Tríonóide - Mol an tSeomra Fhada/Long Room Hub an mhí seo caite. Is é atá in Acadamh na Lianna ná eagras de ghrúpa dochtúirí le Gaeilge, a thagann le chéile le ceisteanna maidir le cúrsaí leighis i gcoitinne a phlé trí mheán na teanga. Bunaíodh an eagraíocht i 1968. Ag an chomhdháil i TCD, chualathas ó na cainteoirí seo a leanas:An tOllamh Risteard Ó Laoide, Comhairleoir Raideolaíochta, Ospidéal Naomh Uinsean, BÁC 4, a labhair faoi ‘An Raideolaíocht sa chóras sláinte’; An Dr Siobhán de Barra, a thug aitheasc faoin teideal ’Ag tús na hAicíde is ea is fusa an leigheas”; An Dr Antóin Ó Conchúir, Speisialtóir-Chláraitheoir i nGaistreintreolaíocht , Ospidéal San Séamas, BÁC 8, a labhair faoi ’Cúrsaí traenála agus ganntanas na ndochtúirí sóisearacha 2011’; Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge, TCD, a labhair ar ‘Ról Oifig na Gaeilge, TCD’ agus An Dr Colm Ó Sé, Dochtúir Teaghlaigh, Baile Fhiormaid, BÁC 10, a bhí ag labhairt faoi ’Stair Scoil Leighis TCD’. I measc na gcainteanna, thug na deirfiúracha Naisrín agus Zahrah Elsafty, beirt mhac léinn leighis i gColáiste Ríoga na Máinlianna, léiriúchán ar amhránaíocht an tsean-nóis, rud a chuir gliondar agus áthas ar an slua. Bhí píosa cainte freisin ó Shíofra Ní Mhaoilchiaráin, mac léinn le teiripe urlabhra, agus thug an slua siúlóid thart ar an gcampas stairiúil. Bhí craic agus comhrá ag an slua ina dhiaidh sin, agus béile blasta caite acu i mbialann in aice láimhe. Bhí an chomhdháil seo á reáchtáil mar chuid d’fhéile 300 bliana Scoil Leighis TCD. Chuir Oifig na Gaeilge, TCD, agus Scoil an Leighis, TCD, urraíocht ar fáil don ócáid.
Eolas: Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge, Comhdháil GhaeilgeDéanfaidh Institiúid na dTeangacha Oifigiúla agus Dátheangachas, ag Ollscoil Ottawa, aíocht ar chomhdháil chun todhchaí fadtéarmach na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh a phlé, 27 -28 Deireadh Fómhair 2011. Ba mhór againn tú a bheith i láthair. Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár suíomh gréasáin trítheangach (Gaeilge, Fraincis, Béarla): www.ilob.uottawa.ca/20bliain/ga Folúntas sa Chlub!Bainisteoir Beáir i gClub Chonradh na Gaeilge
Tuarastal: €18,000 in aghaidh na bliana Nuachtlitir Ráth Chairn Deireadh Fómhair 2011Ba mhaith linn an r-liosta postála atá againn a mhéadú. Le bhur dtoil, seol an nasc seo ar aghaidh chuig do chairde. Tugann An Chultúrlann ómós d’ÁineBhí Cultúrlann Uí Chanáin ina ionad d’oíche ómóis speisialta do ghníomhaí na Gaeilge, Áine Ní Dhochartaigh, nach maireann ar an Chéadaoin seo caite.Bhí Áine ina múinteoir do chuid mhór acu siúd ag foghlaim na Gaeilge ins An Ghaeláras i nDoire agus bhí sí comhchiallach le hathbheochan na Gaeilge sa chathair. Choimisiúnaigh Cultúrlann Uí Chanáin portráid speisialta d’Áine, arna péinteáil ag ealaíontóir áitiúil, Joe Campbell agus a thaispeánfar san fhoirgneamh ina honóir. Dúirt Gearóid Ó hEára, Príomhfheidhmeannach Chultúrlann Uí Chanáin gur inspioráid í Áine “Theagasc Áine le blianta fada sa chóras foirmiúil oideachais ach nuair a thosaigh sí ag teagasc na Gaeilge ins An Ghaeláras i 1999, bhí sé, mar a dúirt sí ag an am, ina aisling fhíorcheart le bheith ag teagasc do dhaoine a bhí ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. D’An Ghaeláras, bhí sé ina ónóir agus ina phribhléid go raibh a leithéid d’Áine ag