Príomhscéalta
Agallaimh
Foghlaimeoirí
|
||||||||||
Tá Gaelscoil Chill Dara suite go gleoite ar An Bóthar Glas, An Currach, Co. Chill Dara. Is é Sean de Paor an Príomhoide agus tá teacht ar an scoil ag 045 442300. R.phost: gscd@eircom.net agus gscoilchilldara@eircom.net Suíomh: www.gaelscoilchilldara.com Tá 194 buachaill agus 250 cailín ar an rolla faoi láthair ÁR bhFEALSÚNACHT SCOILEIs scoil Chaitliceach, lán-Ghaeilge í Gaelscoil Chill Dara atá lonnaithe díreach lasmuigh de bhaile Dhroichead Nua, i gCo. Chill Dara. Faoi láthair tá 394 dalta ar na rollaí agus tá cónaí orthu den chuid is mó i nDroichead Nua, i gCill Dara, i Rath Iomgháin agus i gCill Chuilinn. Tá Gaelscoil eile lonnaithe i Nás na Rí. Tá 18 ar an bhfoireann mhúinteoireachta agus 3 ar an bhfoireann sheachtrach. Eagraítear na daltaí i 15 rang-ghrúpa agus tá beirt mhúinteoirí a fhéachann i ndiaidh páistí le riachtanaisí faoi leith. Is rún linn féinmhuinín agus meas do dhaoine eile a fhorbairt sna páistí. Bíonn teagmháil rialta ag múinteoirí sa scoil le tuismitheoirí. Tá Bord Bainistíochta Ghaelscoil Chill Dara comhdhéanta mar seo leanas:
Bunaíodh gaelscoil Chill Dara sa bhliain xxx lexxx dalta ar an chéad rolla. Leagadh amach na hidéalacha a bheadh mar threoir ar chur chun cinn na scoile agus, mar is léir, ón méid a léifear thíos ní idéalacha teibí a shaothraíodh mar go bhfuil a rianta le haireachtáil ar gach a bhaineann leis an mbunsoil seo. Seo leanas mar a sonraíodh na haidhmeanna don scoil ó thús.
Prionsabail:
Treoracha Scoile:
POLASAÍ SCOILE AR BHOBAIREACHTDearbhaíodh go cinnte agus go soiléir nach n-imreofaí cos ar bolg in aon slí ar dhuine nó ar pháiste a bhain leis an scoil ó lá go lá leis an mana: "NÍ BHEIDH AON BHOBAIREACHT i NGAELSCOIL CHILL DARA" 'Sé is ciall le "bobaireacht" ná: “Rudaí a dhéanamh nó a rá chun daoine eile a ghortú arís agus arís eile” Céard a thaispeánann dúinn go mb’fhéidir go bhfuil duine faoi bhobaireacht:
OBAIR BHAILE MAR A THUIGTEAR DOS NA DALTAÍ ÉFaighimid obair bhaile de ghnáth i rith na seachtaine. Ní ghá go bhfaigheadh daltaí obair bhaile gach oíche. Na fáthanna atá le hobair bhaile:
LEAGAN AMACH NA hOIBRE BAILE.Ní thugtar aon obair bhaile ag an deireadh seachtaine. Leath uaire a thógann obair bhaile Rang 1 agus Rang 2, agus trí cheathrú uaire i Rang 3 agus Rang 4. Ceartóidh an múinteoir an obair bhaile nuair is féidir léi. Níor chóir go dtógfadh obair bhaile Rang 5 agus Rang 6 thar uair a' chloig. Murar féidir linn ár gcuid oibre a chríochnú tar éis bheith ag obair tabharfaimid nóta sínithe dár múinteoir. MOL AN ÓIGE!Conas a chuirfimid an cód ag obair: Is féidir le múinteoirí na páistí a mholadh mar seo a leanas:
CEARTÚCHÁNNuair a bhriseann páiste an cód déanfaimid roinnt de na rudaí seo:
POLASAÍ NA SCOILE I LEITH CUMARSÁIDE LE TUISMITHEOIRÍAg tús na scoilbhliana iarrtar ar thuismitheoirí a shoiléiriú ar an bhfoirm ‘Foirm Eolais Faoi Theaghlaigh’, cén áit ar chóir litreacha, scéalta ón scoil a chur. Déanfar soiléir ar an bhfoirm chéanna go bhfuil sé mar dhualgas ar na tuismitheoirí a chur in iúl don scoil i scríbhinn má thagann athrú ar an teagmhálaí i rith na bliana. Má tá easaontas idir thuismitheoirí faoin teagmhálaí ainmnithe, cuirfear litreacha / scéalta go dtí an seoladh ag a bhfuil an páiste / na páistí ina (g)c(h)ónaí an chuid is mó den am. Cuirfear téacsanna oifigiúla chuig an tuismitheoir / gcaomhnóir lena bhfuil an páiste /na páistí ina (g)c(h)ónaí i rith na seachtaine nuair atá an páiste / na páistí ar scoil. Níl an scoil ag glacadh aon taobh ar leith i gcás easaontais. Leanfaidh an scoil aon treoir a thugann cúirt aitheanta di i gcás easaontais. BRÓN AR NA BÁSANNAAmhrán do Niamh agus Cian: Ar an 29ú Feabhra 2008 cailleadh Niamh Ní Mhír agus Cian Ó Mír i dtimpiste bóthair agus iad ar a mbealach ar scoil. Bhí siad ocht mbliana agus seacht mbliana d’aois faoi seach. Chlúdaigh néal trom an bhróin ár scoil ar feadh i bhfad i ndiaidh na timpiste. Tá cúpla Chian, Eoin inár scoil i gcónaí agus tá máthair na bpáistí, Deirdre, ar ár bhfoireann. Sa bhliain 2010, chum Barbara Devlin an píosa ceoil seo i gcuimhne ar Niamh agus Cian agus seinneadh don chéad uair é ag searmanas an Chéid Chomaoinigh. Tá sé á chur ar shuíomh Gréasáin na scoile anois mar chuimhneachán buan ar an mbeirt pháistí áille a chailleamar ar an lá sin. ‘Go bhfaighe sibh suaimhneas i gcomhluadar na naingeal’
FOIREANN NA SCOILE:
COMHAIRLE NA dTUISMITHEOIRÍ: Seo pictiúr de Chomhairle na dTuismitheoirí ag a céad chruinniú ar an 13ú Deireadh Fómhair. Leag siad amach plean oibre don bhliain, imeachtaí ar nós Aonach na Leabhar, Crannchur na Cásca agus Lá Spraoi san áireamh. Go n-éirí go geal leo. Ar chúl: Mabel Murtagh, Susan Murphy, Wendy Barry, Muir O’Raw, Siobhán Harris, Marie Walsh, Ollie Dillon, Bethan Kilfoil.Chun tosaigh: Múinteoir Helen Doyle, Mary O’Reilly, Josephine O’Connell, Aisling Ó Laoghaire, Karen Boland, Máirín Uí Chathaláin, Tina Finnerty.Ar iarraidh ón ngriangraf: Conor Ó Mathúna, Tracey Uí Scolaí, Aisling Nic Uidhir, Jacinta McHugh.
|
|
|||||||||