Aibreán
2012
Clic-Pic don Scéal
Agallamh Na Míosa
Eoghan beo beathach agus clár á dhéanamh ag Raidió Fáilte ó Stormont le linn Fhéile Pádraig na bliana seo.

Eiseamláir den sórt duine, idir óg agus níos sine, a mhúnlaigh meanmna agus saol na Gaeilge i mBéal Feirste é Eoghan Ó Néill. Scríbhneoir, craoltóir, gníomhaí, ach thar sin uile, é fuinte agus fáiscthe i meon sin ‘Tabhair Faoi’ a fhágann a bheo-rian ar chultúr na cathrach Cois Cuan i gcónaí. Meanmna a chothaigh buanú sonrach institiúidí amhail Gaeltacht agus Bunscoil Bhóthar Seoighe, an Chultúrlann, naíonraí, Gaelscoileanna agus Coláiste Feirste, Raidió Fáilte, compántas drámaíochta Aisling Ghéar, Rannóg Gaeilge i mBBC Thuaisceart Éireann agus athchoiriú iomlán Chumann Chluain Ard. Ionad an Chumainn inar tumadh go leor de na daoine, idir fhir agus mhná óga, i dteanga agus i gcultúr na teanga. Ná fágaimis ar lár an nuachtán seachtainiúil Preas an Phobail agus an t-éacht iarracht chun nuachtán Gaeilge laethúil, LÁ, a bhunú a mhair 24 de bhlianta. Fillfimid ar ghnéithe de na tionscadail seo ar ball.

Is ar Shráid Liosain i gceantar Bhóthar na bhFál a mhair agus a thóg Laurence agus Kathleen O’Neill a seachtar clainne, cúigear buachaillí agus beirt chailíní, Eoghan i lár na baicle. Saol teaghlaigh beo bríomhar agus, a deir Eoghan, a dhaid agus a mham i gcónaí mar dhaoine óga ina measc. Ní raibh Kathleen ach ocht mbliana déag nuair a saolaíodh an chéad chloigeann dá muirear. Níor cailleadh Kathleen ach cúpla mí ó shin agus is cinnte gur bhuille trom dóibh go léir é. “Bhí an bheirt acu go hiomlán laistiar de gach ar thóg muid idir lámha sa saol,” a deir sé, “agus bródúil asainn.” Ní raibh Gaeilge á labhairt sa teach agus sílim gur thuill suim agus saothrú na teanga ag Eoghan bród speisialta iontu uile.

Setanta a chéadspreag Eoghan i dtreo na teanga agus é ag freastal Bhunscoil na mBráthar, Naomh Finian, ar Bhóthar na bhFál. D’aithriseodh an Bráthair an scéal uile de réir a chéile mar shaghas ‘thriller’ beo agus an dalta Eoghan cinnte ag fanacht go fiosrach leis an chéad mhír eile ó lá go lá. Gerry Adams mar chomhdhalta aige anseo.

Tháinig faoi anáil leithéidí Phádraig Uí Mhaoilchraoibhe, Mhichíl Uí Fhlannagáin, Mháirtín Uí Mhuilleoir agus Ghearóid Uí Chairealláin agus é ag freastal Mheánscoil Mhuire, Bóthar an Ghleanna.

D’fhreastail se Ollscoil Uladh ar ball agus bhain céim amach sa Pholaitíocht agus Stair. Dúil mhór ag an stócach óg sa pholaitíocht agus nach raibh an stair féin á cruthú i gcúrsaí polaitíochta a linne féin i mBéal Feirste!

Suimiúil go maith, is í an teanga féin - na fuaimeanna, a rithimí agus a snastacht - ba mhó suim leis gur thosaigh sé ag ‘freastal scoile’ Chumann Chluain Ard! Anseo a músclaíodh a shuim sa Ghaeilge mar nasc beo pobail ag fathaigh amhail Alf Ó Muirí, Liam Mac Carráin, Liam Dubh MacAnna agus Albert Fry. Luann sé Tomás Ó hEanán go háirithe.

