Príomhscéalta
Foghlaimeoirí
Agallaimh
|
||||||
AILBHE FILE
Bronnadh Corn an Choirnéil Eoghan Ó Néill ar Ailbhe Ní Ghearbuigh le linn Thuras na bhFilí Albanacha an mhí seo caite. Ócáid a léirigh beocht na filíochta nuachumtha in Éirinn agus in Albain. Tá an comórtas filíochta seo á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúig bliana anuas agus é mar ócáid lárnach ag Turas na bhFilí, malartú cultúrtha bliantúil idir filí Albanacha agus Éireannacha. Tugann an comórtas aitheantas d’fhilíocht nua-chumtha sa Ghàidhlig agus sa Ghaeilge. Chroch an banfhile óg ó Thrá Lí, Contae Chiarraí, an corn léi leis an dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’. Deir Ailbhe gurb é téama an dáin ná “cur síos ar theanga feadaíola sna Piréiní sa bhFrainc nach bhfuil ann níos mó”. Bronnadh duais €500 uirthi agus foilseofar an dán san iris liteartha Comhar. Bhí Nuala Ní Dhomhnaill agus Rody Gorman mar mholtóirí ar an gcomórtas. Dúirt Nuala Ní Dhomhnaill go raibh na dánta go léir ar ardchaighdeán agus gur cinneadh deacair a bhí ann dóibh. Chuir an t-amhránaí Máire Ní Choilm an slua faoi dhraíocht a fhad is a bhí na moltóirí i mbun cainte, agus i bhfochair léi ar stáitse bhí an t-amhránaí Albanach Linda NicLeòid. Ina dteannta bhí an píobaire ón Eilean Sgitheanach Angus Nicolson, agus léigh an file Albanach Fearghas MacFhionnlaigh dán nó dhó óna pheann féin. Chuir an ócáid tús le clár an mhalartaithe chultúrtha Turas na bhFilí agus thug na hAlbanaigh camchuairt ar Ghaeltacht na nDéiseach sular thug siad aghaidh ar Cheatharlach don Fhéile Pan Cheilteach. Is é an aidhm atá le Turas na bhFilí ná naisc idir pobal agus traidisiúin na hÉireann agus pobal agus traidisiúin na hAlban a threisiú ionas go gcothófar teagmháil leanúnach idir an dá thír. Tá Turas na bhFilí ar an bhfód ó bhí 1970 ann agus ba é an Coirnéal Eoghan Ó Néill a chuir tús leis an bhféile nuair a bhí sé ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. “I mbliana tá lúcháir orainn go bhfuilimid ag comhoibriú le Fèisean nan nGáidheal, eagraíocht a thugann tacaíocht d’fhéilte Gáidhlig in Albain,” a deir Niamh Ní Shúilleabháin, Bainisteoir Gníomhach ar Chumarsáide agus Margaíochta. “Táimid an‑bhuíoch díobh agus d’Fhoras na Gaeilge a thugann tacaíocht don turas seanbhunaithe gach aon bhliain.” TOM AR LASASDH!
![]() An Roicéad Póca nuair a bhí sé i mbarr a réime.
