Deireadh Fómhair
2011
San Eagrán seo
i gCuimhne Sheosaimh

Sheasamar os comhair a chéile, duine ar gach taobh den chónra. Corpán Sheosaimh eadrainn, an bosca ‘fags’ fágtha lena ais. “Níl Seoirse anseo”, a dúirt Máirín, “tá se imithe.” Ar nós innill ina thost agus an tiomanaí bailithe leis, ceannscríbe aistir fhada bainte amach aige. B’fhíor di agus ní raibh deor ina súile. Thiocfadh siad sin ar ball. Cinnteacht a creidimh a thug le fios di go raibh a fear céile, a compánach saoil, anois buan slán. Cinnteacht seo atá sealbhaithe i measc na gciníocha uile chomh fada agus a shíneann siar siar. Cinnteacht a bhi fuinte agus fáiscthe ina saol féin acu seo beirt mar lánúin, mar thuismitheoirí a mhair agus a shaothraigh an Chríostaíocht go beo. B’ardú meanma domsa an seasamh gairid sin ag éisteacht léi taobh lena chónra.

An mhaidin dar gcionn le linn Aifreann a’ Chaointe i Séipéal Mhuire an tSóláis i nDomhnach Cearna, labhair Diarmuid agus Deirdre linn faoina n-athair. Cuireadh aoibh an gháire ar an searmanas agus iad ag caint faoi ‘Our Dad’ agus ríomh a chuid ‘lochtanna’ os ár gcomhair. Seosamh sa chistin, ‘fag’ i láimh amháin agus an síorchupán tae sa cheann eile. Fear ab ea é, a dúradh, a rinneadh géarscagadh ar gach taobh ceisteanna - bíodh siad bainteach le cúrsaí polaitíochta, sóisialta, reiligiúin nó eile - roimh dó a bharúil tomhaiste a roinnt leo.

Gan dabht bhí an ceart iomlán aige féin i gcónaí, a dúirt Diarmuid, tréith a bhí anois fágtha le huacht aige dá sheisear clainne uile agus go raibh sé le haireachtáil cheana féin i scata dá leanaí siúd!

Ansan, chun a bheith dáiríre thug sé le fios dúinn go raibh scothdhuine, fear céile agus tuismitheoir dílis, Críostaí agus Éireannach go smior imithe uatha agus uainn.Bhí dúil aige in iliomad réimse saoil agus saoithiúlachta - teangacha, ceol, stair,diaeolaíocht, ealaín agus seandálaíocht ina measc. Go deimhin bhí fallaí an tí chónaithe maisithe go healaíonta le rogha dá shaothair phéintéireachta.

‘Dub’ go smior ab ea é a tógadh i gceantar Blessington Street, gur bhain an chéad áit i Scoláireacht Bhaile Átha Cliath agus d’fhreastail ar Bhunscoil Phlás Pharnell. Thóg leis an Ghaeilge anseo agus buanaíodh an grá sin don teanga sna laethanta saoire samhraidh i gConamara a eagraíodh sna blianta sin faoi scáth Scéim na bPáistí. Chaith seal sna Bráithre Críostaí gur cháiligh mar mhúinteoir. Bhain céimeanna ar ball sa Stair agus in Eacnamaíocht.

Bhí le 43 bliana a chaitheamh ag saothrú na gairme go rathúil i mBunscoil Chnoc na Fuinseoige (Larkhill) gur éirigh as agus é ina Phríomhoide ann sa bhliain 1990.

Bhí d’ádh air sna tréimhsí Chonamaraigh a mhair go buan gur bhuail sé le Máirín, gur bhláthaigh an grá dá chéile gur pósadh agus gur saolaíodh díobh ar ball seisear leanaí Diarmuid, Deirdre, Niamh, Colm, Orla agus Cormac. Scéal ann féin an nasc a chothaigh an chlann go léir le Conamara. Cheannaigh Seosamh seanabhus – ceann aon urlár - agus thiomáin seo go Cnoc na hAille Indreabháin agus lonnaigh é ar shuíomh chois fharraige. Chóirigh sé an bus é féin go raibh ‘teach saoire’ acu agus ag an gclann ar feadh na mblianta. Chaith Seosamh agus Máirín a saoire dheireanach le chéile ann ag tús an tSamhraidh seo. Buanaíocht bainteach le gach a thógadar idir chamáin.

Níorbh aon ionadh dúinne go raibh aithne againn air mar orgánaí ag an aifreann Gaeilge gach trathnóna Sathairn in Aireagal Chille Móire na mBráthar in Ard Aidhin a chloisint go raibh sé dlúthbhainteach le hoiliúint leanaí do bannaí cairdín scoile agus ag réiteach grúpaí do Chumann Cheoldrámaíocht na nÓg Bhaile Átha Cliath. Tuigtear dom nár thaitin comórtasaíocht leis ach taispeántais as a mbainfeadh an óige ardtaitneamh le haitheantas tugtha dóibh go léir mar luach a saothair.

Bhí ina phatrún chomh maith ar Chór Fhéileanna na Scoileanna, ina bhall den Dublin Archeological Society, an Royal Society of Antiquaries agus na ‘Bohs’ (Bohemians Musical Society). Thuill sé dea-mheas chuile dhuine. Ní beag san. Cot.

Seoirse Ó Scolaidhe.