Príomhscéalta
Foghlaimeoirí
Agallaimh
|
||||
Gaelscoil an Chuilinn i gceantair Bhaile an Tirialaigh agus Mhulach Eadrad Chontae Bhaile Átha Cliath an t-aon Ghaelscoil nua a osclóidh a doirsí i mbliana. Tá feachtas ceithre bliana saothraithe ag na tuismitheoirí agus beidh an scoil lonnaithe i bhfoirgnimh fholmha scoile ar feadh cúpla bliain. Tosnófar le rang amháin agus faoin am go mbeidh scoil úrnua acu, atá geallta don scoilbhliian 2015/16, is féidir bheith cinnte go mbeidh líon na ngasúr méadaithe go mór. Seo a thug Mícheál Ó Muircheartagh le fios agus é ag caint le linn ócáide in Óstán Carlton sa cheantar. Mhol sé agus spreag sé gach duine atá bainteach leis an scoil. Is féidir eolas a fháil faoin scoil agus, go deimnin, leanaí a chlárú do Mheán Fómhair seo chugainn ag 086 3236187 nó chuig r.phost gaelscoilanchuilinn@gmail.com. |
|
|||