Beidh Tom Magill i gcomhar le Wayne McCullough nuair a fháilteofar roimh an Tóirse Oilimpeach ar an Iúr Dé Luain 18 Meitheamh. Tá Tom sa bhliain dheireannach i nGaelscoil an Iúir agus é ar bís chun bualadh le haoi eile na hócáide, Wayne McCullough. Sa ghrianghraf tá sé i dteannta Oisin Uí Mhurchú, iardhalta de chuid na scoile agus duine d’fhoireann bhuacach Ardscoil Naomh Pól a bhain Craobh Scoile Shinsear na hÉireann sa pheil i mbliana. BÍGÍ AG LONRÚ LEO!![]() Bí linn ag Loinnir! Seo an chéad chúrsa samhraidh amharclannaíochta riamh atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge in Éirinn. Bí ag canadh, ag damhsa agus ag aisteoireacht trí Ghaeilge i nGlee-tacht Bhaile Átha Cliath! Le luach 40% ag dul do Scrúdú Cainte na Gaeilge san Ardteistiméireacht anois, tá cleachtadh cainte riachtanach don dalta. Nach fearr an teanga a chleachtadh i dtimpeallacht lán le spraoi gan bhrú? Le linn an chúrsa coicíse seo, glacfaidh daltaí idir 12-17 mbliana páirt i ranganna éagsúla, sa chomhraic ardáin agus sa cheoldrámaíocht, mar shampla. Tiocfaidh líofacht nua orthu a chuirfidh ag brionglóid trí Ghaeilge iad! Beidh an cúrsa ar siúl sa Mhonarcha ar Shráid na Bearú, atá díreach in aice le stáisiún DART Dug na Canála Móire. Is é an aidhm atá ag an gcúrsa seo ná an Ghaeilge a mhúineadh trí mheán praiticiúil, spraíúil agus difriúil. Ní bheidh béim ar an teanga scríofa ach cuirfear béim ar an teanga labhartha. Ar an dóigh dhifriúil seo, tá súil againn meon an dalta i leith na Gaeilge a athrú. Ba bhreá linn a léiriú dóibh gur teanga bheo í an Ghaeilge agus gur féidir leo í a labhairt le chéile agus iad ag damhsa agus ag canadh agus ag déanamh drámaíochta. De réir go leor taighde atá déanta, feictear go bhfuil buntáiste ollmhór ag baint leis an modh oibre seo agus go gcabhraíonn sé go mór le foghlaim an dalta. Teastaíonn uainn beocht úrnua a chur sa teanga. Bí linn!! Is í an NPAS an phríomhscoil damhsa, drámaíochta agus amhránaíochta in Éirinn. Jill Doyle agus Éamon Farrell a bhunaigh an scoil, scoil a bhíodh uathu agus iad ina bpáistí. Is é an difríocht idir NPAS agus scoileanna amharclannaíochta eile ná go mbíonn deis ag an bpáiste a bheith ag lonrú, go mbíonn aird tugtha ar an aonánacht agus go bhfásann a gcuid féinmhuiníne agus gur féidir leo a bheith bródúil as an duine uathúil atá iontu. Tá ár ranganna go léir san ionad céanna agus lenár stiúideonna agus áiseanna ar fad sa Mhonarcha, creidimid go bhfuil sé in am dúinn ar fad na hallaí scoile a fhágáil agus bogadh go háiteanna geala a tógadh go sonrach don taibhléiriú. Tabhair cuairt orainn ag NPAS – cuirtear fáilte roimh gach éinne! Le tuilleadh eolais a fháil faoi NPAS Loinnir, caith súil ar www.npas.ie nó déan nasc linn ar Facebook, áit a mbeidh cúrsaí le buachan chuile choicís ag https://www.facebook.com/NPASLoinnir Eolas Teagmhála na Meán / Contact Information for the Media: Clódagh Nic Gabhann, 0879564266,loinnir@npas.ie, NPAS Loinnir, The Factory, 35a Barrow Street, Grand Canal Dock, Dublin 4 SCÉIM DHARTRAÍ
Tá Oifig na Gaeilge TCD ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí (Halla na Tríonóide), do mhic léinn a bheidh ag teacht go dtí Coláiste na Tríonóide i 2012. Tá 12 áit á dtairiscint do 2012-2013. Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil ag www.tcd.ie/gaeloifig. Tabharfar tús aite d'iarratais a fhaightear in Oifig na Gaeilge ar/roimh Déardaoin 31 Bealtaine 2012. Tá na hiarratais le seoladh chuig "Scéim Chónaithe Dhartraí", Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
Eolas: Aonghus Dwane BEIRISTE TRÍ GHAEILGE!