Eachtra eile a chuir casadh ina shaol céadfoilsiú LÁ sa bhliain 1981 agus go raibh Gearóid Ó Cairealláin á dháileadh sa Chumann. Chonaic Eoghan go raibh bearna bhán ar leathanach agus chuir seo ar a shúile do Ghearóid. “Cén fáth nach líonfá í?” a fhreagra siúd, agus bhí Eoghan le dhá scór agus ceithre bliana a chaitheamh ag ‘lionadh spásanna’, agus ag scaipeadh LÁ i gcomhar le Gearóid, Áine Nic Gearailt agus scata de dhíograiseoirí eile.

Seans gur cuimhin libh Eoghan agus Gearóid i mbun feachtas cnuasaithe airgid nuair a dódh an chlólann a bhí lonnaithe san Ardscoil agus gur loisceadh an trealamh clódóireachta uile sa bhliain 1986. Rinneadar turas rothaíochta na hÉireann agus bhailigh cnapshuim maith a dhóthain go raibh LÁ féin ar ais ar bhóithre léitheoireachta laethúla na hÉireann gan rómhoill.

Bhain Eoghan MA Onóracha den chéad ghrád amach ar chúrsa páirtaimseartha dhá bhliain in Irish Language Translation in Ollscoil na Banríona sa bhliain 2008. Bhí ag obair go dícheallach ag an am ach níor chaill oiread is léacht ná níor chlis i soláthar aon tionscadail a bhain leis an chúrsa toisc fheabhas na léachtóirí, An Dr. Dónal Ó Baoill agus Charlie Dillon. Saibhriú na teanga dó gan aon agó a chuir, sílim, go mór lena thuiscint do fhréamhluach na Gaeilge do mhuintir na hÉireann, ainneoin iad a bheith dall cuid mhaith air seo.

Léiríodh dráma dá chuid, Úr Te Bruite, a bhí scríofa le tamall maith roimhe sin aige, sa Chultúrlann sa bhliain 2002 agus thaistil an compántas Aisling Ghéar na tíre á léiriú. Léargas íogair go maith mar ba é téama an dráma go bhféadfadh Poblachtánach agus é ina Ardmhéara ar Bhéal Feirste a bheith gafa le caimiléireacht ainneoin a chúlra phrionsabálta. Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht seo nuair a bhain leithéidí Alex Maskey, Niall Ó Donnghaile agus Tom Hartley an gradam seo amach ar ball.

Idir na blianta 2003 agus 2008, d’oibrigh sé mar thaighdeoir/léirítheoir le comhlacht scannáin Aisling Ghéar go ndearnadar cláir teilifíse do TG4. Ina measc rinneadh cláir ar an éacht misnigh, Atógáil Shráid Bombay, ag Séamus de Napier agus a chairde, agus ceann ar shaol agus shaothair Thomáis Uí Fhiaich. D’aimsíodar Danny Ó Flatherty, a raibh béar aige in New Orleans, tar éis gur scrios Speirling Katrina an chathair gur tugadh dúinn beochuntas ‘ar an spota’ i nGaeilge ar an uafás

Le linn na tréimhse céanna, bhí Eoghan ina léirítheoir/láithreoir le Blas, clár Gaeilge BBC Raidió Uladh. Arís bhí se i gcomhluadar bríomhar cruthaitheach na glúine nua Gaeilge - leithéidí Ciaran Ó hEigeartaigh, ar dheis dílis Dé go raibh sé, Antaine Ó Donnghaile, Lynette Fay agus Karen Kirby.

Ó shin tá Eoghan gafa mar chraoltóir le Raidió Fáilte - www.raideofailte.com agus mar Eagarthóir ar Nuacht24 - www.nuacht24.com atá ag craoladh 24 uair in aghaidh an lae ar líne. Tá an ghné dhomhanda seo imithe go mór i bhfeidhm air. Ní aon ionadh é seo mar, ainneoin gur i mBéal Feirste agus i measc pobal bheag a múnlaíodh saothrú na Gaeilge dó, tuigeadh gur as an síol a bhí á scaipeadh go bhfásfadh mórthoradh. Anois, de bharr na teicneolaíochta nua, is féidir go bhfuil an teanga ina nasc do phobail dhomhanda. Ní féidir ach go neartaítear na fréamhacha abhus de bharr na cumarsáide seo is leithne. Comhartha seo an líon de dhaoine óga atá á saothrú, dar leis, agus iad muiníneach astu féin agus as an teanga atá athshealbhaithe acu.

