Aibreán
2012
Clic-Pic don Scéal
Baile

CUR I LÁTHAIR AGUS PLÉ: Donncha Ó hAodha, Uachtarán ath-thofa Chonradh na Gaeilge,Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Paidí Ó Lionáird, láithreoir 7 Lá, agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar an ardán san Óstán Auburn Lodge.

Tá an comhairliúchán poiblí dhá sheachtain déag a reáchtáil Foras na Gaeilge timpeall na tíre d’fhonn tuairimí agus moltaí maidir leis na dréachtscéimeanna nua atá molta aige i leith earnáil na Gaeilge curtha i gcrích. Reáchtáladh cruinnithe poiblí agus grúpaí fócais ar fud oileán na hÉireann in áiteanna cosúil le Trá Lí, Gaillimh, Béal Feiriste agus Baile Átha Cliath. Fuarathas agus éistíodh le haighneachtaí agus le tuairimí ó eagraíochtaí Gaeilge chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

“Léiríonn an daonáireamh is déanaí go bhfuil méadú de thart ar 7% tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn,” a dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Is rogha phearsanta é an rogha a dhéanamh Gaeilge a labhairt agus is mian le Foras na Gaeilge a chinntiú go bhfuil infreastruchtúr ann do na cainteoirí Gaeilge sin a chuireann ar a gcumas acu maireachtáil go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Táimid ag trácht ar sheirbhísí réamhscolaíochta ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal chomh maith le bheith in ann caidreamh a bheith agat le daoine ar na meáin shóisialta agus go bunúsach, rochtain a bheith agat ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhonn laethúil,” a dúirt sé.

Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú ar an 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, a chinntiú go gcuirtear feabhas ar an mbealach ina gcuirtear seirbhísí agus eolas ar fáil do phobal na Gaeilge, chomh maith le pobal an Bhéarla, ar fud oileán na hÉireann. Tá sé mar aidhm aige freisin earnáil atá níos inmharthana agus níos feidhmiúla a sholáthar, chomh maith le luach ar airgead níos fearr a chinntiú.

“Táimid sásta le leibhéal na rannpháirtíochta atá tar éis tarlú tríd an gcomhairliúchán uile,” a dúirt Ferdie. “Tá tuairimí éagsúla cloiste againn agus tá roinnt aighneachtaí faighte againn agus cuirfear le chéile iad chun go mbeimid in ann machnamh a dhéanamh orthu. Tuigimid nach próiseas éasca é atheagrú a dhéanamh ar an earnáil seo ach tá sé soiléir go bhfuil na heagraíochtaí agus an pobal ag iarraidh teacht ar réiteach don todhchaí chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge,” a dúirt sé.

COMHSTRAITÉIS UILE-ÉIREANN DON TEANGA

Glacadh d'aon ghuth leis an rún go mba chóir don dá Rialtas comhstraitéis ghníomhach uile-Éireann don Ghaeilge a aontú tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh - Theas (CATT) ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012 san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir.

Mhol Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán ath-thofa Chonradh na Gaeilge: "Ba chóir don dá Rialtas tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas comhstraitéis ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge a aontú a chuimseodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas agus an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh. Le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an gcomhstraitéis agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist, creideann Conradh na Gaeilge go mba chóir don CATT Aonad Pleanála Uile-Éireann a bhunú leis an gComhstraitéis a stiúradh le hionadaíocht ón bpobal agus ó na húdaráis."

Bhí breis agus 150 duine i láthair ag Ard-Fheis an Chonartha um dheireadh seachtaine (30 Márta - 1 Aibreán 2012), idir theachtaí eagraíochta, Theachtaí Dála agus Sheanadóirí, aoi-chainteoirí, bhaill den phobal, agus imreoirí Fhéile Pheile na nGael arna eagrú ag craobh Na Gaeil Óga CLG, an chéad chomórtas peile seachtar-an-taobh a reáchtáladh mar chuid de chlár na hArd-Fheise.

Bhí idir shiamsaíocht, cheardlanna traenála, chruinnithe agus phlé tábhachtach i dtaca le rúin a leagann clár oibre Chonradh na Gaeilge amach don bhliain atá le teacht ar siúl ag an Ard-Fheis. Thug Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir 7 Lá; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an-léargas don slua a thionól san Auburn Lodge do Chaint na hArd-Fheise oíche Aoine (30 Márta 2012), agus ghlac teachtaí ón urlár páirt ghníomhach sa phlé ar an téama Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge i ndiaidh na gcainteanna chomh maith.

Ba é Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhíchíl Uí Chiosóig agus bainisteoir na foirne CLG Éire Óg a bhuaigh chéad chomórtas peile na hArd-Fheise, a thug an chaint spreagúil a dhúisigh teachtaí Chonradh na Gaeilge maidin Shathairn (31 Márta 2012) agus a d'ullmhaigh Ard-Fheis 2012 chun na hoibre i ndiaidh an bhricfeasta. Lean gnáth-ghnó na hArd-Fheise a chuid cainte agus bhí plé bríomhar ar rúin a chuimsigh gach réimse den teanga sa phobal, ina measc cúrsaí oideachais agus oiliúna, reachtaíocht teanga ó thuaidh agus Bille Gaeltachta ó dheas, seirbhísí Gaeilge, pleanáil teanga agus ceist na scoileanna beaga.

Thug na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha - lena n-áirítear An Coimisiún Le Rincí Gaelacha, Clódhanna Teoranta, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, agus Seachtain na Gaeilge - tuairiscí don Ard-Fheis roimh lón agus lean Comhdháil na Gaeilge d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) um thráthnóna. Bhí ceardlanna traenála i gcúrsaí cumarsáide, teicneolaíochta, pleanáil teanga, eagrú imeachtaí agus eile ar siúl do chraobhacha agus do bhaill aonair san Auburn Lodge, fad agus a cuireadh tús le Féile Pheile na nGael 2012 i bPáirc Uí Laoi ó 2.00 - 5.00in. D'imir ceithre fhoireann i sraith pheile na hArd-Fheise i mbliana: Na Gaeil Óga CLG ó Bhaile Átha Cliath; na foirne áitiúla ó Inis, Cumann na mBratach agus Éire Óg; mar aon le foireann Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, Co. Dhoire, a thaisteal breis agus 350 ciliméadar le páirt a ghlacadh i gcomórtas peile agus gnó Ard-Fheise Chonradh na Gaeilge um dheireadh seachtaine. Buíochas leo ar fad!