Cén cluiche is mó a imrítear in Éirinn? Peil? Iomáint? Rugbaí? Beiriste! Tá thart ar 33,000 imreoir agus 535 club cláraithe ar fud na hÉireann agus tá cuid mhór clubanna agus imreoirí eile a imríonn gan bacadh le clárú. ’Sí an beiriste an cluiche cártaí is mó a imrítear ar domhan. Imrítear beiriste le páirtnéir agus bíonn ceathrar imreoirí ag gach bord. Suíonn na páirtnéirí os comhair a chéile agus glaotar Tuaisceart/Deisceart agus Iarthar/Oirthear ar an dá pháirtnéireacht nó fhoireann. Is cinnte gur cleachtadh maith don aigne atá sa bheiriste, agus is féidir leis na himreoirí maithe bheith an-aireach. Le linn cluiche coimeádann siad cuntas ar na cártaí agus iad á n-imirt, agus leis an eolas sin bíonn tuairimíocht leanúnach acu faoi na cártaí atá fós le himirt. Tá taighde ann a mhaíonn gur iontach an rud don aigne é dúshlán mar chluiche beiriste, crosfhocal nó teanga nua a fhoghlaim. Agus má ghlacann duine le dúshlán mar seo i gcomhluadar muinteartha Gaelach, is dóichí ná a mhalairt go mbeidh aigne lúfar óigeanta ag an té sin. Tagann grúpa Gaeilgeoirí le chéile uair sa mhí i mBaile Átha Cliath le beiriste a imirt. Buaileann siad le chéile i gClub Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair nó i gclub beiriste. Cé gur maith leo bheith iomaíoch, tá béim ar atmaisféar taitneamhach a chruthú chomh maith. ’Sé Fionn Ó Gráda an fear eagair agus is féidir téacs a chur chuige ar 086-3077948 nó cuir r‑phost chuig fionnograda@gmail.com. Tá obair mhór déanta chomh maith ag Áine Ní Mhaoldomhnaigh Ó Drisceoil (ball eile den ghrúpa) maidir le téarmaíocht na gcártaí (féach bosca thíos). Má tá beiriste agat, nó aithne agat ar dhuine a bhfuil, seo deis beiriste a imirt agus Gaeilge a chleachtadh. Is cuma más siorc nó gnáthimreoir thú, bainfidh tú taitneamh as an ócáid. “Le chéile, ba mhaith linn caitheamh aimsire taitneamhach luachmhar a chur ar fáil agus Gaeilge á labhairt. Ní bhíonn ranganna beiriste ar fáil ach bheadh fáilte roimh imreoirí ‘nua’. Ó am go chéile, téann muid ar cuairt chuig club beiriste a mbíonn ‘oíche oscailte’ á reáchtáil acu.” Mar chríoch, scéilín a thuigfidh imreoirí beiriste. Pearsa agus imreoir láidir a bhí sa mBreitheamh Eileen K-----, a raibh sé mar nós aici beiriste a imirt cúig nó sé oíche in aghaidh na seachtaine. Oíche agus í féin agus a páirtnéir mar Thuaisceart/Deisceart, tháinig lánúin phósta chuig a mbord. Bhí taithí mhaith ag an bhean chéile ar bheiriste ach ba é sin an chéad uair a d’imir a fear i gclub. Thosnaigh an glaoch agus ghlaoigh an bhean chéile ‘Aon Dímhámh!’ Chas an Breitheamh go postúil chuig an bhfear agus d’fhiosraigh ‘Lag nó Láidir?’ Ar seisean, ‘Ó, ná bí buartha fúmsa, tá mise ceart go leor!’ Samplaí de Théarmaí Cártaí
Dath: A suit GRADAM EILE FÓS
Bronnadh Gradam Bhord na Gaeilge UCD ar Mhícheál Ó Muircheartaigh i mbliana. Aitheantas a bhí tuillte go maith ag ‘Iarmhac léinn de chuid na hOllscoile a rinne éacht ar son na teanga’. Sa phictiúr tá Mícheál i dteannta mac léinn de chuid Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge sa choláiste, mar atá Máirtín Ó Maolchiaráin ó Mhaigh Cualainn Eoghan Mac Giolla Bhríde - Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2012Tá áthas mór ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo Eoghan Mac Giolla Bhríde a fhógairt mar Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2012. As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill don scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá dhá chnuasach gearrscéalta scríofa aige, Idir Feoil is Leathar agus Díbeartaigh, a d’fhoilsigh Coiscéim. Beidh Eoghan ag obair le Grúpaí Scríbhneoirí agus scoileanna fud fad an Chontae le linn na míosa, agus tabharfaidh sé ceardlann ar mhearfhicsean i Lóiste Loch an Eanaigh ó 7.30 go dtí 10.00 ar an 15ú Bealtaine. Beidh an cheardlann saor in aisce agus cuirfear fáilte roimh gach scríbhneoir sa Chontae freastal uirthi. Téigh i dteagmháil le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar 094 904 7558 nó mayoarts@mayococo.ie le clárú don cheardlann. Eolas: 094 904 7 558, mayoarts@mayococo.ie, www.mayococo.ie/ga Comórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012Saothar cruthaitheach próis. Fáilte roimh úrscéalta, nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta. Duaischiste: €10,000 Spriocdháta iontrála: Dé Luain, 3 Meán Fómhair, 2012 Tabhair cuairt ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlín, http://www.cic.ie/article.aspx?id=313, le liosta iomlán na rialacha a fháil chomh maith le treoir bhreise agus foirmeacha iarratas. Eolas: Bridget Bhreathnach, Feidhmeannach Margaíochta, Cló Iar-Chonnacht. Fón: 091 593307 R-phost: cloiar@iol.ie Scéim Deontas Cholmcille oscailteTá Colmcille i ndiaidh a fhógairt go bhfuil a scéim deontas oscailte do thionscadail a nascann Gaeilge na hÉireann is Gaeilge na hAlban, agus a ardaíonn feasacht ar a n-oidhreacht choiteann. Páirtíocht idir Éire agus an Albain is ea Colmcille, a chuireann Gaeilge na hÉireann agus na hAlban chun cinn trí thionscadail a bhunaíonn comhoibriú idir an dá thír. Cabhraíonn an scéim deontas le tionscadail sa phobal, san oideachas, sna healaíona agus le tionscadail óige. Tá súil ag Colmcille go mbeidh réimse leathan pobal agus eagraíochtaí rannpháirteach sa scéim. Is féidir iarratais a chur isteach faoin scéim suas go dtí an 18 Bealtaine. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Ferdie Mac an Fhailígh. “Cuirfimid fáilte roimh iarratais a chuirfidh caidreamh úrnua chun cinn idir pobail a labhraíonn Gaeilge in Éirinn agus in Albain, agus chomh maith leis sin, roimh iarratais a chuireann leis na nascanna atá ann cheana féin. Caithfidh gach iarratas a bheith dírithe go láidir ar an teanga agus ar an nasc idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban. Is mian le Colmcille go mbeidh a chuid oibre agus na tionscadail a fhaigheann deontas ag cur leis an tuiscint ar an Ghaeilge mar pháirt den fhéiniúlacht chultúir in Éirinn agus in Albain, agus beidh fáilte ar leith roimh thionscadail a léireoidh dóigheanna nuálacha leis an Ghaeilge a chur i láthair.” Thug Colmcille tacaíocht do réimse leathan imeachtaí thar na blianta. Tá Slí Cholmcille ar na tionscadail is mó a raibh baint ag Colmcille leis le bliain anuas – slí turasóireachta agus oidhreachta atá ann a leanann beatha Cholmcille – an naomh a chraobhscaoil an Chríostaíocht in iarthar na hAlban agus níos faide ar shiúl. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach www.colmcille.org Comhdháil na nDéiseReáchtálfar Comhdháil na nDéise in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar an 7ú Meitheamh, 2012. Déanfaidh an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich an oscailt oifigiúil. Seolfar Cartlann Chultúr na hÉireann, WIT, ar an lá céanna. Aoi-léachtóirí: an tOllamh Pádraig Ó Macháin agus Nioclás Mac Craith. Beidh trí sheisiún de léachtaí againn agus seo a leanas na léachtóirí: An Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha, An Dr Tríona Ní Shíocháin, An Dr Proinsias Ó Drisceoil, Breandán Ó Cróinín, An Dr Síle Ní Mhurchú, An Dr Pádraig Ó Liatháin, An Dr Cáit Ní Shúilleabháin, Gearóid Ó Duinn agus Chris McAuliffe. Cead Isteach: 10 euro (lón san áireamh). Ní mór duit clárú roimh ré (ar lch 3 den sceideal atá faoi iamh anseo). Cuirfear aistriúchán Béarla ar fáil do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu (scaipigí an scéal seo le do thoil). Lean muid ar Facebook: http://www.facebook.com/DeiseWIT agus ar Twitter: @ComhdhailDeise Tuilleadh eolais ó sodiolluin@wit.ie nó deise@wit.ie. Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta 2012
Beidh Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta 2012 ar siúl i nGaoth Dobhair i mbliana ón 1ú Meitheamh go 4ú Meitheamh. Bí ann le Saol na Gaeilge. Sa ghriangraf tá Anthony Ó Conghaile, An Cheathrú Rua, ag fáil a chic isteach in ainneoin iarrachtaí Chiarán Barret, Naomh Anna, Leitirmóir, sa chraobh Gaillimh de Chomórtas Peile na Gaeltachta ar Pháirc Uí Chatháin, An Cheathrú Rua. Bhuaigh An Cheathrú Rua an cluiche 10-9 pointe agus cháiligh siad don chomórtas Uile Éireann i nGaoth Dóbhair an Meitheamh seo chugainn nuair a bhain siad an comortas áitiuil amach. D'éirigh le foireann sóisir na Ceathrún Rua cáiliú don chomórtas i nGaoth Dobhair chomh maith. Pic: Seán Ó Mainnín
I mbliana tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag ceiliúradh 40 bliain de Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain de theilifís RTÉ. Cuirfidh Aengus Mac Gríanna, léirtheoir nuachta de chuid RTÉ, na gradaim i láthair, agus beidh an ócáid ar siúl sa Galway Bay Hotel, Dé hAoine 18 Bealtaine. Ceiliúrann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais go bliantúil na láithreoirí Teilifíse & Raidió, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár atá tar éis barr feabhais a bhaint amach leis an méid a chuir siad le hearnáil na meán Gaeilge le linn na bliana. In iomaíocht dhíreach don ghradam Sraith Theilifíse na Bliana beidh an tsraith ghrinn “Rásaí na Gaillimhe”, ina bhfuil Don Wycherley agus Carrie Crowley, agus “Scéal na Gaeilge”, clár faisnéise a chroinicíonn stair theanga na Gaeilge, léirithe ag Ciaran Ó Coffí. Tá Páidí Ó Lionáird, a bhí mar chathaoirleach ar an gcéad díospóireacht Uachtaránachta trí Ghaeilge ar TG4, i measc na n-ainmnitheach don ghradam Pearsa Teilifíse na Bliaina, mar aon le Dara Ó Cinnéide, iarchaptaen fhoireann peile Chiarraí, dá chlár Seó Spórt ar TG4. Tá tús áite ag Rónán Ó Muithile ó Newstalk 106 sna catagóirí raidió – ainmníodh a chlár ‘Splanc’ don ghradam Clár Raidió na Bliana agus tá sé san iomaíocht don ghradam Pearsa Raidió na Bliana freisin. “Tá cúpla seachtain chorraitheach amach romhainn agus na craoltóirí, aisteoirí agus iriseoirí is fearr sa tír ag dul díreach i gcoinne a chéile chun ceann de na gradaim shantaithe a thabhairt leo,” a dúirt Liam Ó Maoladha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Ceann de bhuaicphointí na nGradam i mbliana ná aitheantas a thabhairt do 40 bliain de Raidió na Gaeltachta, atá tar éis ról suntasach a bheith aige i gcraoltóireacht na Gaeilge ón uair a cuireadh ar an bhfód é,” a dúirt sé. “Ardán tábhachtach atá sna gradaim chumarsáide