Mar iriseoir sna meáin scríofa soláthraíonn sé ábhar go rialta do Gaelscéal.

Cleití cinnte ina chaipín féin an dá ghradam mar Iriseoir na Bliana a bronnadh air ag Oireachtas na Gaeilge i 2009 agus i 2011. Tuigtear dó gur le mórmheas i gcónaí a bhronnann comhghleacaithe agus a phobal féin gradam dá leithéid ar dhuine.

Fear mór taistil é Eoghan fosta agus is ansa leis ar fad tíortha agus cultúir na hEorpa. Greim aige ar an Fhraincis agus an Spáinnis agus sílim go bhfuil cultúr na hIodáile tar éis ceol breise a chur lena anam. ‘Cnuasaíonn’ sé cathracha agus tá réimsí de thíortha oirthear na hEorpa amhail an Bhoisnia, an Chróit agus an Pholainn siúlta agus ‘bailithe’ aige.

Dá bharr sin foilsíodh dhá leabhar taistil dá chuid ag Coiscéim –‘Cathracha’ sa bhliain 2007 agus ‘Cathracha i gCéin is i gCóngar’ sa bhlain 2011.

Tá Eoghan Ó Neill lánghafa le Raidió Fáilte agus le Nuacht 24. Tá, dar leis, féidearthachtaí iontacha curtha ar fáil do saothraithe na Gaeilge ag teicneolaíocht nua na cumarsáide agus iad ag forbairt i gcónaí. Mana dó, gan dabht, ‘Tabhair Faoi!’ agus d’fhéadfaí cur leis sin ‘Tapaigh gach Deis!’ Ná fanaimis, a deir sé, ar an chéad tuairisc oifigiúil nó páipéar bán ar an dteanga ach bí i lár aonaigh an lae inniu le do scéal, do theachtaireacht, d’fhianaise. Mar is dual do Ghael Feirsteach!

Bhfuil laochra ina shaol? Ní róthugtha don saghas ainmniúcháin seo atá sé ach tugann sé 100% do Ghearóid Ó Cairealláin, Seán Kelly, rothaí, agus do John Ging a bhí i mbun cúraimí fóirithinte thar ceann na Náisiún Aontaithe in Gaza. Chuir sé John faoi agallamh agus chuaigh meanma agus cur chuige daonna iar-oifigeach Arm na hÉireann i bhfeidhm go mór air.

Spléachadh anseo daoibh ar shaol, shaothar agus shaoithiúlacht Eoghain agus gan ach an leathchéad curtha de. Tuilleadh le teacht cinnte.

Eoghan Ó Néill: ‘Gaeilgeoirí na Seanchille?’

An raibh oiread Gaeilgeoirí i gceantar na Seanchille i mBéal Feirste in 1911 agus a bhí i gceantar na bhFál? Sin ceist a dhéantar a iniúchadh sa chéad chlár de shraith de 7 gclár atá le craoladh ar Raidió Fáilte 107fm sna míonna beaga amach romhainn. Déanann an tsraith, ‘Samhlaigh sin’ atá á ullmhú mar chuid de ‘10 mbliain an Chomórtha – 1912-23’, déanfaidh sí iarracht léargas nua a thabhairt dúinn ar an ghaol idir Protastúnaigh Bhéal Feirste agus an Ghaeilge. Tá an tsraith á déanamh le cabhair ón Chomhairle um Chaidreamh Pobail, i gcomhar le Chiste Oidhreacht an Chrannchuir, Tuaisceart Éireann. Tá an chéad chlár faoi Ghaeilgeoirí na Seanchille? le fáil mar phodcast ag www.raidiofailtearis.com nó ar www.raidiofailte.com Chun níos mó eolais a fháil faoinár sraith ar an téama, ‘Marking Anniversaries Remembering the Future’, déan teagmháil linn ag Raidió Fáilte 028 9031 0013 oifig@raidiofailte.com

Eoghan Ó Néill