teagasc agus dá scoláirí ba thús le turas iontach é le múinteoir iontach. Ar ndóigh, bhí sí ina múinteoir sármhaith ach bhí sí i bhfad níos mó ná sin: ba ghníomhaí í, meantóir, scríbhneoir, Bean a’Tí, duine greannmhar gliondrach. Theagasc sí le díograis, fuinneamh, tiomantas agus dílseacht. Sa seomra ranga, níor chuir sí ceist ariamh nach bhféadfadh scoláire a fhreagairt. Thuig sí leibhéal an ranga agus thug sí an muinín do gach éinne gabháil agus cad a d’fhoghlaim siad a chleachtadh.” Le tuilleadh eolais glaoigh ar 02871264132 nó cuartaigh www.culturlann-doire.ie Sraith Cainteanna an Fhómhair 2011 – Comhairle Cathrach DhoireIsland Voices ~ Glórtha na nOileán ~ Voyces frae tha Isles Ba mhaith le Comhairle Cathrach Dhoire cuireadh a thabhairt duit freastal ar ‘Glórtha na nOileán’ – sraith cainteanna a bhfuil sé mar chuspóir aici an Ghaeilge, Béarla agus Ultais a chíoradh i gcomhthéacs ár gcomhoidhreachta. Beidh trí chaint ar fad sa tsraith a thosóidh ar an 15ú Meán Fómhair agus a chríochnóidh ar an 17ú Samhain 2011. Beidh triúr aoichainteoirí ag caint ar ábhar na dteangacha thuasluaite agus deis dóibh siúd a bhíonn i láthair plé agus díospóireacht a dhéanamh ar thémaí a éiríonn as na léachtaí. Cuir d’áit féin ag na cainteanna seo in áirithe trí scairt a chur ar Iarsmalann an Túir ag (028) 7137 2411. Beidh sólaistí á gcur ar fáil. Cead isteach saor in aisce.Maoinítear Glórtha na nOileán faoi Chlár Deachaidrimh na Comhairle Cathrach. Ciorcal ComhráCiorcal Comhrá Gaeilge ag tosú í Matt Molloy’s i gCathair na Mart ar an 12ú Mean Fómhair @ 8.30 agus gach Luan as sin amach. Gaelphobal an tSratha BáinIs é seo an dara Tumchónaí, (Deireadh Seachtaine lánGhaeilge), a bheas Gaelphobal an tSratha Báin, i gcomhair le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag reáchtáil do dhaoine fásta i nGleann Choilm Cille i mbliana. D'fhreastail cuid mhaith daoine as Contae Mhuineacháin, Contae Fear Manach, Contae Ard Mhacha, Contae Dhún na nGall, Doire, Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus, ar ndóigh, as an tSrath Bán é féin, ar an deireadh seachtaine a shocraigh muid, ag deireadh mhí na Bealtaine. I ndáiríre, tháinig beirt agus tríocha le chéile san iomlán agus ba léir gur bhain gach aon duine taitneamh agus tairbhe as. Anois, tá an áit curtha in áirithe againn arís. Buailfidh cairde, foghlaimeoirí na teanga agus Gaeilgeoirí líofa le chéile tráthnóna Aoine 7 Deireadh Fómhair in Áras Ghleann Choilm Cille áit a mbeidh craic, ceol, cluichí boird agus imeachtaí sultmhara eile ar súil ó mhaidin go hoíche. Rachaidh cuid againn amach ag cnocadóireacht, cuid eile ag iascaireacht agus déanfar na himeachtaí go léir trí mheán na Gaeilge. Beidh muid ag stopadh ann go maidin Dé Domhnaigh 9 Deireadh Fómhair agus bheidh le híoc, ina iomlán, ach €50 an duine fá choinne lóistín agus bia. An bhfaighfeá a leithéid de shaoire áit ar bith eile ar chlár an domhain? Bígí linn. Gabh i dteagmháil le Máirtín chun clárú linn. Máirtín Ó Maolmhuaidh Guthán: (028)71883300 nó 07746985399 rphost: gaelphobal@btconnect.com Bailiúchán BéaloidisBailiúchán Béaloidis Ghaeltacht Thír Chonaill ar fáil anois ar www.bealoideas.com Déan cuardach de réir ceantair, ainm an fhaisnéiseora nó de réir ábhair agus éist leis na taifeadtaí ar líne! Taifeadtaí bailithe ó chuile cheantar Gaeltachta i dTír Chonaill |
|||||