seo chun aitheantas a thabhairt don ionchur iontach atá á dhéanamh ag earnáil na meán Gaeilge uile agus é a chéiliúradh,” a dúirt sé. Tá na colúnaithe Conall Ó Moráin, Eoghan Ó Néill agus Concubhar Ó Liatháin ó Gaelscéal i gcoinne a chéile sa chatagóir Colúnaí na Bliana. Tá craoltóir spórt RTÉ Evanne Ní Chulainn ainmnithe sa chatagóir Colúnaí na Bliana dá colún seachtainiúil i Foinse, agus tá Orla Bradshaw, Foinse, agus Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, i measc na ndaoine atá ainmnithe don ghradam Iriseoir na Bliana. Ainmníodh Pat Butler, RTÉ, agus foireann Foinse don ghradam Saoil. Tá na trófaithe agus na gradaim urraithe ag Údarás na Gaeltachta arís i mbliana. AN FHÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA 2012
Na Gradaim a bronnadh
|
SCOIL SCAIRTE LARKIN
Déardaoin go Satharn, 10-12 Bealtaine 2012 Déardaoin, 10 Bealtaine6.30in (doirse ar oscailt, 6.00in):
Cathair Larkin – Ag feadadh Tine na Réabhlóide 8.30in: Moladh na mBan docheansaithe
Ionad: An Clé Club, Stag’s Head, Cúirt an Dáma, Baile Átha Cliath 2 Aoine, 11 Bealtaine3.00in: Siúlóid Cathrach: I gCoiscéimeanna Larkin
Ionad: Teacht le chéile ag Teach an Chustaim ag 2.45in 7.00in: Fáiltiú Fíona urraithe ag an NUJ (Craobh na Nuachtán i mBaile Átha Cliath) agus SIPTUIonad: Beár Chois Life, Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath 1 7.45in: ‘An Buachaill Caoin – Ómós dátheangach do Bhreandán Ó Beacháin’Ionad: Amharclann Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath 1 Is í an t-aisteoir Nuala Hayes a bheas sa phríomhpháirt i gceiliúradh drámaíochta agus ceoil ar dhuine de mhórscríbhneoirí na príomhchathrach. I measc na n-oirfideach beidh Declan Collinge, file agus ceoltóir, in éindí le hamhránaithe agus ceoltóirí an bhanna The Liffey Banks – Nóra Geraghty, Máire Nic Fhinn, Angela Plunkett, Jack Plunkett, Sally Corr agus Noel Pocock. Is é Des Geraghty a scríobh, agus léireofar an seó le tacaíocht fhial ó Cheardchumann Náisiúnta na bPéintéirí & Maisitheoirí, agus na craobhacha seo a leanas den NUJ: Craobh na Nuachtán (BÁC), na Saoririseoirí (BÁC), Foilsitheoireacht agus CP. Cead Isteach €10 (an seisiún oscailte ina dhiaidh san áireamh) 9.30-12.30: Seisiún Oscailte sa Bheár Tá fáilte roimh gach aon duine bheith páirteach sa Seisiún Oscailte treoraithe ag an ngrúpa The Liffey Banks. Satharn, 12 Bealtaine
Ionad: Aonad na dTaibh-Ealaíon, Halla na Saoirse, Cé Eden, Baile Átha Cliath 1. 11.00rn-12.45in: ‘Neilí Ní Dhomhnaill – Rann na Feirste: A Saol agus a hOidhreacht
Léacht: Cathal Goan 1.45-3.30in Cumhacht an Amhráin
Aoi speisialta: Jimmy Crowley 3.45-5.30in: Ceol Michael Coleman
Léacht: Jesse Smith 8.00in: An Clé Club: Seisiún na Saoirseach
Cuirfear críoch leis na himeachtaí le seisiún bríomhar treoraithe ag Máistrí Ceoil na Scoile. Beidh fáilte roimh gach aon duine páirt a ghlacadh. Aoine, 11 Bealtaine: An File agus an Píobaire
Urraithe ag Éigse Éireann
Is féidir ticéid do na himeachtaí ar fad a fháil ón Clé Club a bhíonn ar siúl sa Stag’s Head, Cúirt an Dáma, Baile Átha Cliath 2, gach oíche Chéadaoin. Cosnaíonn ticéid €10 in aghaidh an lae Baile Átha Buí le GaeilgeNuachtlitir Bhealtaine anois ar fáil: www.athbui.com
Ba mhaith linn cur lenár r-liosta postála. Le bhur dtoil, seol an nasc seo ar aghaidh chuig do chairde. 13ú Scoil Samhraidh Mhic ReachtainTá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain thar a bheith sásta a fhógairt go bhfuiltear anois ag clárú do 13ú Scoil Samhraidh Mhic Reachtain. Bhí rath agus bláth ar an scoil anuraidh agus tugaimid gealltanas daoibh go mbeidh scoil na bliana seo chomh maith céanna agus táimid ag súil go mór thú a fheiceáil ann. Tá na háiteanna teoranta ar an chúrsa, mar sin cuir d’fhoirm agus d’íocaíocht chugainn chomh luath agus is féidir leat le d’áit ar an chúrsa a chinntiú. Foirmeacha ar fáil ag ray@mhicreachtain.com Coláiste Gaeilge do dhaoine fástaDé Luain 23ú go dtí Dé hAoine 27ú Iúil 2012 Beidh cúig leibhéal i gceist:
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Céilí Mór
Ócáid TACA/TACA fundraising event Declan O’Rourke
Sa Black Box, Béal Féirste Amharc Nua
www.progressivefilmclub.ie
Oícheanta Speisialta Ceoil is Filíochta i gClub an ChonarthaCúis áthais agus cúis mhórtais d'IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge, an dara sraith d'oícheanta speisialta sa Chlub a fhógairt, ardán le haghaidh scoth an cheoil agus na filíochta i dteannta scríbhneoirí, ceoltóirí agus amhránaithe tréitheacha, ina measc Colm Mac Con Iomaire, fidléir le The Frames, ginias an ghiotáir Steve Cooney, filí mór le rá Biddy Jenkinson agus Stiofán Ó Cadhla agus Séamas Barra Ó Súilleabháin, mac léinn agus buaiteoir an All-Ireland Poetry Slam 2011. Ní slamáil go dtí an Súilleabhánach! 8.30 i.n De hAoine, 11 Bealtaine 2012 (saorchead isteach):Gearóid Mac Lochlainn & Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson is Máire Ní Choilm 8.30 i.n Aoine, 18 Bealtaine 2012 (saorchead isteach):Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Súilleabháin agus Tony Mac Mahon & Steve Cooney 8.30 Dé hAoine 25 Bealtaine 2012 (saorchead isteach):Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus Doireann Ní Ghríofa. Eolas: LIAM CARSON: guthán 087-2912797 ríomhphost liamog62@mac.com Tionól na Mumhan 2012
Dé hAoine, 8 - Dé Domhnaigh, 10 Meitheamh Eolas: www.dailnamumhan.ie Siúil Siúil a ………..Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúii ag eagrú deireadh seachtaine siúlóide i nGaeltacht Dhún na nGall ar an 26 agus an 27 Bealtaine. Beidh rogha siúlóid ann ar an Satharn ar a 1. Beidh roinnt againn ag dreapadh na hEaragaile nó beidh siúlóid níos fusa ag Caiseal na gCorr ag bun na hEaragaile. Beidh muid ag freastal ar an Chabaret Craiceáilte oíche Shathairn le Blunderbrau agus neart ceoltóirí eile (€5) agus ag stopadh thar oíche ar an Bhun Bheag. An mhaidin dar gcionn, beidh siúlóid threoraithe againn thart ar an Bhun Bheag agus na Doirí Beaga ar a 11 le blaiseadh a fháil de stair agus de sheanchas an cheantair. Beidh costas £30 ar an turas agus clúdaíonn an praghas sin lóistín agus na siúlóidí. Moltar teagmháil a dhéanamh le Seán a luaithe agus is féidir ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com le d'áit a chinntiú. Ranganna GaeilgeBeidh Gaelchultúr ag cur tús lena ranganna Gaeilge oíche do dhaoine fásta an tseachtain dar tosach an 21 Bealtaine 2012 i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Rang oíche sa tseachtain a bheidh i gceist thar 6 seachtaine. Tá lascaine speisialta ar fáil dóibh siúd a chuirfidh cúrsa in áirithe roimh an 8 Bealtaine. Go dtí an dáta sin, €100 seachas €120 an táille a bheidh i gceist. Tapaigh do dheis, mar sin, agus tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com chun tuilleadh eolais a fháil agus chun cúrsa a chur in áirithe.
eolas@gaelchultur.com Míorúilt an pharóiste: comhdháil lae ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi
Dé Céadaoin 23 Bealtaine 2012 Suíomh Nua IdirlínTá Craobh an Iúir-Gaeláras Mhic Ardghail i ndiaidh suíomh úr idirlín a lainseáil – iurchinntra.ie Cuirfear béim ag an tús ar ábhair oidhreachta/staire agus ar ball ar imeachtaí/ranganna sa Ghaeláras atá á thógáil faoi láthair ag ‘Cnocán Phádraig Naofa’, Sráid an tSéipéil, an tIúr. Féile PhanCheilteach ag teacht go Doire i 2014 agus 2015Chuir urlabhraí Chultúrlann Uí Chanáin fáilte roimh an deimhniú go mbeidh Doire ina óstach ar an Fhéile PhanCheilteach i 2014 agus 2015. Bíonn an Fhéile ar siúl le linn sheachtain na Cásca gach bliain agus tig cuairteoirí chuici ó gach cuid d’Éirinn chomh maith leis na náisiúin Cheilteacha, an Bhriotáin, an Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann agus Corn na Breataine. Beidh níos mó ná 5,000 duine páirteach nó ag freastal ar réimse imeachtaí ina measc siúd Paráid na Féile agus comórtais eagsúla.
Tuilleadh eolais: Donncha Mac Niallais - 0044 28 7126 4132 donncha@culturlann-doire.ie Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC
Cúrsa Iriseoireachta FOILSEACHÁIN ÁBHAIR SPIORADÁLTA agus AN TIMIRE (iris ráithiúil Ghaeilge na nÍosánach)
Fáilteofar roimh iarratais don phost páirtaimseartha seo ar chonradh bliana
Cáilíochtaí riachtanacha: Bheadh taithí ar chúrsaí foilsitheoireachta ina buntáiste. 20 uair sa tseachtain - Tuarastal: €15,000
Spriocdháta le haghaidh iarratais SMEDIAS![]() Therese McInerney agus an trófaí á ghlacadh aici thar ceann na beirte acu ó Lynette Fay, BBC Raidió Uladh.
Tugann na gradam Smedias aitheantas do mhic léinn don ábhar is fearr a fhoilsítear uathu sna meáin i réimsí éagsúla na hiriseoireachta agus na tuairiscithe, idir scríofa agus craolta. Bronnadh na gradam ag ócáid in Óstán Dhroichead na Dóthra i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite. Thug Foras na Gaeilge maoiniú don Iriseoireacht i nGaeilge (Scríofa) agus don Iriseoireacht i nGaeilge (Raidió). Lynette Fay a bhronn na duaiseanna. Ba í Frances Mulraney – Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - a bhain an duais don Iriseoireacht trí Ghaeilge (Scríofa) agus chroch Therese McInerney and Jessie O'Connor, Coláiste na hOllscoile Chorcaí, an chraobh leo san Iriseoireacht trí Ghaeilge (Raidió) Buail Isteach!Enjoy Irish Feidhm Nua / New App Ar fáil ó iTunes & Android Cúrsaí Gaeilge agus laethe saoire cultúrtha Irish language courses & cultural activity holidays fón: +353 (0)74 973 0248 Skype: oideas.gael Le fáil ar Facebook! Iris Ghaeilge - Online Irish language magazine An Siopa Gaeilge / Irish Language Bookshop Full range of Irish language & educational resources NEW BEGINNERS' COURSE by EITHNE NÍ GHALLCHOBHAIR -'ENJOY IRISH' with CD |
|||||